Go truamhéalach a dhírigh sí a cuid súile orm. “Ó maise a stór, ní raibh Nollaig cheart ar bith ann i mbliana ó tharla nár tháinig an leabhar amach.” D’fhág sí i mo staic mé, balbhán ar shráid Charna i gConamara. Ach níor fhága sí bodhar mé. Is iomaí, iomaí uair ó shin a dtáinig macalla na bhfocal sin i mo chluasa agus i m’intinn. “Ní raibh Nollaig cheart ar bith ann i mbliana…”
Ní inniu ná inné é. Bhí an bhean bhocht ag tabhairt uaithi roinnt; go leor Nollaigí agus go leor blianta imithe ina gceo gan filleadh go brách aríst. Tá sí ar shlí na firinne anois le tamall blianta.
Leabhar bliantúil Iorras Aithneach – iarthar Chonamara – a bhí i gceist aici. Aon bhliain déag agus fiche go ham seo a cuireadh an leabhar bliantúil amach don chéad uair. Bhí cúpla bliain ann nuair nár éirigh linn sin a dhéanamh; b’in ceann acu.
Tá mé i m’eagarthóir (go deonach) ar leabhar Iorras Aithneach ón gcéad lá ar cuireadh i gcló í. Gan aon ghaisce a dhéanamh as, tá go leor oibre ag baint le foilsiú leabhair ar an gcaoi seo. Anois agus aríst, bhí sé leathshocraithe agam go n-éireoinn as an saothar; bíonn duine cruógach – i bhfad róchruógach scaití. D’fhéadfá a theacht ar chuid mhaith leithscéalta. Ach d’fhan focla na mná úd – go raibh suaimhneas síoraí aici – i mo chluasa. Shamhlaigh mé an t-ardú croí agus an sólás a bhain leis an leabhar don bhean bhocht agus í ina cónaí léi féin.
Dúisíodh na smaointe sin i m’aigne aríst le roinnt laethanta de bharr ar léigh mé i Tuairisc.ie. Ní plámás é seo. Ba bhreá an píosa é sin a scríobh Máire Ní Fhinneadha faoi Iorras Aithneach 2021, an t-eagrán is deireanaí den leabhar bliantúil. Thug mé faoi deara go raibh chuile leathanach agus chuile fhocal léite aici; ní fiú agus gur fhága sí an ‘recipe’ ar an leathanach deiridh ar lár.
Ansin, thug mé suntas don alt i Tuairisc.ie a scríobh Colm Ó Neasa as Cill Chiaráin. Tá mé a cheapadh gur thosaigh Colm ag scríobh go poiblí i dtosach i leabhar Iorras Aithneach agus is breá liom a fheiceáil go bhfuil sé ag coinneáil leis. Is mór an clú dó féin agus do Sheán Ó Cuirrín an leabhar atá scríofa acu faoi stair Chumann Peile Charna/an Chaisil. Tuigim an scéin a cuireadh i gColm nuair a chonaic sé na figiúirí a bhain leis an laghdú ar an líon gasúr sa gceantar in Iorras Aithneach 2021. Tá súil agam go bhfanfaidh a chuid focla inár gcloigne uilig ag teannadh le deireadh na bliana.
Is dóigh go bhfanann focla agus comhráite na Nollag sa gcloigeann agus sa gcroí níos faide ná focla ar bith eile; tugann an Nollaig go leor chun cuimhne.
Bhíodh fear sa gceantar seo agus, ar nós go leor eile, théadh sé ar an ól faoi Nollaig. Fear é a bhí cineál tobann agus chuireadh an t-ól ropadh damanta faoi. Cén bhrí ach bhí gránghunna aige (go dleathach). Nuair a bhíodh boslach maith istigh aige d’fhógraíodh sé amach liosta na ndaoine a bhí le lámhach bun láithreach! Go deimhin, bhí cuid mhaith comharsan ar ‘death row’ ar feadh go leor Nollaigí! An diabhal bocht, ní dhearna sé aon bhlas as bealach ariamh.
Cás níos truamhéalaí a bhí i bhfear eile sa gceantar. Bhí faisean aigesean tosaí ag caoineachán gan don chabhantar agus scéala a chur amach go raibh a bhean tar éis bháis sa tSéalainn Nua! Ar ndóigh, ní raibh a leithéid de bhean ann. Thuig an comhluadar an scéal go maith agus bhídís ag cásamh a bhris leis agus ag rá leis go mba bhrónach an scéal a bhí aige faoi Nollaig. Go deimhin, bhíodh cuid acu ag cur caidéise air sula raibh “scéal” ar bith tagtha as an tSéalainn Nua agus ag fiafraí de an mbeadh sé i bhfad eile sula dtiocfadh an bhean abhaile! Níor chlis orthu ariamh; bhíodh an bhean bhocht básaithe roimh dheireadh na hoíche agus an fear ag fáil corr-leathcheann in aisce! Cuimhním i gcónaí ar an bhfear bocht faoi Nollaig agus ar a “bhean” sa tSéalainn Nua.
I bhfad ó bhaile ón “Seó” áitiúil sin cuimhním ar ócáid i Nua-Eabhrac gar don Nollaig riar blianta ó shin agus Caroline Kennedy (iníon an iarUachtaráin) ag seoladh leabhair, a ndearna sí féin eagarthóireacht air, leabhar a bhain leis na véarsaí agus dánta Nollaig ab fhearr léi féin. Bhí pictiúir ann agus í ina girseach bheag istigh faoi dheasc a hathar sa Teach Bán. D’éirigh liom cúpla focal beag comhrá a bheith agam léi agus d’fhiafraigh mé di faoin bpictiúr agus an Nollaig sa Teach Bán. B’fhacthas dom gur tháinig tocht ina glór. Bocht nó saibhir, uasal no íseal, fágann an Nollaig a lorg ar chuile chroí daonna.
Air ais go Conamara.
Thiomáin mé aniar as an gClochán ar Bhóthar an Phortaigh – leath bealaigh idir Cloch na Rón agus an Clochán – arú aréir, sin seacht nó ocht de mhílte agus gan ach sliabh fada, fairsing chuile thaobh díot. Thug sé chun cuimhne dom oíche Nollag tráth den saol nuair a thaistil mé an bóthar céanna sin agus mo shaol duairc agus dorcha agus mé gan mórán dóchais agus gan mórán misnigh. An clapsholas ag fáisceadh isteach ar an sliabh agus ag cur leis an dorchadas. Maireann an t-aistear sin I m’intinn chuile Nollaig agus silim gur mar sin a bheidh an fhaid agus a mhairfidh mé.
“Ní raibh Nollaig cheart ar bith ann i mbliana,” a deir an bhean bhocht ar shráid Charna. Is mór a chuidigh sí le Iorras Aithneach a choinneal beo. Ta súil agam go dtabharfaidh Iorras Aithneach 2021 solas agus sólas, dóchas agus misneach agus ardú croí do chuile dhuine a dtiocfaidh sí faoina shúil.
Ciarán
Píosa an-deas, a Mháirtín. Nár laga Dia thú.