FOCAL IS FUAIM: Deirdre Brennan ag léamh Dánta as an gcnuasach Ag Mealladh Réalta

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is í Deirdre Brennan atá againn (© Coisceim, 2000)

Ag Mealladh Réalta

Sceilig Mhichíl

Cuirimid an aill dínn in airde
Ag céimniú cosán crochta na carraige
Ar nós lucht oilithrigh anallód
A thagadh ag déanamh aithrí
Murab ionann agus muidne – lán báid
De thurasóirí meidhreacha

Ag seoladh na dtonn ó Dhairbhre
Amanta ar ár gceithre mboinn,
Nós plandaí ag breith greim barróige
Ar chreag faoi shéideán gaoithe,
Is baol dúinn breathnú
Ar bhorradh na farraige fúinn,
Ar stoirm-shneachta na bhfaoileán
Ina roithleán ar éadan na haille

Déanaimid iontas de chiúnas an mhullaigh,
Den aireagal ar an aill,
Den sé chlochán cuachta le chéile
Inar lonnaigh na manaigh,
Den dá thobar bheannaithe,
Den stoirm in anam is i gcolainn
A thiomáin fir chun dul ar an uaigneas.

Duine ar dhuine suíomhnaíonn na mná
Cearta fearainn, ag croith
A gcuid gruaige amach sa ghaoth.
An oiread san siocair pheaca, an oiread san
Ainmhianta smachtaithe múchta le fada
Tagtha le neadú idir na clocha anois
Ag tuirlingt mar phuicíní gaoithe
Is peadairíní stoirme ag filleadh ar a bpoill.

Gan Teideal

Samhlaím thú na laethe seo
Neadaithe im dhorchadas
Mar phéarla i sliogán oisre
Nó’n meall buí i gcroí an nóinín.

Oícheanta im leaba dhom
Ag láimhsiú mo bhoilg,
Saibhseálailim chuile orlach de,
Féachaint an aireoinn do bhíog.

Tá fhios agat nuair a thagann tú
Ag screadaíl óm bhroinn
Nach bhfuil diamhra ar bith
Ina dtig liom tú a cheilt

Is go gcaithfidh mé filleadh
Gan mhoill ar chúraimí eile –
Seomra ranga, ceachtanna scoile,
Dianléamh na scrúdaithe.

Ní bheidh seoithín ná laoidh shuain uaim
Ad mhealladh chun codlata;
I bhfuarbhacla na farraige
Ar chuirfear amhrán cealgtha ort.

Fairfidh mé anuas ort ó bharr na haille
Is tú san snáth mara thíos
Suaimhnithe, ciúnaithe, clúdaithe i bhfeamainn,
Is ní bheidh fhios ag Críostaí beo gur liom féin thú.

Ainnirí na Neachtlainne

Muidne ainnirí na neachtlainne
A pheachaigh go trom deirtear linn
A náirigh muid féin is ár muintir
Le toircheas lasmuigh den chuing
A fógraíodh ó chuile altóir
Le go dtuigfí i ngach áit cé muid.

Cailíní ceanndána urchóideacha,
A ghéill do na tuiltí tromghrá
I bpáirceanna ‘s i gclathacha caonacha
Nuair a chan sú an earraigh trínar lár
Nó ‘n iothlainneacha dorcha gheimhridh
Is an féar tirim mar nead cluthar fúinn.

Bhí leanaí againne le leannáin nach bpósfadh
Ó nach maighdeana anois muid a thuilleadh.
Bhí leanaí againn le h-aithreacha
Driotháireacha, uncail is sagairt
Trínár gcoir féin, trínár gcoir féin
Trínár mór-choir féin.

Anois ag rangú éadaí don níochán,
Sobal galúnaí go huillinn
I seomraí tachtmhara gal-líonta
Déanaimid leorghníomh inár n-olcas
Ag sciúradh is ag tuairgint
Léinte is braillíní na bhfíréin
Faoi shúile naofa na mbanrialta.

Tá na siúracha cineálta in amannaí.
Tuigeann siad ár n-ainmhianta
An chúis gur gá muid a iamh i ngéibhinn
Is guíonn siad ar ár son
Is guífidh nuair a éagfaidh
Nó is eol dóibh sa domhan lasmuigh
Nach mbeidh paidir amháin á chur linn.

Oícheanta i suanlios an chlochair
Caithimid Woodbines ag rince
Le ceol clingeach raidió
Fad is a fháisceann ár leanaí lámha beathaithe
Thar muinéil a máithreacha altrama
Fad is a chodlaíonn go sámh
Ina gcliabháin i dtithe strainséirí
Gan smaoineamh orainne go deo na ndeor

An Hibiscus

Ba dhoiligh di cur fúithi i dteach a hiníne
idir an méid mhíshlachta, callán chainte
na ngalrach in achrann lena chéile, ar an bhfón
gan sos gan staonadh, fionnadh an mhadra
i chuile áit a shuigh sí ‘s an phairaicít
ag tuirlingt ar a pláta ar thóir ghoblaigh.

Ba dhoiligh di an t-aistriú go dtí an chathair.
ise nár thaithigh ach baile tuaithe feadh a saoil.
Bheadh na druideanna óga cleachtaithe
ar an eitilt anois; na seabhach-leamhain
ag diúladh mhilseacht Lúnasa ó na pitiúinia,
is na h-ulchabháin ag glaoch istoíche ina sean-ghairdín.

Tuige nach dtógann Dia mé? a deireadh sí
uaireanta a dearóile, í ag titim i mbrí,
ag caolú uaithi féin, leath mhúchta i streoille smaointe
ina bhféadfadh sí dul ar seachrán,
gan chara, gan ghuth sa teach a d’fhreagródh í
ach an phairaicít ag déanamh aithrise uirthi.

Húm ná hám ní raibh aisti d’eagla go ndíbreofaí í.
Nach raibh a hiníon théis í a shábháil ó Death Row,
mar a ghlaoigh sí ar an dteach banaltrais inar éag
a céile bliain go leith ó shin. Maith ba chuimhin léi
na brúnna dubha ar a aghaidh mharbh sa chónra
‘s gnúis chiontach na banaltra roimh a ceisteanna.
Bhraith sí ar chuma hibiscus, potaithe i dteach téacháin,
a blátha chomh rua le cailleacha dearga
na bpáirceanna; trumpa a piotail ag oscailt
ar maidin, ag titim go leac fuinneoige i ndiaidh lae;
chífidís lá éigin a piotail féin ag dúnadh ceann
ar cheann, á bhfilleadh chomh dlúite ar a stáimín
nach dtiocfadh leo iad a scaradh ó chéile gan stracadh.

Marbhghin

An t-earrach ar fad, tine ar chraiceann
D’eagla go gcaillfin soicind ded bheocht
Bhorraigh mé maille le bleibín is baclóg
An sú ar mearbhall ag ardú ionam,
Do chuislí ag baint macalla
As gach cuas is cuan dem cholann.
Ba é mo dhícheall é feitheamh
Go luífeá im bhaclann.

B’ionadh liom chomh talmhaithe
Is bhí tú, do nasc is ceangail
San uile ní; d’aghaidh ag líonadh
Gach linntreoige bóthair dom, do ghruaig
Fite ina sréamlóga geala de néalta,
Do shúile ag stánadh orm ó chroíthe nóiníní,
Teoide do bheithe mar thine
I bhféitheach chuile cloch is duilleog.

Dá mbeinn ag duanaireacht go ciúin,
Ag gabháil suantraí duit
In ionad bheith ag canadh amhráin spraíúil
In ard mo chinn is mo ghutha,
D’aireoinn do chúlú uaim,
Ar nós spideoigín i gcoinne barraí
Cliabhán éan. Ró- dhéanach dom chuala mé
Olagán do bháis im phutóga ag síneadh
Go smior is go smúsach mo chnámh.

Dúirt siad liom grianghraf a thógaint díot.
Dúirt siad liom féachaint ort nuair nach raibh
Fonn orm féachaint; labhairt leat
Nuair ná beadh ann ach comhrá aontaobhach.
Dúirt siad liom tú a ghléasadh i mbabygrow bán
Nuair nach raibh sé im intinn riamh
Ach go ngléasfainn thú i gcorcra
Nó i gcróc an chrócais

Na rudaí nach féidir a fheiceáil
A mheallann mé na laethanta seo,
Nead an dreoilín i ndúdorchadas iúir,
Léarscáil na bpréamhacha a chlampann
Cloch is cré faoin bháinseach,
Tarraingt aibhneacha faoi thalamh,
Feall taoidí súite mo choirp féin
A rug leo thú nuair rabhas ar m’airdeall.

Is féidir cóip den leabhar a cheannacht ag an nasc seo © Coiscéim

 

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Deirdre Brennan ag léamh Dánta as an gcnuasach Ag Mealladh Réalta'