#Foras20: Cló, cumarsáid agus claochlú…

ÁBHAR URRAITHE: Agus Foras na Gaeilge ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód leantar inniu leis an tsraith alt, atá urraithe ag an eagraíocht trasteorann, faoi ghnéithe éagsúla de chás na teanga le 20 bliain anuas. An geábh seo, an claochló atá tagtha ar na meáin Ghaeilge…

#Foras20: Cló, cumarsáid agus claochlú…

D’fhéadfá a mhaíomh ón uair a bunaíodh Foras na Gaeilge sa bhliain 1999 mar eagraíocht trasteorann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta go bhfuil cúrsaí na meán Gaeilge imithe i léig seachas a mhalairt. Cuireann daoine an milleán ar an bhForas, fiú. Sea, fuarthas réidh leis an maoiniú a bhíodh ar fáil do nuachtáin chlóite laethúla agus sheachtainiúla na Gaeilge. Ach, ar tháinig deireadh le smaointeoireacht, le machnamh nó le corr-alt conspóideach mar thoradh ar bhás na nuachtán clóite? Níor tháinig, ná baol air.

D’athraigh na meáin Ghaeilge. Faoi mar a d’athraigh siad i ngach aon tír agus i ngach aon teanga eile. Chlaochlaigh ár modhanna cumarsáide agus chlaochlaigh muid dá bharr. Bíodh agus nach dtaitníonn sé le gach duine, sin a tharla.

Tá, dar ndóigh, dúshláin ag baint lena leithéid d’athrú tapa, tá údarás an eagarthóra níos laige, tá sé fíordheacair fógraíocht a dhíol agus dá réir, is beag airgead a fhaigheann scríbhneoirí cumasacha. Tá foilseacháin náisiúnta agus idirnáisiúnta ag útamáil leis na féidearthachtaí íocaíochta atá ann a chinnteodh go bhfuil luach againne, mar léitheoirí ar na scéalta a fhoilsítear. Níl réiteach ann go fóill. Tugaim suntas dó go bhfuil an Irish Times tosnaithe ag cur ábhar áirithe taobh thiar de bhalla íocaíochta nó paywall. Go minic, is tuairimíocht láidir a bhíonn inti seo nó, colúin faoi chúrsaí collaíochta; is cosúil go bhfuil muintir na hÉireann sásta íoc as dhá rud, lón anama nó leathar.

Díol spéise dom go bhfuil níos mó ban ag obair i réimse na hiriseoireachta ná mar a bhíodh le linn tréimhse órga an nuachtáin chlóite. Is maith liom go bhfuil iriseoirí ban ag treabhadh an ghoirt, mar a bhí fearaibh na hÉireann le fada an lá. Ná déanaimis dearmad, áfach, nach raibh an gort cothrom nuair a bhíodh nuachtán laethúil i bhformhór na dtithe sa tír seo ach oiread. Ní bhíodh glór na mban, a scéalta nó a meon i dtaobh shochaí na Éireann, san áireamh i bpríomhdhioscúrsa na nuachtán sin ach é teoranta go hoidis, nó go colúin Chomhairleoir croí cráite.

Níl aon dabht ach gur uirlis éifeachtach iad na meáin dhigiteacha, go háirithe na meáin shóisialta le do ghlór a aimsiú agus a úsáid, mar a rinne mise. Mar go bhfuil rochtain againn ar fad nach mór ar ár meán féin, tá feabhas tagtha ar réimse na nglórtha a chloiseann muid. Ach, ná bíodh aon dul amú orainn, tá claonadh fós ann mná, muintir LADT agus iad siúd nach bhfuil craiceann geal orthu a cháineadh, a mhaslú agus ar deireadh, a bhalbhú, más féidir. Nach amhlaidh an scéal sa tír seo le fada an lá?

Tá athruithe suntasacha tarlaithe in Éirinn ó tháinig Foras na Gaeilge ar an saol, tá ról agus spás anois do ghlórtha nach raibh chomh soiléir nuair nach raibh againn ach cumarsáid chlóite. Léirigh taighde neart na nglórtha seo nuair a vótáil daoine ar son an dá mhór-reifreann a tharla le deich mbliana anuas; ar chearta comhionannas pósta agus ar chearta atáirgthe mar gheall ar scéalta pearsanta a léigh agus a chuala siad. Ualach acu siúd a tháinig faoi scáth na haischlibeanna #táforgrá agus #repealthe8th. Ní feachtas go haischlib, na laethanta seo.

Ní fada ó shin, gur ag eagarthóirí agus léiritheoirí a bhí an chumhacht maidir le scéal a insint. Dá réir, níor insíodh roinnt scéalta tábhachtacha.

Anois, is ar an idirlíon a thosaíonn ceannródaithe na cumarsáide agus bíonn ar eagarthóirí na meán traidisiúnta dul sa tóir orthusan, seachas a mhalairt. Tá an caidreamh cumhachta droim ar ais agus gura fad buan mar sin é mar go gcuireann sé le saibhreas cultúrtha agus cruthaitheachta na tíre. Ritheann údair liom a d’inis a scéal féin dúinn, Doireann Ní Ghríofa, Ciara Ní É agus Kneecap, mar shampla. Murach iad agus an misneach atá acu a nglórtha a úsáid, bheadh an saol níos duairce, níos uaigní, níos leimhe.

Ar ndóigh, tá taobh dorcha ann a chruthaíonn agus a chothaíonn cúrsaí cumarsáide comhaimseartha nach mór aghaidh a thabhairt air; easpa cosanta dóibh siúd a gcuirtear drochbhail orthu, mionlaigh, go minic, agus na ceisteanna a d’eascair as rás Uachtaránachta Mheiriceá, cur i gcás.

Is túisce tvuít ó Trump ná scéal inste ag aon nuachtán, ar m’fhocal, tuigeann an fear céanna cén chaoi le haird a tharraingt ar scéalta áirithe chun go mbainfí an aird ó scéalta eile. Cruthaíonn an taobh dorcha seo go bhfuil gá le comhlachtaí cumarsáide neodracha, a sheiceálann foinsí agus a chinntíonn cruinneas na nuachta.

Tá idir dheiseanna agus dúshláin ag baint leis an tírdhreach cumarsáide ina maireann muid ach, mar a léiríodh ón uair ar bunaíodh Foras na Gaeilge, níl aon rud greanta i gcloch. Claochlaímis.

#FORAS20: Láidreachtaí, laigí, deiseanna agus dúshláin – foilsitheoireacht na Gaeilge le 20 bliain

Fág freagra ar '#Foras20: Cló, cumarsáid agus claochlú…'