FORÓGRA 2016: Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart bhaincéirí an domhain chun seilbh na hÉireann…

Táthar ag iarraidh ar dhaltaí scoileanna na tíre leagan nua d’Fhórógra na Cásca a bhreacadh. Ghlac ár gcolúnaí leis an dúshlán chomh maith

FORÓGRA 2016: Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart bhaincéirí an domhain chun seilbh na hÉireann…

Proclomation

 

RIALTAS Slítheánta

NeamhPHOBLACHT NA hÉIREANN

DO MHUINTIR NA hÉIREANN a aontaíonn linne.

 

A FHEARA AGUS A MHNÁ NA hÉIREANN: in ainm  agus in ainm na nglún a chuaigh romhainn ar a n-áirímid sliocht Chromail, an RIC, na ndubhchchrónach, na B Specials agus go speisialta ár seanchairde i bpálás Buckingham óna bhfuaireamar ár n-oiliúint mar neamhnáisiún, tá Éire, trínne, ag gairm a clainne faoina bratach agus ag bualadh buille ar son saoirse bhaincéirí ar fud an domhain.

Tar éis dúinn eagar agus oiliúint a chur ar ár gcuid fear trí mheán na heagraíochta neamhréabhlóidí rúnda, Bráithreachas an tSeoiníneachais, agus trí mheán a heagraíochtaí athchoilínithe rúnda, Fine Gael, Fianna Fáil, Lucht Oibre, PDanna, Sinn Féinithe agus Glasaigh, tar éis dúinn féinsmacht a sheachaint go foighneach, tar éis dúinn fanacht go seasmhach le teacht an lae chirt, beirimid anois ar an bhfaill agus, le cabhair ónár gclann atá díbeartha againn ar deoraíocht, agus ónár gcomhghuaillithe calma san ECB agus sa nGearmáin, ach ag brath sa chéad áit ar ár muineál féin, buailfidh muid buille eile ar an gcosmhuintir a íocfas arís as ár bhflaisceáil.

Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart bhaincéirí an domhain chun seilbh na hÉireann agus chun dála na hÉireann a stiúradh gan srian. Níor chealaigh an forlámhas a d’imir cine agus rialtas Fianna Fáileach ar feadh i bhfad an ceart sin, ná ní féidir é a chealú go deo ach amháin trí dhíothú mhuintir na hÉireann agus tógfaidh sé sin tamall eile.

I ngach glúin, dhearbhaigh muintir na hÉireann a gceart chun daoirse agus tréigean an náisiúin: agus níl an ghlúin seo chun an traidisiún sin a shéanadh. Ag seasamh dúinn ar an gceart bunúsach sin agus á dhearbhú arís le bród os comhair an tsaoil, fógraímid leis seo Neamhphoblacht na hÉireann mar Stát Slítheánta Spleách, agus cuirimid ár n-ainm féin agus allas na cosmhuintire chun comhraic i ngeall lena saoirse agus lena leas agus lena móradh i measc na náisiún sin ar mór againn a ndrochmheas.

Tá ceart ag Neamhphoblacht na hÉireann ar dhílseacht fhir agus mhná na hÉireann agus éilíonn sí an dílseacht sin fiú má dhéanaimid cocstí den áit..

Ráthaíonn an Neamhphoblacht saoirse chreidimh agus saoirse shibhialta, cearta cothroma agus deiseanna cothroma don uile shaoránach meánaicmeach a mbíonn bóna bán air agus é ag goid, agus fógraíonn sí gur rún di sonas agus séan an náisiúin uile chomh fada agus go n-aontaíonn siad linne go hiomlán agus muid chomh ceanúil céanna ar chlann uile an náisiúin chomh fada agus nach n-éilíonn siad cearta teanga agus comhionnanais, uisce saor in aisce agus scoileanna do ghasúir faoi mhíchumas, agus muid go cúramach ag deighilt an mhionlaigh ón móramh dalba, neamhbhuíoch.

Go mbeidh uain chaoithiúil againn le haghaidh bunú Rialtais Fine Gaelach-Rénuach buan a bheidh ionadaíoch de sheoiníní uile na hÉireann a aontaíonn linne agus a thoghfar le vótaí a cuid fear agus ban uile, riarfaidh an Rialtas Sabhsáilte a bhunaítear leis seo gnóthaí neamhshibhialta agus airgeadais na Poblachta ar neamh-iontaobhas an phobail.

Cuirimid cúis Neamphoblacht na hÉireann faoi choimirce Dhia Mór na Bruiséile agus impímid a beannacht ar ár scéiméireacht, agus tá a fhios againn go rímhaith nach dtarraingeoidh aon duine i seirbhís na cúise sin onóir uirthi le misneach, le daonnacht ná le huaisleacht.

In uair seo na cinniúna, ní foláir do chosmhuintir na hÉireann, trína misneach agus a ndea-iompar, agus trí thoil a clainne iad féin a íobairt ar son leas bhaincéirí an domhain, go dtuillfidh sí an réim mar an maidrín lathaí is dán di.

Arna shíniú thar ceann an Rialtais Shlítheánta

 

Fág freagra ar 'FORÓGRA 2016: Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart bhaincéirí an domhain chun seilbh na hÉireann…'

  • Fearn

    Togha.

    Cá bhfuil Γιάνης Βαρουφάκης ( Ianas Bharúfácaes ) na hÉireann?