Frank Prendergast 1933 – 2015 – cara dílis, fear lách agus íocón de chuid chathair Luimní

Bhí Frank Prendergast, a cailleadh le déanaí, ar dhuine de phríomhphearsana Luimnigh le leathchéad bliain anuas

000a3208-642

Íocón de chuid chathair Luimnigh í Páirc Thuamhan, dúnfort an rugbaí i gCúige Mumhan, is cuma cén bóthar a ghlacann tú chun na cathrach sin. Íocón eile na cathrach sin ab ea Proinsias de Priondargást, nó Frank Prendergast mar ab fhearr aithne air: ar dheis Dé go raibh a anam dílis. Fuair sé bás an tseachtain seo caite, é 81 bliain d’aois.

Go deimhin, d’fhreastail na mílte ar a shochraid tá cúpla lá ó shin.

Mar a d’oir d’fhear eolgaiseach cultúrtha a raibh stair a mhuintire agus stair na cathrach go beacht aige, ba i gceantar cáiliúil Gharraí Eoin a rugadh agus a tógadh Frank, an fearann céanna ar ainmníodh an sainchic rugbaí iomráiteach a chleachtar anois ar fud an domhain. An chéad uair a bhuail mé leis, mhínigh sé cúrsaí rugbaí Luimnigh dom (cluiche nach raibh cur amach dá laghad agam air.)

Ba shár-reacaire é, fear a raibh scéalta faoi na seanfhaltanais a bhíonn go seasta síoraí idir lucht rugbaí Luimnigh – Garryowen agus Young Munsters agus Shannon, gan ach trí chlub a lua. Bhí an iomaíocht chomh géar sin sa seanam go mbíodh ar chéile nua a bhí ar tí pósadh slán iomlán a fhágáil lena theaghlach sínte go minic, má bhí faoi socrú síos le duine ón “dream eile,” (is é sin duine ó lucht leanúna foireann rugbaí eile.).

Ba bháicéirí iad muintir Prendergast san am atá thart agus ba é sin an ghairm a chleacht Frank féin tar éis dó críochnú lena laethanta scoile leis na Bráithre Críostaí i Luimneach. Go deimhin, seans gurbh é an ghairm sin a thug air spéis a chur sna cheardchumainn agus i gcúinsí oibre agus sóisialta an lucht oibre an chéad lá riamh agus a tharraing isteach sa pholaitíocht níos moille é.

Idir 1967 agus 1970 d’fheidhmigh sé mar Uachtarán Ginearálta ar Chumann Báicéirí agus Milseánacha na hÉireann. Bhí an ceardchumannachas ar na paisin ba mhó a spreag é mar ar chaith sé ionann is scór blianta, 1973-1990, ina oifigeach sinsearach lánaimseartha de chuid an ITGWU do Luimneach, an Clár agus Tiobraid Árann; ina dhiaidh sin arís, le SIPTU idir 1990 agus 1993.

Ba chathair é Luimneach a raibh an radacachas agus an Sóisialachas luaite go dlúth leis ó thús an chéid agus go háirithe tar éis na tréimhse corraithí sin ar tugadh the “Limerick Soviet” uirthi sa bhliain 1919. Chuaigh Frank leis an bpolaitíocht ar bhonn áitiúil ar dtús, é tofa mar bhall de Bhardas Luimnigh ó 1974 go 1999 thar ceann an Lucht Oibre;  agus ina dhiaidh sin mar bhall tofa de Bhardas Luimnigh ar feadh beagnach 25 bliain – idir na blianta 1974 agus 1999. Sheas Frank ar bhonn náisiúnta in Olltoghchán na bliana 1981, agus Michael Lipper (fear a bhí tofa ina Theachta Dála cheana féin roimhe seo) mar chomhbhádóir aige ach níor éirigh le ceachtar acu suíochán a bhaint amach.

Aisteach le rá, ba Luimníoch eile, an Sóisialach Neamhspleách Jim Kemmy a fuair an ceann is fearr orthu beirt an tráth sin. Ba é Prendergast an t-aon iarrthóir ar shon an Lucht Oibre sa dara hOlltoghchán a tiomsaíodh san fhómhar, 1982, agus d’éirigh leis an suíochán a bhaint amach. Ba mhinic a d’insíodh sé scéal agus é ag leathgháire, faoin tslí a ndearna Charlie Haughey comhghairdeas leis tar éis dó a chéad óráid Dála riamh a thabhairt.

B’in an uair dheireanach a sheas Prendergast mar iarrthóir ar son Pháirtí an Lucht Oibre ar bhonn náisiúnta. Sa bhliain 1990 rinneadh cónascadh idir páirtí Kemmy agus an Lucht Oibre i Luimneach ach bhí an bheirt fhear i dteannta a chéile ar Chomhairle Cathrach Luimnigh ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin. Léiriú ar an ómós mór a bhí ag lucht polaitíochta Luimnigh – is cuma cén eite pholaitiúil ar bhain siad léi – is ea gur toghadh Frank Prendergast faoi dhó mar Mhéara Luimnigh.

Ba oibrí dhícheallach é Frank agus anuas ar a dhualgais pholaitíochta agus clainne (bhí sé pósta ar Mary agus triúr clainne orthu), scríobh sé leabhar staire ar shaol an lucht oibre i gcathair Luimnigh chomh maith le colún seachtainiúil i nGaeilge don Limerick Leader. Thairis sin, scríobh sé ailt don nuachtán náisiúnta Gaeilge Anois ar feadh ceithre bliana sna nóchaidí luatha, ailt a cuimsíodh i bhfoirm leabhar dar teideal Dála an Scéil, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2003.

Bhí paisean faoi leith i gcónaí riamh ag Frank don Ghaeilge agus ba mhinic é le clos ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4. Ba fhear é a bhí an-bhródúil as Luimneach agus spéis faoi leith aige i gcúrsaí oideachais d’óg is d’aosta) ar feadh a shaoil. Bhain sé MA sa Chaidreamh Poiblí amach in Ollscoil Keele, i Sasana. Oibrí fuinniúil ab ea Frank, cara dílis, fear lách, nár theip ar a mhuintir riamh. Ar dheis Dé go raibh sé.

 

Fág freagra ar 'Frank Prendergast 1933 – 2015 – cara dílis, fear lách agus íocón de chuid chathair Luimní'