FUAIM: Éist le ‘Peig’, an guth sintéisithe nua a bheidh ag Gaeilgeoireacht ar an raidió!

Canúint Thír Chonaill atá ag ‘Peig’ ach i gCorcaigh is túisce a chloisfear ar an aer í

FUAIM: Éist le ‘Peig’, an guth sintéisithe nua a bheidh ag Gaeilgeoireacht ar an raidió!

‘Peig’ is ainm don ghuth sintéisithe nua a bheidh le cloisteáil go luath ag Gaeilgeoireacht ar an raidió, agus is féidir éisteacht anois léi.

Tá an guth sintéisithe atá ábalta Gaeilge a labhairt forbartha ag dream atá ag obair ar thionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh.

Grassroots Wavelengths is teideal den tionscnamh agus an comhlacht CereProc a chruthaigh an guth sintéisithe a bhfuil sampla de curtha ar fáil.

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh cuidiú le raidiónna áitiúla agus beidh an guth Gaeilge seo i gceannas ar mhíreanna áirithe ar stáisiún raidió i gCorcaigh. 

Maítear gurb é seo an chéad ghuth sintéisithe as Gaeilge atá ar fáil ar an margadh agus tuairiscíodh ar siliconrepublic.com nach fada go mbeidh an guth seo le cloisteáil ag Gaeilgeoireacht ar an raidió.

Ar raidió pobail ar an Oileán Mór in iardheisceart Chorcaí a chloisfear an teicneolaíocht téacs go teanga seo den chéad uair. 

Nuair nach mbeidh aon láithreoirí ar fáil sa stáisiún seo, cuirfidh an láithreoir digiteach caint ar fáil i mBéarla na hÉireann agus i nGaeilge.  

Canúint Thír Chonaill atá ag an nguth seo ach i gCorcaigh is túisce a chloisfear ar an aer í. 

Beidh ar lucht gnó agus trádála táille a íoc chun an teicneolaíocht seo a úsáid ach beidh sí ar fáil saor in aisce do chúrsaí pearsanta chun cuidiú le haon duine a bhfuil deacrachtaí cumarsáide acu labhairt go digiteach.

Fág freagra ar 'FUAIM: Éist le ‘Peig’, an guth sintéisithe nua a bheidh ag Gaeilgeoireacht ar an raidió!'

  • Preit

    Canúint Thír Chonaill!? Ní fíor! Aithris measartha ar chanúint Thír Chonaill, ach tá fuaimeanna/foghair bhunúsacha ag ‘cailín an ghutha’ nach bhfuil de réir canúint ar bith de chuid na Gaeilge. B’fhiú don lucht forbartha na bunaonaid foghraíochta (fóinéimeanna, an ea?) a chur i gceart sula dtuga siad faoi fhocail agus abairtí a shintéisiú.
    Ní dhéantar Lego le márla!