Eolas faoin Mol Digiteach
Tá sé lonnaithe i gcroílár limistéar stairiúil na Saoirsí i lár chathair Bhaile Átha Cliath (Sráid Thomáis, Baile Átha Cliath 8). Soláthraíonn campas an Mhoil Dhigitigh spás oibre agus tacaíocht ardchaighdeáin do ghnólachtaí beaga sna hearnálacha teicneolaíochta agus cruthaitheacha, fiontair shóisialta, ealaíontóirí agus ceardaithe. Faoi láthair, tá 55 gnólacht agus eagraíocht bunaithe ar champas an Mhoil Dhigitigh, a fhostaíonn, i dteannta a chéile, os cionn 600 duine. Tá 51,656 troigh chearnach d’oifig ilúsáide, stiúideo, spás oibre comhoibritheach agus solúbtha san iomlán in úsáid faoi láthair agus úsáideann gnólachtaí agus an lucht acadúil 7,500 troigh chearnach eile le haghaidh cruinnithe, imeachtaí agus ranganna agus úsáideann mórchomhlachtaí amharclannaíochta na hÉireann le haghaidh cleachtaí agus taibhithe é.
Tá an Mol Digiteach ina chomhpháirtí tacúil freisin dá chomharsana agus don phobal áitiúil máguaird, agus é i gceannas ar shraith tionscnamh agus tionscadal do dhaoine i ngach aois, is cuma cén cumas agus spéis.
Eolas faoin bhfoireann margaíochta & cumarsáide
Bíodh is gur foireann bheag atá inti is foireann ardfheidhmíochta í an fhoireann atá freagrach as margaíocht agus cumarsáid sa Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach. Is iad na daoine atá inti ná Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide agus Oifigeach Margaíochta. Déanann an Bainisteoir Forbartha Fiontraíochta saoirsiú orthu sin agus faigheann siad tacaíocht ó Shainghníomhaireacht Chumarsáide sheachtrach.
Tacaíonn margaíocht le foirne eile sa Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach, go háirithe Seirbhísí Clianit & Díolacháin, Cláir agus Comhpháirtíochtaí Pobail, Tionscnaimh agus Oibríochtaí Straitéiseacha.
Sainchuntas Poist
Eolas faoin ról
Tá ról an Oifigigh Mhargaíochta á earcú de réir ghráid phá na státseirbhíse, is é sin an tOifigeach Cléireachais (ar scála níos airde, féach https://www.forsa.ie/pay-scales/civil-service-salary-scales/).
Tuarastal tosaigh €619.24 in aghaidh na seachtaine
D’oirfeadh an ról seo do dhuine nach bhfuil oilte ar na meáin shóisialta agus ar mhargaíocht ar líne amháin, ach a bhainfeadh taitneamh freisin as comhoibriú le scata neamhghnách daoine cumasacha agus eagraíochtaí spreagúla chun an t – aitheantas atá tuillte acu a thabhairt dá gcuid éachtaí, agus a bheith i gceannas ar sheachadadh imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chuireann le cultúr an Mhoil Dhigitigh ag an am céanna.
Príomhdhualgais agus Príomhfhreagrachtaí:
- An Mol Digiteach a Chur chun Cinn
Bíonn Cur Chun Cinn an Mhoil Dhigitigh ar siúl ar líne trínár láithreán gréasáin www.thedigitalhub.com, ár gcainéil meán sóisialta, nuachtlitir ríomhphoist, láithreáin ghréasáin tríú páirtí, ar nós Daft.ie, a úsáidtear chun ár spásanna oifige a mhargú, agus freisin ag imeachtaí pearsanta agus gníomhaíochtaí caidrimh phoiblí ar nós preaseisiúintí. Is é an chuspóir atá leis an Mol Digiteach a chur chun cinn infheictheacht ár ngníomhaíochtaí a choinneáil ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta agus, lena linn sin, cuspóir agus éiteas na heagraíochta i mBaile Átha Cliath 8 agus níos faide ar shiúl a chur in iúl.
- Tacú le gníomhaíochtaí agus éachtaí ár mballchuideachtaí agus ár mballeagraíochtaí a chur chun cinn.
Tá beagnach 55 chuideachta agus eagraíocht lonnaithe ar fud naoi bhfoirgneamh an Mhoil Dhigitigh ar an gcampas. Tá idir chomhlachtaí feistí leighis agus róbataice agus ghníomhaireachtaí sna meáin dhigiteacha, léiritheoirí téatair, ealaíontóirí agus daoine ceardaíochta iontu. Cuirfidh an tOifigeach Margaíochta aithne ar na gnólachtaí agus ar na heagraíochtaí seo agus cabhróidh sé nó sí le feasacht ar a gcuid gníomhaíochtaí a mhéadú trí bhealaí ar líne an Mhoil Dhigitigh chomh maith lenár líonra níos leithne teagmhálacha.
- Gníomhaíochtaí agus Imeachtaí
Baineann an ról seo le gníomhaíochtaí a sheachadadh, cuid acu thar ceann an Mhoil Dhigitigh, cuid eile acu i gcomhpháirtíocht le baill nó le heagraíochtaí seachtracha, a théann chun tairbhe do thaithí ár mball. Is féidir le gníomhaíochtaí a bheith ar siúl inár réimse spásanna d’imeachtaí agus grúpaí suas le 100 duine a óstáil.
I measc na gcúraimí ginearálta eile tá:
- Cuidiú le caiteachas margaíochta a rianú agus an buiséad a bhainistiú, agus anailís agus tuairisciú ar éifeachtacht feachtais mhargaíochta éagsúla a dhéanamh.
- Cuidiú le soláthar agus bainistiú leanúnach conarthaí a thacaíonn le margaíocht lena n – áirítear dearadh grafach agus cothabháil an láithreáin ghréasáin chorparáidigh, chomh maith le tascanna riaracháin eile de réir mar is gá.
- Comhthaobhacht mhargaíochta a ullmhú lena faomhadh ag an mBainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide nó ag duine údaraithe eile de réir mar is cuí.
- Tionscadail a sheachadadh atá sainithe ag na Bainisteoirí Margaíochta agus Cumarsáide agus Forbartha Fiontraíochta a bhaineann leis an ról.
- Cabhrú le cúraimí riaracháin ghinearálta de réir mar is gá ó am go chéile.
Tá an Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagann sí iarratais faoi gach ceann de na deich bhforas mar atá leagtha amach inár mBeartas Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe. Féach – https://thedigitalhub.com/publications/equality-diversity-inclusion-policy
Eolas Tábhachtach d’Iarrthóirí
Conas iarratas a dhéanamh
Tá foirmeacha iarratais ar fáil le comhlánú ag https://staffline.getgotjobs.ie/home
Dáta Deiridh
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 3 PM Dé Luain, 13ú Lúnasa 2024.
Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an ama agus an dáta deiridh.