Fógra rialtais le déanamh faoi fhorbairt chalafort Ros an Mhíl

Meastar go láidir go bhfógrófar amárach idir €20-30 milliún le forbairt a dhéanamh ar Ché domhainfharraige i Ros an Mhíl i nGaeltacht Chonamara

Fógra rialtais le déanamh faoi fhorbairt chalafort Ros an Mhíl

Tá ceann de na fógraí airgid Rialtais is mó ariamh sa taobh sin tíre ar na bacáin i gConamara.

Meastar go láidir go bhfógróidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue amárach idir €20-30 milliún le forbairt a dhéanamh ar Ché domhainfharraige i Ros an Mhíl ach a dtiocfaidh sé ansin tráthnóna amárach.   Cé nach bhfuil aon rud deimhnithe go hoifigiúil faoin tráth seo, dúirt foinse atá gar don scéal “gur ar éigean gur folamh a bheidh an tAire ag teacht go Ros an Mhíl”.

Is fada é Calafort Ros an Mhíl ina ábhar cur, cúitimh agus conspóide sa saol polaitiúil ach tá borradh ar leith curtha faoin gcaint ina thaobh ó d’fhógair comhlacht ollmhór idirnáisiúnta go bhfuil siad leagtha ar a dhul i mbun forbartha ar fheilm mhór ghaoithe i limistéar carraigeacha na Sceirde naoi míle siar ó chósta Charna i gConamara.   Tuigtear go bhfuil an comhlacht seo, Green Investment Group, ag leagan go leor béime ar shuíomh mórthíre le haghaidh a gcuid oibre i Ros an Mhíl.  Baineann an comhlacht seo le grúpa baincéireachta McQuarrie as an Astráil, ceann de na hinstitiúidí airgeadais is láidre sa domhan.

Tá an buntáiste ag baint le Ros an Mhíl go bhfuil sé ar an áit chóiriúil is gaire don Fheilm Ghaoithe atá beartaithe acu.  Ba cheart go mbeadh sé réitithe freisin taobh istigh de cheithre bliana, tráth a mbeifí ag múnlú na feilme gaoithe i limistéar na Sceirde.  Tá an cead pleanála ar fáil le haghaidh na hoibre i Ros an Mhíl.

Tá Údarás na Gaeltachta agus a bPríomhfheidhmeannach, Mícheál Ó hÉanaigh, théis go leor stocaireachta a dhéanamh le súil agus go mbeadh buntáistí thionscal seo na gaoithe ag Conamara.  Labhair Ó hÉanaigh le Tuairisc.ie faoin gcás le ríghairid agus dúirt go gcaithfí fáisceadh ar an deis seo ar chóstaí an iarthair agus go bhfuil an seans is fearr ariamh ann anois.  Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis san agallamh sin le Tuairisc.ie nach bhféadfaí a bheith ag moilleadóireacht agus go raibh cinneadh ag teastáil gan mhoill.

Tá an buntáiste a bheadh ag baint le seirbhísí mórthíre do thionscal na gaoithe ar na farraigí tugtha faoi deara go maith faoin am seo ag lucht calafoirt ar an gcósta thiar.  Tá an Fhianait ar cheann acu ach tá lucht Chalafort na Gaillimhe ar an téad chéanna.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe gar do dheireadh na bliana seo caite, dúirt Príomhfheidhmeannach Chalafort na Cathrach go mbeadh an Calafort ansin ag brath go mór ar sheirbhísí do thionscal na gaoithe ar an Atlantach amach anseo.  B’fhacthas dó go mbeadh an ceangal sin ag treisiú go suntasach théis na bliana 2030.

Ceaptar go méadódh leithéidí an Green Investment Group, agus dreamanna mar iad, a gcuid forbartha ar fheilmeacha gaoithe san Atlantach siar ó chóstaí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo amach anseo.  Tá fianaise eolaíoch ann go bhfuil an sruth gaoithe is fearr agus is feiliúnaí do thionscal chumhacht na gaoithe ar chósta thiar Chonamara agus amach i dtreo cheantar Acla.

D’fhágfadh seo an ghaoth i seolta Chalafort Ros an Mhíl má tharlaíonn an infheistíocht agus an fhorbairt a bhfuil trácht uirthi anois.  Mhúnlófaí cé dhomhainfharraige ansin agus chuirfí  áiseanna breise ar fáil a d’fheilfeadh do thionscal na gaoithe.

Bunaithe ar thuarascáil a rinneadh d’Údarás na Gaeltachta d’fhéadfaí cuid mhaith do 900 post a chur ar fáil de bharr forbartha mar seo i Ros an Mhíl.

San agallamh ar Tuairisc.ie le gairid, dúirt Micheál Ó hÉanaigh go mba rud é seo a chuirfeadh spalla fíorláidir i mbunchloch eacnamaíochta Chonamara.  Tá an Príomhfheidhmeannach agus daoine sinsearacha eile in Údarás na Gaeltachta den bharúil le fada go scaipfeadh buntáistí Ros an Mhíl – dá ndéanfaí an fhorbairt ansin – ar fud Chonamara.

Tuigtear go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag síniú conradh comhoibrithe le Green Energy Investment go gairid i bhfoirm ‘Meamram Tuisceana’.

Tá an lear éisc atá ag teacht isteach go Ros an Mhíl ag laghdú le tamall de bhlianta agus tá caint ann le fada go dteastódh doimhniú ar an gcalafort rud a d’fhágfadh go mbeadh deis ag báid mhóra tarraingt isteach ann.   Bhí báid mhóra pléisiúir curtha sa gcomhaireamh freisin.  Ach feictear anois go bhfuil tionscal na gaoithe ar an rud is mó a chuirfeadh borradh faoin gCalafort agus a chruthódh postanna ar feadh na mblianta amach romhainn.

Rinneadh forbairtí maithe i Ros an Mhíl nuair a cheadaigh an tAire Iascaigh a bhí ann san am, Frank Fahey, airgead ansin go díreach glan 20 bliain ó shin.  Go deimhin, tuigtear gurbh éigean do Fahey a dhul in éadan na bhfeidhmeannach sa Roinn san am lena chuid pleananna a chur píosa den bhealach.  Ó shin i leith fuarthas cead pleanála le haghaidh dhoimhniú an Chalafoirt agus coinníodh an ceadúnas sin beo.  Rinne Coiste Tacaíochta Chalafort Ros an Mhíl go leor oibre freisin ag tarraingt airde ar cheist an Chalafoirt.  Ach i bhfad siar roimhe sin uilig bhíodh méadú agus doimhniú Chalafort Ros an Mhíl ina chnámh spairne.  Go deimhin, bhítí ag rá go mba chomhartha ar thoghchán a bhíodh ann nuair a thosaítí ag caint faoi Chalafort Ros an Mhíl.

Is cosúil go bhfuil bunús an-láidir leis an gcaint a bhaineann le cuairt an Aire McConalogue ar Ros an Mhíl an iarraidh seo agus nach tráithnín sa ngaoth atá á seoladh amach anois.

 

Fág freagra ar 'Fógra rialtais le déanamh faoi fhorbairt chalafort Ros an Mhíl'