Freagra ag Ciarraíoch ar an gceist mhór – cé acu is treise dúchas nó oiliúint?

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo freagraíonn Ciarraíoch an cheist mhór cé acu is treise dúchas nó oiliúint…

Freagra ag Ciarraíoch ar an gceist mhór – cé acu is treise dúchas nó oiliúint?

Bhí duine uasal ann uair amháin agus bhí dhá chat aige. Bhí na cait san traenáilte aige agus ba é an gnó a bhí acu gach lá ná breith ar pháideoga {solais} ar dhá cheann an bhoird an fhaid is a bhí an duine uasal ag caitheamh a bhricfeasta agus a shuipéir.

Bhíodh sé i gcónaí ag maíomh as na cait, chomh maith agus a bhíodar.

Tháinig fear go dtí an tigh lá agus bhí an port céanna á ghabháil ag an duine uasal —an dá chat iontacha a bhí aige. “Cogar,” arsa an fear eile, “cé acu is fearr an dúchas nó an oiliúint?”

“Is fearr an oiliúint,” ars’ an duine uasal. “Cuirfead geall leat nach fearr agus gur fearr an dúchas,” arsa an fear eile. Bhíodar ag argóint ar feadh tamaill agus sa deireadh chuireadar geall síos.

Chuaigh an fear amach agus tháinig isteach nuair a bhí an duine uasal ag caitheamh a shuipéir. Bhí na cait ansan ag dhá cheann an bhoird agus iad ag coimeád an tsolais don duine uasal. “Cé acu is fearr an dúchas nó an oiliúint?” ar seisean. “Is fearr an oiliúint,” arsa an duine uasal. “Féach ar na cait ansan mar atáid múinte agamsa,” ar seisean go huaibhreach. “Bhuel,” arsa an fear eile “ní fada go mbeidh a mhalairt le rá agat.”

D’oscail sé bosca beag a bhí ina phóca. Léim dhá luchín as an mbosca agus ritheadar trasna an urláir. Siúd na cait ag rith ina ndiaidh. D’fhág na páideoga caite ar an mbord agus ní fada go raibh an bheirt fhear sa doircheacht.

“Is fearr an dúchas ná an oiliúint,” arsa an duine uasal go brónach.

Seán Ó Gribhthín, An Fhothrach Mhór, Lios Póil, Contae Chiarraí a fuair an scéal seo óna athair Séamus (75)

Fág freagra ar 'Freagra ag Ciarraíoch ar an gceist mhór – cé acu is treise dúchas nó oiliúint?'