Fobhríste ar foluain os cionn chaisleán Phrág, Uachtarán gan náire

Bhí go leor de mhuintir Phoblacht na Seice sásta slán a fhágáil le déanaí leis an iaruachtarán, Miloš Zeman

Fobhríste ar foluain os cionn chaisleán Phrág, Uachtarán gan náire

Aon duine a thug cuairt ar chaisleán Phrág tar éis 2015, bhí air fanacht sa scuaine agus dul trí sheiceáil slándála chun cead isteach a fháil go dtí an caisleán is mó ar domhan, de réir Leabhar Taifead Guinness. Is é caisleán Phrág áit chónaithe uachtarán Phoblacht na Seice de réir an traidisiúin agus bhí na seicphointí ar cheann de na hathruithe feiceálacha a tharla tar éis do Miloš Zeman a bheith tofa chun na hoifige sin in 2013. Níor chuir siad mórán iontais ar an ngnáth-thurasóir, b’fhéidir, agus é ag ceapadh gur eagla roimh an sceimhlitheoireacht a bhí taobh thiar den bheartas.

Sin a mhaígh an t-uachtarán chomh maith, ach tá a mhalairt tuairime ag formhór mhuintir Phrág. Tá bratach faoi leith ag uachtarán na tíre a thaispeánann armas na Poblachta agus an mana ‘Ag an bhfírinne a bhíonn an bua’, mana a théann chomh fada siar le Jan Hus, a bhí ar son leasaithe creidimh sa gcúigiú haois déag. Bíonn an bhratach ar foluain os cionn an chaisleáin gach uair a bhíonn an t-uachtarán sa bhaile. I mí Mheán Fómhair 2015, chuir grúpa cleasaithe éadaí glantóirí simléar orthu, dhreap siad suas ar an díon, ghoid an bhratach agus chuir fobhrístí ollmhóra dearga dornálaí ina háit.

Bhí Zeman ar buile, ag áiteamh gur intleachtóirí faisisteacha Phrág agus scata liúdramán a bhí taobh thiar den ghníomh, agus cuireadh tús leis an tseiceáil slándála cúpla mí ina dhiaidh sin. Mhaígh na cleasaithe, agus iad á gcosaint féin go poiblí, gur beart siombalach a bhí ann chun a léiriú gur uachtarán gan náire a bhí i Zeman. Luaigh siad cúpla cúis leis an dearcadh sin – go raibh Zeman i gcoinne glacadh le daltaí a bhí faoi mhíbhuntáiste i ngnáthranganna scoile, go raibh caimiléirí go leor timpeall air agus gur thug sé ómós d’arm na Síne ar chearnóg Tiananmen, áit ar mharaigh an t-arm céanna na céadta mac léinn i 1989.

Bhí lomchlár na fírinne ag na cleasaithe, ach caithfear a mhíniú freisin cén fáth ar vótáil formhór an phobail ar son Zeman faoi dhó, in 2013 agus in 2018. Pobalóir a bhí ann riamh, blianta sular thosaigh an chaint faoin bpobalachas ar fud na hEorpa. Chuir Zeman é féin i láthair mar ionadaí na ndaoine a d’fhulaing, bíodh sin ina bpóca nó ar bhealach éigin eile, de dheasca na n-athruithe a tháinig tar éis ré an Chumannachais i 1989. Níor leasc leis riamh taisteal go réigiúin imeallacha na tíre agus éisteacht lena raibh á rá ag an gcosmhuintir ansin, cé gur ar mhaithe leis féin amháin a d’úsáid sé an tacaíocht a fuair sé.

Thosaigh sé mar cheannaire páirtí ar an eite chlé, na Daonlathaithe Sóisialta, agus chaith sé tréimhse mar phríomh-aire na tíre. Ach thréig sé an eite chlé go luath ina dhiaidh sin nuair a fuair sé amach gur féidir níos mó tacaíochta a fháil trí sheasamh frith-imirceach a ghlacadh agus trí ionsaithe rialta a dhéanamh ar ghrúpaí mionlaithe, daltaí faoi mhíbhuntáiste san áireamh.

Theastódh aiste fhada chun cuntas a thabhairt ar leath de na scannail a bhain leis an uachtarán seo. Rinne sé an bunreacht a lúbadh chun níos mó cumhachta a fháil dá oifig féin (mar atá in Éirinn, tá cumhachtaí an uachtaráin teoranta go leor i bPoblacht na Seice), labhair sé go maslach faoi iriseoirí, faoi mhná, faoi dhaoine trasinscneacha agus faoi ghrúpaí eile. Bhí sé é ar na stártha meisce ag searmanas oifigiúil os cionn sheoda corónaithe na Boihéime… Ba leor an méid sin chun deireadh a chur leis an nós seanbhunaithe anseo go mbeadh grianghraf an uachtaráin ar crochadh i seomraí ranga ar fud na tíre.

An rud is measa ná gur chuir Zeman sábháilteacht na poblachta i mbaol trí thacú leis an Rúis a bhí ar a míle dícheall cur lena cuid tionchair sa tír ar feadh an ama sin go léir. Chosain sé Putin nuair a ghabh sé an Chrimé in 2014 agus chuir sé brú mór ar an rialtas ionas go roghnófaí comhlacht Rúiseach chun imoibreoir núicléach a thógáil sa tír. Is minic, freisin, a chuir sé bac ar iarrachtaí na seirbhíse rúnda cur i gcoinne na ngníomhairí Rúiseacha – iad siúd, cuir i gcás, a phléasc stóras armlóin i bPoblacht na Seice in 2014. Is fíor gur athraigh sé a intinn nuair a thosaigh an cogadh anuraidh – ach mura n-athródh, is cinnte go gcuirfí tréas ina leith.

Tháinig deireadh le ré Zeman le hinsealbhú an uachtaráin nua, Petr Pavel, ar an 9 Márta i mbliana. Tar éis an insealbhaithe, thaispeáin Pavel don slua an bhratach a goideadh in 2015 – thug na cleasaithe, an grúpa Ztohoven, ar ais dó é, ag léiriú a ndóchais go gcosnódh sé luachanna an daonlathais, murab ionann agus a réamhtheachtaí.

Tá seans maith anois go bhfaighfear réidh leis na seicphointí slándála sa chaisleán chomh maith.

Fág freagra ar 'Fobhríste ar foluain os cionn chaisleán Phrág, Uachtarán gan náire'

  • Derry

    Ztohoven abú!