Athimirt romhainn Dé Sathairn tar éis cluiche iontach

Fágann aiséirí Mhaigh Eo deireanach sa chluiche seo go rachaidh siad féin agus Baile Átha Cliath chun coimhlinte lena chéile arís go luath

GAA Football All Ireland Senior Championship Semi-Final, Croke Park, Dublin 30/8/2015 Dublin vs Mayo Dublin's Cian O'Sullivan and Aidan O’Shea of Mayo Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
Cian O’Sullivan agus Aidan O’Shea ©INPHO/Ryan Byrne

Is maith an rud nach bhfuil aon chluiche sa pheil Mheirceánach socraithe do Pháirc an Chrócaigh don Satharn seo chugainn! Beidh lá eile ag teastáil chun Baile Átha Cliath agus Maigh Eo a scaradh óna chéile i ndiaidh an chluiche peile is fearr atá feicthe againn i mbliana; go deimhin, bhí sé ar cheann de na cinn is fearr le blianta fada.

Sa chluiche leathcheannais idir na foirne céanna i 2006, bhí Maigh Eo seacht bpointe chun deiridh ar Bhaile Átha Cliath ach d’éirigh leo an bua a fháil ar bhealach éigin. Inniu, ní dheachaigh siad níos faide ná comhscór ach ní raibh ach deich nóiméad acu le teacht aniar a dhéanamh. Chomh maith leis sin, caithfidh sé gur bhraith a lucht leanúna gur bua a bhí ann.

I ndáiríre, beidh Baile Átha Cliath ar buile leo féin gur fhág siad an ceann seo ina ndiaidh. Gan ach ceathrú uaire fágtha, bhreathnaigh sé go raibh áit cinnte acu i gcluiche ceannais na hÉireann.

Bhí foireann Jim Gavin dhá phointe chun cinn nuair a fuair siad spreagadh ollmhór ón gcúl a fuair an t-ionadaí Kevin McManamon, a bhí san áit cheart ag an am ceart, mar a bhíonn i gcónaí. Chuir sé sin tús le cúpla nóiméad den scoth do Bhaile Átha Cliath agus, cé gur aimsigh Cillian O’Connor cic 45m idir an dá linn, chuir trí phointe i ndiaidh a chéile ó Bernard Brogan, Alan Brogan agus Jack McCaffrey seacht bpointe chun cinn iad.

Ba cheart go mbeadh an cluiche buaite ag Baile Átha Cliath ag an tráth sin ach, mar a tharla sé, níor aimsigh siad scór ar bith eile as sin go deireadh na himeartha agus ba bhothún ón té is lú go mbeadh súil agat leis a scrios iad i ndeireadh na dála.

Tá sé tuilte ag Stephen Cluxton a bheith áirithe ar an gcúl báire is fearr sa tír le roinnt blianta anuas ach beidh sé ag iarraidh dearmad sciobtha a dhéanamh ar thaispeántas an lae innu. Tugadh rabhadh dó i ndiaidh 64 nóiméad nuair a rinne Andy Moran blocáil ar an gcúl báire ach bhí John Small ar an líne chun iarracht fear Mhaigh Eo a choinneáil amach.

Nuair a d’aimsigh Cillian O’Connor an cic éirice agus trí nóiméad fágtha, chiallaigh sé nach raibh Baile Átha Cliath ach pointe chun cinn. Ag an tráth sin, ba cheart go mbeadh Cluxton ag iarraidh an imirt a mhoilliú agus an moiminteam a bhaint ó Mhaigh Eo ach bhuail an cúl báire a chic amach díreach isteach i lámha Kevin McLoughlin chun tús a chur le hionsaí a chríochnaigh le Andy Moran ag fáil an phointe a d’fhág na foirne ar comhscór.

Tugadh an deis do Cluxton cúiteamh a dhéanamh nuair a bhronnadh cic saor ar Bhaile Átha Cliath in am breise. Bhí an cic beagnach ar an spota ceannann céanna ón áit ar bhuaigh sé Craobh na hÉireann do Bhaile Átha Cliath i 2011 ach, an uair seo, chuir sé an iarracht ar fóraoil, an tríú ceann a chuir sé amú sa chluiche.

Cé go ndearna Maigh Eo thar barr chun teacht ar ais sa deich nóiméad deireanach sin, beidh a fhios acu go gcaithfidh siad a bheith i bhfad níos fearr an Satharn seo chugainn má tá siad chun an deis a fháil casadh ar Chiarraí sa chluiche ceannais.

Níor aimsigh siad ach pointe amháin ón imirt sa chéad leath agus ba é Diarmuid O’Connor an t-aon tosach a thosaigh an cluiche dóibh a d’aimsigh scór ón imirt. Níor tugadh an deis d’Aidan O’Shea scrios a dhéanamh ar chosaint Bhaile Átha Cliath ach ar a laghad bhuaigh sé trí nó cheithre chinn de chiceanna saora agus bhí Cillian O’Connor in ann iad a sheoladh thar an trasnán. Ar an lámh eile, chuir McLoughlin, Diarmuid O’Connor, Jason Doherty agus Andy Moran ar fad deiseanna maithe amú.

Tosach nár scóráil ach a bhfuil ardmholadh fós tuillte aige é Paul Flynn. Tar éis dó bliain chiúin a bheith aige go dtí seo, bhí fhear Fhine Ghallainn ar fheabhas i rith an chluiche ar fad, é ag déanamh gabhálacha nuair nár cheart dó lámh a fháil ar an liathróid agus é ag cruthú flúirse deiseanna dá chomhghleacaithe.

Pé rud faoin díomá a bheidh ar na foirne nár éirigh leo an beart a dhéanamh inniu, beidh gach duine eile breá sásta filleadh ar Pháirc an Chrócaigh. Thóg sé tamaillín ar craobh peile na bliana seo ‘téamh suas’ ach, idir chluiche an lae inniu agus cheann na seachtaine seo caite, is cinnte go bhfuil muid ag fáil luach ár gcuid airgid anois.

Fág freagra ar 'Athimirt romhainn Dé Sathairn tar éis cluiche iontach'