Ní ‘leithscéal’ an Breatimeacht gan reachtaíocht Ghaeilge a bheith foilsithe

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar maidin nach raibh aon dul as ach foilsiú reachtaíocht teanga a chur siar, ach dúirt urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil nach aon leithscéal an Breatimeacht don mhoill fhada le foilsiú an bhille

Ní ‘leithscéal’ an Breatimeacht gan reachtaíocht Ghaeilge a bheith foilsithe

Breis is seacht mbliana ó cuireadh tús leis an bpróiseas chun leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha, is é an Breatimeacht an t-údar is déanaí leis an moill ar fhoilsiú na  reachtaíochta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne sa Dáil ar maidin gur trua leis nár éirigh lena Roinn an Bille teanga a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana seo caite, ach nach raibh aon dul as anois ach é a chur siar arís toisc tús áite a bheith á thabhairt do reachtaíocht Bhreatimeachta.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary go bhfuil an “an Ghaeilge agus an Ghaeltacht faoi bhrú” agus nach aon “leithscéal an Brexit” nuair ba chóir, dar leis, an bille a bheith foilsithe i bhfad roimhe seo.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne, atá ina Phríomh-Aoire ag an Rialtas chomh maith, go raibh an bille a bhfuil sé mar aidhm aige leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla “an-tábhachtach” ach nach raibh sí chomh tábhachtach leis an reachtaíocht a bhaineann leis an mBreatimeacht.

Níl ach sé phíosa reachtaíochta ar phríomhliosta reachtaíochta an Rialtais don tréimhse idir seo agus mí an Mhárta, an reachtaíocht éigeandála Breatimeachta ina measc.

Dúirt Kyne go raibh “dul chun cinn suntasach” déanta maidir le dréachtú bille leasaithe Acht na dTeangacha Oifigiúila. Gheall sé go bhfoilseofaí an bille “i bhfad, i bhfad roimh an Nollaig” agus go mbeadh sé ar an gcéad phríomhliosta reachtaíochta eile ag an Rialtas.

Tá os cionn seacht mbliana ann ó cuireadh próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha agus, idir an dá linn, gealladh go minic go bhfoilseofaí an reachtaíocht.

Ghlac an Rialtas i mí na Bealtaine 2017 ceannteidil an Bhille a bhfuil sé mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”. De réir na gceannteideal, chuirfí deireadh freisin le córas na scéimeanna teanga agus chuirfí córas nua ar bun maidir le hearcú daoine le Gaeilge sa státseirbhís.

Foilsíodh ceannteidil leasuithe eile in 2014, ach cuireadh go leataobh an dréachtreachtaíocht ina dhiaidh sin nuair a mhaígh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra gur bheag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill in 2017 go raibh “céim mhór chun cinn” i gceist leis na ceannteidil nua “le hais na gcinn a foilsíodh in 2014” agus chuir idir eagraíochtaí teanga agus pholaiteoirí an fhreasúra fáilte roimh an dréachtreachtaíocht.

Fág freagra ar 'Ní ‘leithscéal’ an Breatimeacht gan reachtaíocht Ghaeilge a bheith foilsithe'

  • Seán Mag Leannáin

    Mair a chapaill agus gheobhaidh tú féir.