Fógra le déanamh faoi na srianta a scaoilfear sa samhradh, deireadh á chur le cosc ar thaisteal go contaetha eile

Tá ráite ag lucht Rialtais gurb í an aidhm atá acu go mbeadh aon ghnó a d’osclódh in ann fanacht ar oscailt agus nach mbeidís á ndúnadh arís de bharr na sláinte poiblí

Fógra le déanamh faoi na srianta a scaoilfear sa samhradh, deireadh á chur le cosc ar thaisteal go contaetha eile

Fógróidh an Taoiseach Micheál Martin inniu na srianta dianghlasála atá le scaoileadh ón mí seo chugainn ar aghaidh, ina measc an cosc ar thaisteal lasmuigh de do chontae.

Thug fochoiste Covid-19 an Rialtais a mbeannacht aréir do na moltaí maidir le tuilleadh de chúrsaí na tíre a chur i mbun oibre arís. Tuairiscítear go mbeidh cead bóthair ag daoine go dtí contaetha eile ón 10 Bealtaine.

Cuirfear na moltaí maidir le scaoileadh na srianta ón mí seo chugainn faoi bhráid an Rialtais inniu.

Meastar go mbeidh an bhéim ar shiopaí neamhriachtanacha agus ionaid gharraíodóireachta a oscailt de réir a chéile agus gan ach seirbhís cliceáil agus bailigh a cheadú mar thús ar an 10 Bealtaine. Tuairiscítear gur ar an 17 Bealtaine a osclóidh na siopaí i gceart.

De réir a chéile a cheadófar an athoscailt agus meastar gur ar an 10 Bealtaine a bheidh seirbhísí pearsanta amhail gruaigeadóirí ar ais i mbun oibre.

Tabharfar cead seirbhísí eaglasta a reáchtáil arís agus an mhí seo chugainn beidh músaeim, dánlanna agus leabharlanna ar oscailt arís. 

Beidh cead ag líonta tí éagsúla cruinniú le chéile i ngairdíní tí ón 10 Bealtaine agus grúpaí de sheisear a bheidh ceadaithe. 

Tabharfar achoimre den phlean scaoilte srianta don samhradh tráthnóna agus an Taoiseach ag fógairt phlean an Rialtais. 

Tuairiscítear go bhfuil spórt faoin aer agus imeachtaí foirne do dhaoine fásta á bplé chomh maith.

Sa bplean don samhradh seo, táthar ag súil go mbeidh cead gnó ag óstáin, tithe lóistín, lóistín féinfhreastail agus carbháin ar an 2 Meitheamh agus go mbeidh cead seirbhís faoin aer ag tithe tábhairne agus bialanna ar an 7 Meitheamh. Is beag atá ag súil go mbeidh cead bia a chur ar fáil faoi dhíon an t-am sin seachas in óstáin. 

Ar mhaithe le cothrom na Féinne in earnáil an fháilteachais, tabharfar cead do thithe ósta nach gcuireann aon bhia ar fáil oscailt ag an am céanna leis na cinn eile agus freastal ar a gcuid custaiméirí faoi na srianta céanna.

Is ionann sin agus a rá go mbeadh deireadh leis an gcoinníoll go gcaithfeadh tithe ósta béile téagartha a chur ar fáil dá mba leo oscailt. An té a raibh fonn óil air, bhíodh air luach €9 de bhéile a cheannach i mbialanna agus tithe ósta nuair a scaoileadh na srianta de bheagán an uair dheiridh. 

Tá caint ann freisin faoi fhógra maidir leis an  “bónas vacsaíne” a bheith i ndán do na daoine a bhfuil an tsnáthaid faighte acu. D’fhéadfaí cead a thabhairt do líon níos mó daoine ó theaghlaigh éagsúla cruinniú i gceann a chéile ach an vacsaín ar fad a bheith faighte acu.

Tá ráite ag lucht Rialtais gurb í an aidhm atá acu go mbeadh aon ghnó a d’osclódh in ann fanacht ar oscailt agus nach mbeidís á ndúnadh arís de bharr na sláinte poiblí. 

Fág freagra ar 'Fógra le déanamh faoi na srianta a scaoilfear sa samhradh, deireadh á chur le cosc ar thaisteal go contaetha eile'