Le dhá oíche anuas, bhí sé deacair orm titim i mo chodladh. Na piléir a bhí á scaoileadh i bhfoisceacht dhá chéad méadar ó m’árasán ba chúis leis sin.
Tá cónaí orm i bhfoirgneamh ceithre stór a mheabhródh na blocanna árasán a sheas i Rathún na Gaillimhe fadó do dhuine nó na blocanna a sheasann fós ag Sráid Cuffe i lár Bhaile Átha Cliath. Tá an bloc árasán mar a bhfuil cónaí ormsa lonnaithe i gceantar de chuid an íseal-mheánaicme ar bharr cnoic i lár chathair Salvador, sa Bhrasaíl. Timpeall ar an gcnoc sin, ar thrí thaobh, tá ceantair atá chomh mór sin faoi mhíbhuntáiste go bhfuil fiú na háitritheoirí féin sásta an focal favela a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar a gceantar cónaithe.
Is i gceann de na ceantair seo ag bun an chnoic atá an scliúchas a thagann idir mé agus codladh na hoíche le dhá oíche anuas.
Tá buíonta drugaí éagsúla in adharca a chéile sa cheantar sin le fada an lá, ach mí ó shin, d’fhill dream a bhí imithe ón gcoimhlint le tamall ach a bhfuil cáil na brúidiúlachta orthu ar an áit. Theith roinnt daoine ón gceantar dá bharr, mo chomharsana nua béal dorais ina measc. Tá mac leo sna póilíní míleata agus mheasadar nach mbeadh sé sábháilte dóibh fanacht. Rinne an fear seo – an mac atá sna póilíní – gáire dóite nuair a chuala sé scliúchas na hoíche arú aréir. ‘Níor rith sé liom riamh go bhféadfaí gach uile shórt a chloisteáil anseo ag barr an chnoic freisin.’
Luím siar i mo leaba, mo shúile oscailte sa dorchadas, agus éistím le fuaimeanna na hoíche. Pléascthaí arda, tirime, géara: piléir á scaoileadh. Pléascthaí eile atá fíorchosúil leo ach atá ábhairín níos toille agus a mbíonn patrún paf-paf-paf-paf-paf… púf! ag baint leo: pléascóga tine atá á lasadh ag na buíonta drugaí chun callán a bpiléar a cheilt. Madraí ag tafann, scéin iontu. Ar ball, bonnáin charranna na bpóilíní.
Smaoiním ar Sarajevo, ar Grozny, ar chathracha eile a mbíodh scaoileadh urchar mar chuid den saol iontu tráth den saol. An bhfuil sé áiféiseach an choimhlint drugaí sa favela béal dorais a chur i gcomparáid le cogaí cathartha na mBalcán agus réigiún an Chugais? B’fhéidir go bhfuil. Ar lámh amháin, maraítear i bhfad níos mó daoine i bhforéigean drugaí na Brasaíle gach bliain ná mar a maraíodh i léigear Sarajevo, mar shampla. Ach ar an lámh eile, is maith atá a fhios agam nach bhfuil mo bheatha féin i mbaol: is féidir le duine siúl sall is anall idir an favela agus an ceantar ina bhfuil m’árasán gan aon bhac air, ach tá balla dofheicthe ann a choinníonn an chuid is mó den fhoréigean teoranta do na ceantair ag bun an chnoic.
Eascraíonn ceist mhorálta shuimiúil as sin. An ceadmhach domsa, ar an gcnoc, a bheith ag gearán nach bhfuilim in ann titim i mo chodladh nuair atá beatha daoine – agus duine de mo chairde is fearr ina measc – i mbaol dhá chéad méadar siar ó thuaidh uaim?
Ní hé go mbeadh ar mo chumas-sa a dhath a dhéanamh faoi, a deirim liom féin. Ar an drochuair, sin an tuairim atá ag formhór mór na mBrasaíleach faoi cheist an fhoréigin ina dtír agus sin an fáth nach bhfuil aon athrú ar líon na marbh (os cion caoga míle duine gach bliain) le nach mór dhá scór bliain.
Sula dtagaim ar fhreagra, tosaíonn báisteach throm. Báitear pléascadh na n-urchar i gclagarnach na díle tropaicí agus titeann néal orm.
Fearn
“Wow” mar a dúirt bean de Mhná na HÉireann tráth!