Bhí tír ann fadó agus fadó a bhí. Bhí muintir na tíre sin ina gcónaí in oileán mór a bhí cóngarach don mhórthír, agus bhí siad réasúnta sona sásta ar feadh i bhfad. Bhí an aeráid measartha cineálta, cé go mbídís ag clamhsán go minic faoin aimsir dhothuartha agus faoin mbáisteach go háirithe.
Tháinig an tír slán ón gcuid is measa den tsíorchogaíocht a spreag aighnis chreidimh i dtíortha eile ón 11ú haois ar aghaidh. Fuair lucht leanúna eaglais amháin an lámh in uachtar ar chomhaltaí na n-eaglaisí eile.
Choinnigh siad faoi chois iad ar feadh i bhfad.
Bhí buntáistí eile ag an náisiún is mó san oileán.
Mar shampla, chuir tiarnaí cumhachtacha iachall ar an rí cáipéis chearta, ar tugadh an ‘Magna Carta’ uirthi, a shíniú in 1215, agus neartaigh tionchar na parlaiminte níos tapúla ná mar a tharla i dtíortha eile san Eoraip.
Mar shampla eile, sheachain an tír an chorraíl agus an doirteadh fola a spreag gluaiseachtaí saoirse (náisiúnta agus pearsanta) i dtíortha eile.
Tháinig méadú mór ar shaibhreas an oileáin nuair a thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch san 18ú haois. Bhí lucht tionscail agus lucht gnó na tíre chun cinn ar thíortha eile, ar feadh tamaill.
Nuair a tógadh an chéad iarnród ar domhan san oileán in 1825, ba léir do chách ardchumas innealtóireachta na tíre.
Ach ba í an teanga a labhair muintir na tíre an tseoid ba luachmhaire dá raibh acu. Tharraing William Shakespeare, Jane Austen, William Wordsworth agus fathaigh liteartha eile na tíre aird agus meas ar fud an domhain. Ní hamháin sin, leath teanga na tíre ar fud an domhain go dtí gur glacadh léi mar phríomhtheanga idirnáisiúnta na cruinne.
Faraor, ní raibh gach rud i gceart sa tír bhreá seo. Bhí máchail amháin ar a muintir. Máchail a d’fhág galar do-leigheasta ar mhóramh beag sa tír, ach a rinne dochar as cuimse do mhuintir uile na tíre, agus dá gcomharsana.
Is leor focal amháin mar chur síos ar an ngalar: tarcaisne. Is dá dheasca sin a theip rómhinic ar lucht ceannais na tíre meas mar ba chóir a bheith acu ar thíortha eile.
Anois, a dhaoine chóra, tá a fhios againn go léir nach réitíonn tíortha lena chéile i gcónaí. Déanann tíortha móra díobháil as cuimse ó am go ham – le bagairt mhíleata agus le brú eacnamaíochta, le leathadh impireachtaí, agus le cogadh. Ach bhí an claonadh seo agus an tarcaisne a spreag é, fréamhaithe níos doimhne sa tír seo ná i bhformhór na dtíortha eile ar domhan.
Ba léir i gcónaí a sotal do na comharsana ba chóngaraí dóibh. Ach leath an díobháil a rinne an galar thuasluaite de réir mar a bhunaigh fórsaí armtha agus lucht gnó na tíre an impireacht is mó dá bhfacthas riamh.
Chuaigh cúrsaí i bhfeabhas ar feadh tamaill sa dara leath den 20ú haois. Sheas muintir na tíre an fód go cróga in aghaidh na Naitsithe. D’aistarraing a fórsaí míleata as formhór na dtíortha a gabhadh le linn ré an choilíneachais. I 1973 chuaigh an tír isteach san Aontas Eorpach – eagraíocht a chuir béim ar chomhoibriú agus ar chomhthuiscint idirnáisiúnta.
Faraor, níor ghlac muintir uile na tíre leis an gcur chuige seo. Bhí an ghráin ag cuid acu i gcónaí ar thíortha eile, na comharsana go háirithe (seachas mar ionad saoire).
Cé nach bhfuil fianaise ar bith ann gur foilsíodh an cheannlíne ‘FOG IN CHANNEL – CONTINENT CUT OFF’ i nuachtán ar bith i Sasana riamh, bhí síol na fírinne sa bhréagcheannlíne. Mhaígh scata mór polaiteoirí agus nuachtáin sa tír gur ar an Aontas, seachas rialtas na tíre, a bhí an milleán nach raibh rath orthu mar a bheadh, dar leo, dá dtarraingeofaí amach as.
Ar deireadh thiar, reáchtáladh reifreann in 2016 inar vótáil móramh beag i bhfabhar aistarraingt ón AE.
Gheall lucht an fheachtais ar son na haistarraingthe go neartódh sí geilleagar na tíre, nó, ina dhiaidh sin,
go mbeadh an geilleagar chomh láidir agus a bhí roimh an aistarraingt, nó
go rachadh an geilleagar ar gcúl, ach go bhfásfadh sé arís, tar éis tamaill.
Toghadh Theresa May mar cheannaire nua. ‘Brexit means Brexit’, a dúirt sí i dtosach. Nuair a theip ar gach duine ciall fhiúntach a bhaint as a ráiteas gan chiall, thaispeáin slí a slaitín draíochta dóibh. Arsa Theresa ansin:
‘Éist anois go cúramach. Ní call domsa ach an tslaitín draíochta seo a chroitheadh trí huaire, agus beidh gach rud i gceart. Ní gá dúinn ach plean a dhréachtú faoinar féidir slán a rá leis an Aontas Eorpach, leis an gCúirt Eorpach, lenár síntiús scannalach Eorpach, agus ar ndóigh, le heisimircigh ón Eoraip
‘An rud is fearr? Beimid saor ó gach míbhuntáiste Eorpach, ach coinneoimid gach buntáiste. Má tá ár gcairde in Éirinn ag éisteacht, ná bí buartha go mbunófar ‘teorainn chrua’ mar gheall ar an mBreatimeacht. Ní chuirfear Comhaontú Aoine an Chéasta i mbaol ach oiread (agus mar sin de) …’
Cé mar a d’éirigh le Theresa? Ar chuir a cleas iontas ar a muintir uilig? Ar bhuail sí bob ar mhuintir uile na hEorpa, a bhuí lena slaitín draíochta?
Féach, ní foláir éirí as an scéal ar feadh scaithimh. Neosfar tuilleadh ar ball. Tá sé thar am, mar sin, críoch mar is gnáth a chur leis an gcéad chaibidil de:
Sin é mo scéal. Má tá bréag ann bíodh. Ní mise a chum ná a cheap é.
Fág freagra ar '‘Fog in the channel – Continent cut off’ – Theresa May agus a slaitín draíochta'