FUAIM: ‘An ‘Soldiers Song’? Níl saighdiúirí ar bith sa tír seo agus mná na hÉireann ag fáil bháis’ – Emma Mhic Mhathúna

Thug Emma Mhic Mhathúna duine den os cionn 200 bean a fuair torthaí tástála míchruinn agallamh coscrach inniu don Saol Ó Dheas faoin drochscéala a fuair sí inné go raibh an ailse atá uirthi scaipthe ar fud a coirp

FUAIM: ‘An ‘Soldiers Song’? Níl saighdiúirí ar bith sa tír seo agus mná na hÉireann ag fáil bháis’ – Emma Mhic Mhathúna

PICTIÚR: An Saol Ó Dheas/Twitter

Tá cur síos corraitheach déanta ag Emma Mhic Mhathúna ar an bhfearg agus briseadh croí atá á bhfulaingt aici ó fuair sí scéal go raibh sí ar dhuine de na mná ar tugadh torthaí tástála ailse míchearta dóibh.

Tá cás Emma Mhic Mhathúna go mór i mbéal an phobail le seachtain anuas ó cuireadh faoi agallamh í ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt seo caite.

Ag labhairt di le Helen Ní Shé ar an gclár céanna tráthnóna, labhair Emma, 37, a bhfuil cúigear clainne uirthi, faoin drochscéala a fuair sí inné go raibh an ailse atá uirthi scaipthe ar fud a coirp.

Labhair sí faoin gcaoi a raibh a saol lena páistí goidte uaithi, faoin imní a bhí uirthi faoina bhfuil i ndán dá clann agus faoin bhfearg atá uirthi gur theip lucht riartha na tíre – An Taoiseach, an tAire Sláinte agus an HSE – uirthi féin agus ar “iníonacha na hÉireann”.

Dúirt sí gurb é ‘The Soldiers’ Song’ an teideal Béarla ar an amhrán náisiúnta ach nach aon saighdiúirí atá i gceannas ar Éirinn ach ‘Teletubbies’.

“An Béarla d’Amhrán na bhFiann – ‘An Soldiers’ Song’ – ach níl aon saighdiúirí ag tabhairt aire don tír seo tá siad cosúil le Teletubbies – tá ainm nua agam don Taoiseach, Tony agus Simon – Dipsy, Laa-Laa agus Po, mar níl fhios acu céard atá siad ag déanamh ar chor ar bith.”

Cé gur tugadh le fios di in 2013 nach raibh aon ailse i muineál na broinne uirthi, fuair sí amach ag deireadh na míosa seo caite go raibh sí ar dhuine den os cionn 200 bean a fuair torthaí tástála míchruinn.

Ag labhairt di ar An Saol Ó Dheas inniu, dúirt Emma Mhic Mhathúna nár “gá” go mbeadh sí ag fáil bháis. Dá mbeadh an HSE “ag tabhairt aire” di in 2013 ní bheadh sí “ag caint” anois faoina “sochraid” ná faoina bhfuil i ndán dá leanaí.

Dúirt sí nach raibh aon duine de lucht riartha na tíre “ag seasamh suas” di ach iad ar fad “ag seasamh le chéile” agus gan aon duine acu sásta “freagracht” a ghlacadh as an méid a tharla di agus do na mná eile atá thíos le scannal CervicalCheck.

Níorbh aon fhaoiseamh di fiosrúchán a bheith bunaithe faoin scéal, a dúirt sí, agus d’impigh sí ar Uachtarán na hÉireann toghchán a ghairm. Ní fhéadfadh sí a bheith cinnte a dúirt sí go mbeadh a leanaí ag maireachtaint i “dtír shábháilte” nuair a gheobhadh sí bás.

Dúirt Emma Mhic Mhathúna, a bhfuil cónaí uirthi i gCorca Dhuibhne, go raibh sí ag iarraidh go bhfanfadh a leanaí i dteannta a chéile sa Ghaeltacht.

“Shuigh mé síos agus dúirt mé leo tá mé ag fáil bháis … Oisín, tá sé sé bliana d’aois, chuir sé ceist, an mbeidh mé ag teacht ar ais, ná téigh aon áit Mamaí, nach bhfuil grá agat domsa?  Ní thuigeann sé.

“Bhí orm an cheist uafásach a chur orthu – an bhfuil sibh ag iarraidh a bheith coimeádta le chéile …  Tá jab an-deacair agam anois mar tá cúigear leanaí agam agus cónaíonn m’athair i Sasana.   Tá sé an-deacair clann mhaith a fháil i gcomhair leanbh amháin, ach i gcomhair cúigear…” arsa Emma Mhic Mhathúna.

 

Fág freagra ar 'FUAIM: ‘An ‘Soldiers Song’? Níl saighdiúirí ar bith sa tír seo agus mná na hÉireann ag fáil bháis’ – Emma Mhic Mhathúna'