FOLÚNTAIS: Innealtóir Feidhmiúcháin – Bainistiú Saoráide & Fuinnimh agus Innealtóir Feidhmiúcháin – Oibriú Saoráide & Bainistiú Cothabhála

Fáiltítear roimh iarratais ó iarrthóirí cuí-cháilithe do na poist seo a leanas: Innealtóir Feidhmiúcháin - Bainistiú Saoráide & Fuinnimh agus Innealtóir Feidhmiúcháin - Oibriú Saoráide & Bainistiú Cothabhála

  1. Innealtóir Feidhmiúcháin – Bainistiú Saoráide & Fuinnimh (Tionscadail Oibreacha Caipitil) – bunaithe in Oifigí na Cathrach, Cluain Meala

Scála Tuarastail: €57,336 – €79,701 (LSI 2)

 

  1. Innealtóir Feidhmiúcháin – Oibriú Saoráide & Bainistiú Cothabhála (Oibríochtaí Laethúla) – bunaithe in Oifigí na Cathrach, Cluain Meala

Scála Tuarastail: €57,336 – €79,701 (LSI 2)

Is ag bun an scála a bheidh pá tosaigh gach iontrálaí nua

Cruthófar painéil ar leith don dá phost óna dtáirgfear folúntais d’iarrthóirí cuí-cháilithe ar bhonn conradh sainchuspóra.

Ag brath ar líon na n-iarratas a gheofar do na poist thuasluaite, d’fhéadfadh go mbeadh gá le gearrliostú iarrthóirí a dhéanamh.  Beidh an gearrliostú bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh tú ar d’fhoirm iarratais.

Tá fáil ar fhoirmeacha iarratais agus ar shonraí breise ar www.tipperarycoco.ie nó ar ríomhphost ó recruitment@tipperarycoco.ie.

Ní mór foirmeacha iarratais clóscríofa comhlánaithe a chur ar ais chuig an Rannóg Acmhainní Daonna, Comhairle Contae Thiobraid Árann, Oifigí na Cathrach, Sráid Emmett, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann E91 N512, tráth nach déanaí ná 4.00pm Dé hAoine, an 26 Iúil, 2024

Ní mór 4 cóip den fhoirm iarratais a chur ar aghaidh mar chóip chrua amháin

IS FOSTÓIR COMHDHEISEANNA É COMHAIRLE CONTAE THIOBRAID ÁRANN