#FORAS20: Láidreachtaí, laigí, deiseanna agus dúshláin – foilsitheoireacht na Gaeilge le 20 bliain

ÁBHAR URRAITHE: Agus Foras na Gaeilge 20 bliain ar an bhfód inniu, cuirtear tús le sraith alt, atá urraithe ag an eagraíocht trasteorann, faoi ghnéithe éagsúla de chás na teanga le 20 bliain anuas. An geábh seo, foilsitheoireacht na Gaeilge atá faoi chaibidil…

#FORAS20: Láidreachtaí, laigí, deiseanna agus dúshláin – foilsitheoireacht na Gaeilge le 20 bliain

Róise Ni Dhonnagain, Thai Rosen agus Maya Rosen (ó 2008). Pictiúr: Leon Farrell RollingNews.ie

Sílim gur ábhar iontais agus ceiliúrtha an méid a baineadh amach sa tréimhse chinniúnach seo le fiche bliain anuas. In ainneoin na ndúshlán nua a chruthaigh an réabhlóid dhigiteach d’earnáil a bhí leochaileach riamh anall, agus in ainneoin éifeacht na géarchéime eacnamaíochta ba thromchúisí i stair an stáit, d’éirigh le tionscal na foilsitheoireachta Gaeilge soláthar rialta foilseachán ardchaighdeáin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge.

Ó thaobh na leabhar clóite de, ní hamháin gur ábhar maíte líon na dteideal nua atá á bhfoilsiú gach bliain anois (c.120-130), ach cinntíonn raon na leabhar Gaeilge atá i gcló (breis agus 2,500 teideal), agus líon na scríbhneoirí (breis agus 520 duine) go bhfuil rogha níos leithne ábhar agus seánraí léitheoireachta ar fáil do phobal na Gaeilge anois ná mar a bhí riamh, b’fhéidir, i stair na teanga.

Ar na forbairtí ba shuntasaí a tharla i réimse na leabhar clóite le fiche bliain anuas, tá an feabhas a tháinig ar chaighdeáin táirgthe na leabhar agus ar chúrsaí eagarthóireachta agus deartha go háirithe. Chomh maith leis sin, ghlac comhlachtaí freagracht as athchló a chur ar scothshaothair Ghaeilge a chéadfhoilsigh comhlachtaí eile. Tar éis shiléig na mblianta, mar shampla, tá mórshaothair scríbhneoirí ar nós Mháirtín Uí Chadhain agus Sheáin Uí Ríordáin ar fáil go héasca anois, agus eagráin nua á gcur ar fáil de réir mar is gá. Gníomhaíocht a chuidíonn le hathbheatha a thabhairt do na saothair sin is ea an comhoibriú idir foilsitheoirí, pobail agus scoláirí na Gaeilge in eagrú comhdhálacha, féilte liteartha agus ócáidí plé a chothaíonn athléamh criticiúil agus díospóireacht faoi chanóin na Gaeilge.

Tá cúram á dhéanamh ag foilsitheoirí don mhargaíocht idirnáisiúnta anois freisin, agus iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh clasaicí an fichiú haois agus saothair nuachumtha a chur ar an ardán domhanda trí mheán an aistriúcháin.

Tá rath leanúnach ar mhórthionscnaimh dhigiteacha na Gaeilge (ar nós tearma.ie, teanglann.ie, focloir.ie, logainm.ie, ainm.ie, duchas.ie), a bhuíochas sin don chomhoibriú gairmiúil a bhain lena mbunú, don mhaoiniú stáit a cuireadh ar fáil dóibh agus don bhainistiú éifeachtach a rinneadh orthu thar na blianta.

Tá na foilsitheoirí leabhar tar éis teacht i dtír ar an teicneolaíocht dhigiteach freisin tríd an margaíocht agus an díolaíocht ar líne, trí e-leabhair a fhoilsiú, agus trí acmhainní digiteacha fuaime a chruthú le cur leis an táirgeadh clóite. Ní haon ionadh gur ar líne, agus le cúnamh acmhainneacht na n-ilmheán digiteach, atá an club leabhar Gaeilge is rathúla go dtí seo ag feidhmiú.

Is dea-scéalta iad na scéalta seo ar fad.

Mar sin féin, déarfaidh comhlachtaí foilsitheoireachta leat go bhfuil an margadh do na sárleabhair a chuireann siad ar fáil fíorbheag. Luafar easpa scileanna litearthachta, easnaimh sa chóras oideachais, easpa airde agus feiceálachta, easpa láithreacha díolaíochta agus easpa léirmheastóireachta. Déarfar go bhfuiltear ag brath an iomarca ar léitheoirí scothaosta agus gur deacra ná riamh leabhair a dhíol le daoine óga nó le mic léinn. Tá fírinne áirithe sna pointí seo ar fad, ach níl anailís sách mion déanta go fóill ar aon cheann acu, dar liom. Léiríonn staitisticí úsáide na n-acmhainní digiteacha atá luaite agam thuas go bhfuil pobal líonmhar ann a bhfuil ardleibhéal litearthachta acu sa Ghaeilge agus feidhm rialta á baint acu aisti. Le go mbeadh rath ar earnáil na foilsitheoireachta, ba ghá go mbeadh gaol á chothú idir an litearthacht fheidhmiúil dhigiteach sin agus cleachtadh na litearthachta traidisiúnta.

D’fhéadfaí cur go mór le líon na léitheoirí oilte a bhainfeadh pléisiúr as an scéinséir cliste, as an sár-úrscéal staire, agus as an dialann fhileata taistil dá meallfaí lucht úsáide na bhfoinsí foclóra agus tagartha, gan trácht ar lucht éisteachta an tsean-nóis agus na lúibíní agus lucht féachana na ndrámaí agus na scannán Gaeilge, isteach ina líon. Sin é an dúshlán lárnach atá roimh an earnáil, dar liom.

Is gné ríthábhachtach de ghnó na foilsitheoireachta gné na margaíochta, agus creidim go bhfuil laigí móra ansin. Le go mbeidh léirmheasanna nuachtán nó agallaimh raidió nó teilifíse ann, tá gá le preasráitis chliste, ábhar poiblíochta snasta agus straitéis bhríomhar meán sóisialta, aistí achoimreacha, nótaí beathaisnéise, sonraí pearsanta teagmhála agus rochtana, cothú leanúnach teagmhálacha, i mbeagán focal, tá gá le mórán oibre.

Faoi mar atá an earnáil ag feidhmiú faoi láthair, is leis an bpróiseas táirgthe is mó a chaitear dua. Bítear i lár an aonaigh ag féilte agus ag tionóil, eagraítear seolta leabhar a bhíonn éifeachtach go leor ó thaobh díolaíochta de, ach thairis sin, is beag margaíocht a dhéantar ar leabhair Ghaeilge.

Ábhar mór buartha eile is ea todhchaí na foilsitheoireachta acadúla sa Ghaeilge. Níl aon fhoilsitheoir Gaeilge ann a bhíonn ag plé go príomha le hábhar acadúil, agus tá an baol ann go n-éireoidh foilsitheoirí áirithe as an gcineál sin foilsitheoireachta ar fad. I bhfianaise ardchaighdeán an ábhair atá á chur ar fáil ag scoláirí óga d’irisí acadúla, tá glúin nua criticeoirí ag teacht chun cinn agus beidh ról ríthábhachtach acu i gcothú, i meas agus i múineadh na litríochta sna blianta atá amach romhainn. Is gá múnla foilsitheoireachta a aimsiú a chinnteoidh go mbeidh siad in ann torthaí a gcuid taighde a fhoilsiú i nGaeilge. Ábhar dóchais is ea an t-aitheantas atá á fháil ag scoláireacht na Gaeilge le déanaí ó fhoilsitheoirí nach foilsitheoirí Gaeilge per se iad. Bheifí ag súil go mbeadh foilsitheoirí Gaeilge ag gníomhú maidir le cothú na fo-earnála seo, áfach, go háirithe agus maoiniú ar leith ar fáil le cuidiú leo.   

Tá dúshláin mhóra sáraithe ag foilsitheoireacht na Gaeilge le fiche bliain anuas, agus éachtaí curtha i gcrích ag buíon bheag daoine a raibh fís acu don earnáil agus fuinneamh acu leis an bhfís sin a réaladh, agus iad ag saothrú leo ar bheagán acmhainní go minic.

Tá gá ag an earnáil le straitéis forbartha agus athnuachana anois. Beidh pleananna oiliúna agus comharbachta agus comhoibriú le hinstitiúidí tríú leibhéal i bhforbairt ardchúrsaí eagarthóireachta, foilsitheoireachta, agus ilmheán, tábhachtach má tá an meascán oiriúnach scileanna gnó agus tuiscintí litríochta le bheith ag an gcéad ghlúin eile foilsitheoirí Gaeilge.

Beidh uaillmhian, agus spiorad na fiontraíochta de dhíth, mar a bhí i gcónaí, ach beidh gá freisin le socracht agus leanúnachas sna sruthanna maoinithe agus sna struchtúir thacaíochta atá ar fáil d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí na Gaeilge.    

Máirín Nic Eoin

Fág freagra ar '#FORAS20: Láidreachtaí, laigí, deiseanna agus dúshláin – foilsitheoireacht na Gaeilge le 20 bliain'