Fuair Trump coláiste agus péire. Cén scoil a bhí ar Cholm de Bhailís?

Ag Donald Trump atá an mámh mór anois agus mura mbeidh tráchtairí cúramach ina gcuid cainte, tiocfaidh Trump eile ina dhiaidh..

Fuair Trump coláiste agus péire. Cén scoil a bhí ar Cholm de Bhailís?

Tá gamal eile ina uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus gan d’údar agam lena leithéid a rá ach scéal scéil agus míreanna beaga a léigh nó a chuala mé faoi ghníomhartha, meon agus ráitis an fhir seo. Roghnaigh Meiriceánaigh é faoin gcóras rialtais s’acu féin agus a chonách sin orthu. Níl mise ina dhiaidh orthu mar is minic cion againn féin ar ainbhiosáin thútacha.

Rud eile ar fad is mó a chuir múisiam orm faoin gcaint uilig faoin toghchán thall. Bhí píoblach ar thráchtairí is saineolaithe ag míniú dúinn gurb iad an dream nach bhfuair oideachas ba chionsiocair le toradh an toghcháin.

Caint mhístuama mhíchruinn í sin a léiríonn go gléineach nach ionann scoil is oideachas. Fuair Donald Trump coláiste agus péire, fiú a ollscoil féin ann lena mhála cleas a roinnt lena chuid scoláirí ar phinginí maithe. Is léir gur fhoghlaim sé go leor faoi chruinniú airgid, faoi dhlíthe na féimheachta agus faoi chloí do namhad sna coláistí sin. Ach an oideachas é sin?

Go bhfios domsa an ceart, an comhionannas agus forbairt an spioraid ba mhó i gceist ag Plato leis an oideachas agus ní cosúil go raibh siad sin ar an siollabas a lean Trump sna coláistí nó má bhí, theip air iad a thabhairt leis.

Níor chuala mise aon duine de mo mhuintir riamh ag déanamh an dearmaid sin. ‘Fuair sé scoil. Bhí foghlaim na leabhar air. Ní raibh sí lá taobh istigh de dhoras na scoile riamh. Is fánach an scoil a fuair sí,’ a deirtí.

Thuig na daoine sin uaisleacht is stuaim an oideachais. In áit aithris ceann ar aghaidh a dhéanamh ar chabairí an Bhéarla, cloíodh muid le heagna ár dteanga agus ár meon féin agus ná déanaimis oideachas den scoil.

Polasaí oideachais don chainteoir dúchais Gaeilge ar na bacáin, más fíor, agus dream óg cumasach na Gaeltachta ag déanamh na hArdteiste i mbliana ag tabhairt cur síos ar phictiúir, ag déanamh anailíse ar Cáca Milis nó Subh Milis agus saíocht agus dúchas a muintire ceilte orthu.

Cén scoil a bhí ar Cholm de Bhailís, Joe Shéamuis Sheáin ná na scórtha cumadóirí den scoth eile  anseo i gConamara? Agus is amhlaidh an scéal i ngach paróiste in Éirinn. Breathnaigh an ceap magaidh a rinneadh den ghréasaí focal  Kavanagh lena linn féin. An bhféadfadh aon duine a mhaíomh gurbh é a chuid scolaíochta seachas an t-oideachas a fuair sé ar an gCnocán Glas a rinne fathach den Chadhnach?

Céard a d’fhoghlaim mise ón scolaíocht a fuair mise i gcúpla áras léinn? Ná ceistigh do chuid oidí. Scaoil ar ais a seanscéal féin acu. Bíodh an leabharliosta fada agus ag cloí le héirim is treoir an cheartaitheora. Bíodh an phoncaíocht cruinn agus bíodh do shaothar ceangailte go cóiriúil!  Caith uait seamsáin an bhaile agus ná bac leis an tseafóid sheanaimseartha sin faoi ‘ná bí bródúil as do bhrat’. Mura bhfuil agat ach pocán gabhair, bí i lár an aonaigh leis! Má bhíonn smaoineamh agat i d’óige, faigh gradam as ar pár agus féadfaidh tú bheith beo air sa saol poiblí tamall maith. Tabharfaidh sé ceadúnas duit a bheith ag fuarchaoineachán agus ag fiodmhagadh faoi bhádóirí, cumadóirí, ceardaithe, iascairí, fealsúnaithe is feirmeoirí agus go háirithe,  faoi dhaoine nach bhfuil pá ná post ann dá gcumas ná dá dtuiscintí i saol seo an mhargaidh dhomhandaithe agus a vótálann do bhromachán nach dtuigeann rialacha na daonnachta ná na cuibhiúlachta.

Ag Trump atá an mámh mór anois agus mura mbeidh tráchtairí cúramach ina gcuid cainte, le bearrán orthu, duine dá shliocht nó dá chineál a thiocfas ina dhiaidh.

Fág freagra ar 'Fuair Trump coláiste agus péire. Cén scoil a bhí ar Cholm de Bhailís?'