Foláireamh Ná hÓl fógartha ag Uisce Éireann do dhá cheantar Gaeltachta i nGaillimh

Baineann na foláirimh le ceantair Chois Fharraige, ón Spidéal siar go dtí Ros an Mhíl, agus le hInis Oírr

Foláireamh Ná hÓl fógartha ag Uisce Éireann do dhá cheantar Gaeltachta i nGaillimh

Tá ‘Foláireamh ná hÓl’ fógartha ag Uisce Éireann do dhá cheantar Gaeltachta in iarthar na Gaillimhe.

Baineann na foláirimh le ceantar Chois Fharraige, ón Spidéal siar go dtí Ros an Mhíl, agus le hInis Oírr.

D’eisigh Uisce Éireann agus Comhairle Chontae na Gaillimhe na foláirimh do sholáthar uisce an Spidéil agus do sholáthar uisce Inis Oírr tráthnóna de bharr leibhéil ard mangainéise san uisce

Deir Uisce Éireann gur fógraíodh an foláireamh láithreach tar éis dóibh dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Ar mhaithe le sláinte tomhaltóirí a chosaint a bhí an foláireamh, a dúradh.

Baineann an foláireamh seo le gach tomhaltóir a fhaigheann soláthar ón Spidéil agus ó Inis Oírr.

I gcás an Spidéil, deir Uisce Éireann: “Beidh tancaeir uisce á chur ar fáil don phobal agus beidh a thuilleadh eolais maidir leis na hionaid a bheas na tancaeir lonnaithe ag teacht go luath.”

Deirtear nár chóir an t-uisce a ól fiú agus é beirithe agus fuaraithe.

Is féidir teacht ar léarscáileanna a léiríonn na háiteanna atá buailte ag an bhfadhb a fheiceáil anseo i gcás an Spidéil agus anseo i gcás Inis Oírr.

Tá rabhadh tugtha dóibh siúd a bhfuil ráite leo gan an t-uisce a ól gan é a úsáid ach oiread chun deochanna eile a dhéanamh, chun sailéid nó béilí eile a dhéanamh. Deirtear chomh maith nár cheart an t-uisce a úsáid chun fiacla a scuabadh nó béal duine a fholcadh ná chun leac oighir a dhéanamh.

Is féidir an t-uisce a úsáid chun folcadh nó cithfholcadh a bheith agat, chun leithris a shruthlú nó chun uisce a chur ar phlandaí agus ar bhláthanna, a deirtear.

Deir Uisce Éireann go bhfuiltear ag obair le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun na fadhbanna a réiteach chomh luath agus is féidir.

Fág freagra ar 'Foláireamh Ná hÓl fógartha ag Uisce Éireann do dhá cheantar Gaeltachta i nGaillimh'

  • marian conneely

    Tá me i mo chónaí ‘sna Forbacha. abair liom led thoil nuair a bheidh sé sábhailte le hól