Rogha an Lae
Is é Grúpa E an grúpa is cothroime ag Euro 2024 go dtí seo agus cluiche amháin buaite agus ceann caillte ag chuile fhoireann acu. Fágann sin go bhfuil deis mhaith ag gach foireann na babhtaí díbeartha a bhaint amach ach ní bheidh áit ann ach do thrí cinn acu.
An Úcráin is mó atá faoi bhrú. Ní hamháin go bhfuil siad ag imirt in aghaidh na Beilge, an fhoireann a measadh ar an gceann ba láidre sa ghrúpa roimh thús an chomórtais, ach fágann an cluiche a chaill an Úcráin i gcoinne na Rómáine ar scór 0-3 go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste maidir le difríocht na scór chomh maith. Dá gcríochnódh an dá chluiche i nGrúpa E tráthnóna ar comhscór, na hÚcránaigh a bheadh ag dul abhaile in ainneoin ceithre phointe a bheith acu.
Ba cheart go spreagfadh sin foireann Serhiy Rebrov dul ar an ionsaí anocht in aghaidh na Beilge. Bhí na hÚcránaigh olc go maith sa chéad chluiche sin i gcoinne na Rómáine agus sa chéad leath den chéad chluiche eile i gcoinne na Slóvaice ach rinneadar teacht aniar láidir sa dara leath i gcoinne na Slóivaiceach chun an cluiche sin a bhaint 1-0.
An tosach mór Roman Yaremchuk a d’aimsigh an cúl cinniúnach go slachtmhar agus tá imreoirí cumasacha ag an Úcráin le dul ar an ionsaí. Tá an tosach óg Artem Dovbyk, a d’aimsigh níos mó cúil i La Liga i mbliana ná aon imreoir eile, ar dhuine acu siúd agus tá fear Arsenal, Oleksandr Zinchenko, ábalta na deiseanna a chruthú agus dá n-éireodh leis an Úcráin taispeántas maith a fháil ó Mykhailo Mudryk, chruthófaí deacrachtaí don Bheilg.
Toradh gan choinne a bhí sa bhua a bhí ag an tSlóvaic ar an mBeilg sa chéad bhabhta ach bhí mí-ádh ar na Beilgigh sa chluiche sin mar is acu a bhí an chuid is fearr den imirt. Chuir siad rudaí ina gceart in aghaidh na Rómáine agus an cluiche buaite 2-0 acu ach tá níos mó ag teastáil uathu más leo a bheith á lua i measc roghanna na coitiantachta sa Ghearmáin.
Rinne an bainisteoir Domenico Tedesco roinnt athruithe don chluiche in aghaidh na Rómáine a d’oibrigh go maith. Thug sé an seanfhondúir Jan Vertonghen isteach i lár na cosanta agus d’imir sé go maith. Tugadh isteach imreoir Aston Villa, Youri Tielemens, freisin i lár na páirce agus ba é a d’aimsigh an chéad chúl i gcoinne na Rómáine.
Seans mar sin go gcloífidh Tedesco leis an bhfoireann chéanna tráthnóna agus súil acu na babhtaí díbeartha a bhaint amach.
Imreofar na cluichí deireanacha i nGrúpa F níos déanaí anocht agus an Phortaingéil slán sa chéad bhabhta eile cheana féin. Seans dá bharr go ndéanfaidh Roberto Martínez roinnt athruithe ar an bhfoireann don chluiche in aghaidh na Seoirsia. Cé go dtabharfadh sin dóchas do na Seoirsiaigh, a bhfuil toradh maith ag teastáil uathu chun an chéad bhabhta eile a shroichint, bheadh an dara foireann ag an bPortaingéil fós láidir agus tá sé ráite ag José Mourinho go mbeadh sí sách maith chun an Comórtas Euro a bhaint, fiú.
Sa chluiche eile, beidh áit sna babhtaí díbeartha ag an Tuirc agus ag Poblacht na Seice má chríochnaíonn siad ar comhscór agus má fhaigheann an Phortaingéil an ceann is fearr ar an tSeoirsia.
An tSlóvaic v An Rómáin – 5.00in (Grúpa E)
An Úcráin v An Bheilg – 5.00in (Grúpa E)
An tSeoirsia v An Phortaingéil – 8.00in (Grúpa F)
Poblacht na Seice v An Tuirc – 8.00in (Grúpa F)
Fág freagra ar 'Foireann na hÚcráine faoi bhrú agus iad ag iarraidh na babhtaí díbeartha a bhaint amach'