‘Frustrachas’ ar Kyne faoin moill ar Bhille Teanga ach é ‘ar bharr an liosta’

Tá an bille ar Acht na dTeangacha ar liosta tosaíochtaí an Rialtais ó thaobh reachtaíochta do sheisiún an tsamhraidh sa Dáil

‘Frustrachas’ ar Kyne faoin moill ar Bhille Teanga ach é ‘ar bharr an liosta’

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta go dtuigeann sé don ‘fhrustrachas’ atá ar an gCoimisinéir Teanga agus daoine eile maidir leis an moill fhada ar fhoilsiú na reachtaíochta nua chun an tAcht Teanga a láidriú, agus deir sé go bhfuil frustrachas air féin leis.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne sa Dáil inné go raibh sonraí i dtaobh an Bhille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla fós á bplé ag Roinn na Gaeltachta le hOifig an Ard-Aighne ach go raibh an reachtaíocht nua ar ‘bharr an liosta’ aige.

Tá os cionn seacht mbliana ann ó cuireadh próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha agus, idir an dá linn, gealladh go minic go bhfoilseofaí an reachtaíocht.

Tá an bille ar Acht na dTeangacha ar liosta tosaíochtaí an Rialtais ó thaobh reachtaíochta de do sheisiún an tsamhraidh sa Dáil.

Seán Kyne féin, ina ról mar Phríomh-Aoire, a d’fhógair an liosta le déanaí den 30 píosa reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an Rialtas dóibh as seo go dtí tús shos an tsamhraidh.

An reachtaíocht Bhreatimeachta an t-údar ba dhéanaí a tugadh leis an moill ar fhoilsiú na reachtaíochta, ach dúirt Kyne nach raibh an chonstaic sin níos mó ann.

“Ní bheidh mé ag cur an mhilleáin ar an mBreatimeacht as seo amach. Tá an obair sin críochnaithe anois ag na dréachtóirí agus ag Oifig an Ard-Aighne. Aontaím go bhfuil frustrachas ar dhaoine, an Coimisinéir Teanga san áireamh. Bhí mé i dteagmháil leis an tseachtain seo caite.

“Tá a fhios agam go bhfuil frustrachas ar Chathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, ar an Teachta Ó Snodaigh, agus ar urlabhraí gach uile pháirtí sa Teach seo agus sa Seanad. Tá frustrachas ar Chonradh na Gaeilge freisin. Tá frustrachas orm freisin ó thaobh na moille atá ar an mBille seo, ach tá a fhios agam go bhfuil na dréachtóirí agus feidhmeannaigh mo Roinne ag obair chun a chinntiú go mbeidh an Bille seo foilsithe roimh an samhradh,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne.

Chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh fainic ar an Aire Stáit nach ligfí a ghealltanas i ndearmad.

Beidh an Bille foilsithe roimh an samhradh. Mura bhfuil, beimid anuas air arís dá bharr. Bhí géarghá leis seo ón uair a tháinig an Bille ar an bhfód ar an gcéad dul síos. Ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga, tá daoine ag déanamh gearáin faoi easpa seirbhísí trí Ghaeilge gur chóir a bheith ann.

“Níl ról ag an gCoimisinéir Teanga maidir leis na gearáin sin so ní féidir leis iniúchadh a dhéanamh. Tá sé sin ráite aige arís i mbliana. Dúirt sé an rud céanna gach uile bhliain ó thosaigh a oifig ag foilsiú tuairiscí. Bíonn méid áirithe gearán nach mbíonn sé in ann déileáil leo. Sin an fáth go bhfuil frustrachas ann agus gur gá go mbeidh deifir ann chun é seo a fhoilsiú,” arsa urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.

Fág freagra ar '‘Frustrachas’ ar Kyne faoin moill ar Bhille Teanga ach é ‘ar bharr an liosta’'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní ghá fanacht ar an reachtaíocht. Nach féidir leis an Aire an reachtaíocht atá ann a usáid le eagraíochtaí poiblí nua a bunaíodh ó 2003, ar nós Uisce Éireann, a thabhairt isteach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla? Cén fáth nach ceist á chur ar an Aire Kyne faoi seo?

  • Mac an Mheiriceánaigh

    A Dhonncha, tá an ceart agat. Bhí mé i dteagmháil leis an gComisinéir maidir le ceist mar sin. Seo chugat an freagra a fuair mé:

    “is gá go mbeadh siad for-orduithe ag an Aire chun go dtabharfaí faoi scáth na reachtaíochta iad. Ceadaíonn an fhoráil áirithe seo don Aire eagraíochtaí a fhor-ordú má shásaíonn siad an critéir atá leagtha síos. D’fhéadfá, dá mba mhian leat, teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an ábhar.”
    “Ní dhearna an tAire for-ordú ar aon chomhlacht poiblí go dtí seo faoi an mhír sin den Acht.”

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Grianghraf gnaíúil agus gránna an gníomh.