Foras na Gaeilge fágtha gan Príomhfheidhmeannach buan agus maoiniú breise de dheasca sáinn Stormont

Tá Seán Ó Coinn ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach ar Fhoras na Gaeilge agus tá moill curtha freisin ar mhaoiniú breise a cheadú

Foras na Gaeilge fágtha gan Príomhfheidhmeannach buan agus maoiniú breise de dheasca sáinn Stormont

Is cosúil nach mbeidh Foras na Gaeilge in ann Príomhfheidhmeannach buan a cheapadh go dtí go mbeidh Tionól Stormont ag feidhmiú i gceart arís.

Tá an tsáinn pholaitiúil is deireanaí ó thuaidh ag cruthú deacrachtaí don eagraíocht trasteorann agus moill curtha chomh maith ar mhaoiniú breise a cheadú.

Cé gur fhógair Foras na Gaeilge folúntas do phost an Phríomhfheidhmeannaigh ag deireadh na bliana seo caite nuair a tháinig conradh Sheáin Uí Choinn chun críche, níor fógraíodh toradh an chomórtais sin go fóill.

Bhí Seán Ó Coinn féin istigh ar an bpost agus ba é tuairim na coitiantachta go n-athcheapfaí gan rómhoill é.

Thug Foras na Gaeilge le fios do Tuairisc an tseachtain seo go bhfuil an próiseas earcaíochta curtha i gcrích agus go bhfuil moladh don cheapachán curtha chuig an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT). Caithfidh CATT glacadh leis an moladh sula mbeifear in ann Príomhfheidhmeannach a cheapadh, ach ní thiocfaidh an chomhairle aireachta le chéile le chéile chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an moladh go dtí go n-athbhunófar Feidhmeannas Stormont.

Thug Foras na Gaeilge le fios go mbeidh Seán Ó Coinn ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach ar an eagraíocht idir an dá linn.

Ní raibh aon chruinniú ag CATT ó d’éirigh Paul Givan as mar Chéad-Aire mí Feabhra agus is beag seans go mbeidh Foras na Gaeilge in ann Príomhfheidhmeannach buan a dheimhniú go dtí go mbeidh toghcháin Stormont thart sa Bhealtaine ar a luaithe.

Tá an tsáinn i Stormont tar éis deacrachtaí a chruthú maidir le maoiniú breise a fógraíodh d’Fhoras na Gaeilge freisin.

D’fhógair an Rialtas ó dheas €700,000 breise don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – i mBuiséad 2022 ach ní féidir sin a bhronnadh ar an bhForas go dtí go mbeidh buiséad iomlán na n-eagraíochtaí aontaithe leis an Roinn Pobal ó thuaidh. San earrach a aontaíonn an Feidhmeannas ó thuaidh a bhuiséad.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil go raibh socrú beagnach aontaithe ag na ranna ó dheas agus ó thuaidh maidir leis an maoiniú breise a chuirfí ar fáil don Fhoras Teanga do 2022 ach nach bhféadfaí cinneadh a dhéanamh go dtí go mbeidh Stormont ag feidhmiú arís. 

Thug Chambers le fios go raibh buiséad bonnlíne €12,387,239 aontaithe cheana féin ag an dá Rialtas don Fhoras Teanga in 2022.

Dúirt an tAire Stáit cheana nach gcaillfear an €700,000 breise a gheall an Rialtas ó dheas fiú mura n-aontaíonn an Rialtas ó thuaidh maoiniú breise a chur ar fáil freisin. 

Dúirt sé go roinnfí an t-airgead breise ar earnáil na Gaeilge, rud atá déanta cheana ag an Rialtas agus maoiniú tugtha díreach acu d’eagraíochtaí teanga ar nós Chonradh na Gaeilge agus Glór na nGael.

Fág freagra ar 'Foras na Gaeilge fágtha gan Príomhfheidhmeannach buan agus maoiniú breise de dheasca sáinn Stormont'