Táthar réidh chun an ghairm chatha a thabhairt ó dheas agus na hiarrthóirí réidh chun dul ar an mbóthar ag fógairt teacht nó ateacht na slánaitheoirí polaitiúla. Ó thuaidh, ní bheidh toghchán an Tionóil ar siúl go ceann ráithe eile, ach mhaithfí é don strainséir a cheapfadh go raibh lá na vótála ar tí tarlú. Níl na geallúintí á ndéanamh fós cé go bhfuil iarrthóirí roghnaithe agus an DUP agus Sinn Féin ag rá go mbeidh athrú saoil ann i ngeall ar ‘an Tús Nua’. Ní hionann an t-athrú sin agus an claochló ar shaol na polaitíochta atá feicthe againn ó dheas le fás na ndreamanna nua atá ag iarraidh an seanchóras a scriosadh.
Tuigeann an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire gur gá muinín i Stormont a chothú i measc an phobail. Deir an bheirt acu, Arlene Foster agus Martin McGuinness, gur chuige sin atá an feidhmeannas ‘á thabhairt ar an mbóthar acu’. Teastaíonn uathu cruinnithe a reáchtáil taobh amuigh de Bhéal Feirste chun a chur ina luí ar dhaoine go mbaineann an córas polaitíochta leo.
Is é nádúr na gairme gur ag tochras ar a gceirtlín féin a bhíonn polaiteoirí. Comhtharlúint é gan dabht go mbeidh oilithreacht seo an fheidhmeannais ar siúl faoi dhó roimh thoghchán an Tionóil ar an 5 Bealtaine. Comhtharlúint níos mó fós atá ann, gan amhras – gan baint ar bith aige leis an toghchán – gur i bhFear Manach agus i nDoire a bheidh an dá chruinniú sin.
Is é Fear Manach toghcheantar Arlene Foster, áit a mbeidh dhá shuíochán á gcosaint ag an DUP agus iad ag iarraidh stop a chur leis an UUP. Bhain Tom Elliott (UUP) an suíochán parlaiminte ansin anuraidh (mar iarrthóir ‘aontachtach aontaithe’) agus maíonn a pháirtí go bhfuil borradh fúthu. Ach tá Foster agus a comhtheachta, an Tiarna Maurice Morrow, diongbháilte go gcuirfidh siad stop leo. Chífimid an céim éifeachtach sa bhfeachtas sin é cruinniú an fheidhmeannais i bhFear Manach.
Is é an scéal céanna é i nDoire. Tá an Leas-Chéad-Aire Martin McGuinness curtha ar ais go dtí a áit dhúchais agus Sinn Féin ag iarraidh an tríú suíochán a bhaint ansin. Beidh Sinn Féin ar a ndícheall ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an SDLP sa cheantar agus ag féachaint le ceannaire nua an pháirtí sin, Colum Eastwood, a chur dá bhonnaibh.
Ní cosúil go bhfuil gach beart i bhfeachtais na bpáirtithe chomh heagraithe céanna. Tá praiseach déanta ag Sinn Féin de roghnú iarrthóirí i bhFear Manach. Ag coinbhinsiún roimh Nollaig bhí an t-iarfheisire Michelle Gildernew i measc triúir a roghnaíodh mar iarrthóirí do thoghchán an Tionóil. Theip ar an Teachta Phil Flanagan ainmniúchán a fháil; ba mhinic eisean sáite i gconspóid agus measadh nár theastaigh sé ón gcinnireacht an athuair. An deireadh seachtaine seo caite, ritheadh an coinbhinsiún as an nua de bharr aimhréire a bheith sna figiúirí ag an gcéad seisiún. Roghnaíodh triúr iarrthóirí, ina measc Phil Flanagan, ach níor roghnaíodh Michelle Gildernew. Fir ar fad atá ar liosta na n-iarrthóirí anois agus ní heol cad a cheapann na ceannairí faoin gcor is deireanaí sa scéal.
Sa Dún Theas d’fhógair an Teachta Jim Wells gur theastaigh uaidh seasamh sa toghchán i mbliana. D’éirigh Wells as an Aireacht Sláinte anuraidh i ngeall ar chonspóid faoi homaighnéasacht. Chinn fiosrú sa bhfómhar gur cuireadh an méid a dúirt sé as a riocht. Nochtadh níos deireanaí go raibh Wells ar buile mar nár chosain an páirtí é. Níl sé soiléir an bhfuil an ceannaire nua sásta go seasfadh Wells arís.
I mBéal Feirste Theas mar a bhfuil an UUP ag dul i laige go seasta le deich mbliana, ba é an t-iar-Aire Sláinte, Michael McGimpsey, an t-aon teachta atá ag an bpáirtí. Sheas sé don ainmniúchán ag coinbhinsiún sa toghcheantar i mí Mheán Fómhair seo caite agus roghnaíodh é. Seachtain ó shin, áfach, d’fhógair sé go n-éireodh sé as Stormont ag deireadh an téarma seo. Shéan sé go raibh easaontas sa chumann ach ba léir nach raibh gach éinne ar an bport céanna.
Gan dabht beidh fadhbanna inmheánacha le réiteach ag gach páirtí idir seo agus deireadh mhí an Mhárta nuair a chuirfear an Tionól ar fionraí le haghaidh an toghcháin. Is beag seans, áfach, go dtarlóidh an cineál scaipthe atá feicthe ó dheas le fás na mionpháirtithe agus na neamhspleách. Is minic a thagann mionpháirtí ar an bhfód i dTuaisceart Éireann, leithéidí NI21, mar shampla, (atá beo ar éigean i dtoghchán na bliana seo) nó an TUV, páirtí aonfhir. Deir vótóirí uaireanta gur mhaith leo rogha nua a bheith acu ach is beag athrú a dhéantar ar phatrúin vótála. Ar nós Aibhistín agus an t-aithreachas a tháinig air, is é toil na vótóirí go mbeadh athrú ann… ach ní go fóill!
Fág freagra ar 'Fonn ar lucht vótála ó thuaidh athrú a dhéanamh… ach ní go fóill'