Misneach agus dúchas ar fáil in iris bhliantúil Iorras Aithneach

Aon duine a bhfuil gaol ná dáimh acu le hIorras Aithneach agus a phobal, beidh neart ábhar seanchais aige as Iorras Aithneach 2021

Misneach agus dúchas ar fáil in iris bhliantúil Iorras Aithneach

Deis bhreá í an Nollaig lenár n-anáil a tharraingt, scíth a ligean, súil a chaitheamh siar ar an mbliain agus caint is comhrá a dhéanamh lenár muintir.

Aon duine a bhfuil gaol ná dáimh acu le hIorras Aithneach agus a phobal, beidh neart ábhar seanchais aige as Iorras Aithneach 2021, iris bhliantúil Charna/Chill Chiaráin.

Is geall le halmanag nó dialann faoin saol agus faoin bpobal seo is gaire do Mheirceá í an iris seo a dhéanann comóradh is cuimhneamh ar bheo is mharbh. Tá sí ar maos le pictiúir, daoine a d’imigh thar sáile, daoine a d’fhan agus na daoine óga a bhfuil cinniúint an phobail seo ar a gcrann.

Ar an gcéad fhéachaint ar na figiúirí déarfá leat féin gur pobal i mbaol atá anseo – i 1990 nuair a foilsíodh an chéad iris bhí 330 gasúr sna bunscoileanna ach i mbliana níl iontu ach 115 gasúr, tá scoil amháin dúnta ó shin agus ceann eile íseal go maith.

Ach rosc catha atá ar leathanach cúil na hirise seo: “Beag beann ar an laghdú daoine óga, beag beann ar an gcaoi a bhfuil an rialtas lárnach agus áitiúil ag caitheamh leis an bpobal, d’éirigh daoine agus d’fhéach siad leis an saol a fheabhsú ar mhórán bealaí.”  Níl deireadh ráite ag an dream treallúsach a d’fhoilsigh an “scáthán seo ar phobal a bhfuil a gcumas léirithe acu ar fud an domhain”.

Gheobhaidh tú éachtaí, ócáidí, pictiúir agus neart fógraí san iris dhaite seo ar €10.

Tá pictiúr anseo de na gasúir a bhí i Scoil Chill Chiaráin i 1932 agus píosaí ó ghasúir an lae inniu faoin obair shlachtmhar a rinneadh ar chlós na scoile agus an trealamh spraoi eile atá uathu fós. Is mór an seans  nach mórán den spraoi a chonaic gasúir 1932 ach neart den mhaide agus den fhuacht agus nach breá an t-athrú é sin fhéin ar shaol na n-óg.

Tá píosaí breátha anseo faoi shaol agus muintir na háite – scéal na ceilpe as leabhar Choilm Uí Ghaora ‘Obair is Luadhainn’, dhá chuntas spéisiúla i mBéarla ó dhá theaghlach a d’aistrigh go dtí an ceantar le gairid agus cuntas agus pictiúir faoin gcéad ghleoiteog mhór, ‘An Róisín Dubh’ le Réamonn Mac Donnchadha, a tógadh ansin le dhá chéad bliain. Deirimse misneach is dúchas leat.

Bhain mé an-sásamh go deo as alt leis an Athair Pádraig Standún atá bailithe ar féarach i gCill Chiaráin agus blianta fada tugtha aige mar shagart sa nGaeltacht. Saonta go leor is cosúil go gceaptaí gur  ‘Dúch agus Deoch’ an dá chathú ba mhó ag sagart agus é ag tabhairt faoin saol sin ach níor bhain ceachtar acu aon tuisle as Pádraig mar tá sé fós ag scríobh agus ag foilsiú.

Is mór atá scríofa faoi Pheter, deartháir an fhile Patrick Kavanagh, ach tugann an seandálaí Erin Gibbons a ceart féin dá bean ghaoil féin, Ann Keeley Kavanagh, a bhí ina cónaí i Manhattan, iníon le Micheál Ó Caodhla as Leitir Ard, Caiseal. Bhí Ann ina réalta mhór teilifíse is nuachta le NBC TV. Ise a thug deis is airgead dá fear céile Peter le saothar a dhearthár a chosaint agus a chur in iúl don saol mór. Cuireadh luaithreach Ann Ó Caodhla Kavanagh sa reilig cháiliúil siúd in Inis Caoin i gcontae Mhuineacháin le déanaí.

Tá alt breá agus léarscáil ag Colm Ó Neasa faoin taighde a rinne sé ar stair agus logainmneacha Chill Chiaráin – éacht ceannródaíochta agus dea-shampla do chuile phobal.

Faraor ní grian is sonas ar fad a bhíodh sa gceantar aoibhinn seo – bíonn an mí-ádh agus an drochmhianach chuile áit. Scéal truamhéalach anseo as Ros Cíde nuair a bádh athair is mac agus iad ag feistiú na curaí oíche stoirme, Oíche’l Stiofáin thar oícheanta an tsaoil.

Ní hé uafás na stoirme ach uafás an duine is bun le scéal deacrach ó 1890 atá ag Seosamh Ó Cuaig faoi pháistín a bádh i Loch an Charnáin agus an cás cúirte a lean. Is mór atá le léamh as faoin saol sin, gan taise do bhean ná do pháiste.

Ach tá neart eile sa leabhar seo – fosaíocht caorach in Idaho, bean óg a bhailigh beagnach €2000 do charthanacht ar a cuid gruaige, turas a rinne Tommy Cloherty ar oileán tréigthe a dhúchais, an Bior Mór, agus leagan Gaeilge ag an bhfile Paddy Mhéime Ó Súilleabháin ar an amhrán ‘Portaigh Shanaheever’.

Tá oideas i ndeireadh an leabhair le Cáca Croíúil Nollag a dhéanamh ach seachain thú féin air nó is maith tinn a bheas an cloigeann ar maidin!

Is blasta téagartha an lón Nollag atá sa leabhar seo, bíodh tú á léamh sa mbaile nó thar sáile. Tá sí le ceannach i siopaí na háite – ón Tulaigh siar go hIorras Aithneach agus ó thuaidh ar an Teach Dóite.

Fág freagra ar 'Misneach agus dúchas ar fáil in iris bhliantúil Iorras Aithneach'