‘Ní fhaigheann minic onóir’ de réir an tseanfhocail. Sin an fáth a raibh formhór an phobail – cuma cárbh as dóibh – ag rá sular himríodh Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann, coicís ó shin, go raibh siad ag súil go mba ag Gaillimh a bheadh an bua.
Tá blaiseadh maith den seanfhocal sa timpeall i gconaí agus cluiche mór na peile ar an tairseach againn. Ní hiontas sin. Is maith an bailiú é 37 craobh agus is beag lasmuigh de mhuintir na Ríochta a gcuirfidh sé mórán gliondair orthu má éiríonn le Ciarraí cur leis sin i mbliana.
Ní baileach go bhfuil an cruinniú céanna déanta ag Áth Cliath, ach fiú mura mbeadh acu ach lán glaice, de réir nádúir, téann sé rite i gconaí le lucht tuaithe tacú le lucht na cathrach.
Deireadh an scéil, mar sin, murab ionann agus an iománaíocht, gur dóigh gur cuma le formhór na tíre cé acu Ciarraí nó Áth Cliath a bhuafaidh. Ach arb ionann sin agus a rá gur ag lucht na gcontaetha sin amháin a bheas suim ina dtitfidh amach i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 2015? Beag an baol.
Tá stair na Peile Gaelaí le dhá scór bliain go mór faoi anáil dhá rud. Teacht chun cinn fhoirne an Tuaiscirt sa gcuid is deireanaí di agus na hiomaíochtaí idir Ciarraí agus Áth Cliath, a chuir tús léi.
Iomaíocht réasúnta nua í sin ar bhealaí go leor. Idir 1924 agus 1975, cuir i gcás, níor imríodar a chéile i gCluiche Ceannais na hÉireann ach aon uair amháin, ach mheall an cluiche sin i 1955 níos mó daoine go Páirc an Chrócaigh ná a bheidh i láthair inniu, 87,768.
‘Sé cluiche na bliana seo an t-ochtú huair le dhá scór bliain acu a chéile a imirt sa gcluiche ceannais agus san achar sin thugadar aghaidh ar a chéíle trí huaire i mbabhtaí leathcheannais agus trí huaire eile i mbabhtaí ceathrú ceannais.
Inár gcuimhní-ne, seans gurb é cúilín an bhua a fuair Stephen Cluxton as an gcic saor faoi scáth Ardáin an Chíosógaigh ceithre bliana ó shin an píosa imeartha is úire as na coimhlintí sin ar fad agus gurb é an cúl as rógaireacht Mikey Sheehy i gCluiche Ceannais 1978 an giota is minicí atá feicthe againn.
Ciarraí a bhuaigh cúig cinn de na seacht gcluiche ceannais sin atá imeartha ó 1975, ba iad a bhí chun cinn nuair a chríochnaigh na babhtaí ceathrú ceannais i 2001,’04 agus ’09, ach ba iad Áth Cliath a bhuaigh an dá chluiche ab fhearr ar fad – cluichí leathcheannais na hÉireann 1977 agus 2013.
Cúil a scóráladh deireanach san imirt a d’fhág sin amhlaidh. David Hickey agus Bernard Brogan a d’aimsigh iad i ’77, i gluiche a mba iad Ciarraí a bhí chun cinn ar chlár na scór go dtáinig an 56ú nóiméad. Níos drámatúla fós a bhí cúrsaí dhá bhliain ó shin i gcoimhlint ina raibh trí chúl ag Ciarraí faoi leathama, ach ar fhág péire a scóráil Kevin McManamon agus Eoghan O’ Gara cuma leataobhach ar an scór (3-18, 3-11) faoi dheireadh.
A gcroíthe agus a gcuid féinmhuiníne ba mhó ba chúis le bua Átha Cliath sa dá chluiche áirithe sin, ach gan dabht bhí gnéithe agus tréithe eile fada, fairsing iontu – san áireamh go cinnte ansin agam, tá an cumas atá i gColm Cooper léamh a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú ina thimpeall agus beart a dhéanamh dá réir chun tosaigh ar aon duine eile.
Tá siad ann atá níos airde, níos troime, níos scioptha, níos láidre agus níos téagartha ná fear na gCrócach, ach níl sárú ar an éirim peile atá aige.
Táim féin chomh claonta le duine. Admhaím, ach mo rogha a bheith agam, go bhfuil deich gcinn fichead d’fhoirne eile sa tír agus cúpla ceann taobh amuigh di ab fhearr liom a fheiceáil laistiar de Bhanna Ard Aidhin inniu. Fós ní féidir liomsa ná leatsa a shéanadh gurb iad an dá fhoireann peile is fearr sa tír a bheas ag máirseáil.
Ba bheag nár baineadh truislín astu beirt – i gCluiche Ceannais na Mumhan i gcás Chiarraí agus in aghaidh Mhaigh Eo i gcás Áth Cliath.
Is i bPáirc an Chrócaigh féin is fearr a bheas léargas ar fáil ar an gcoimhlint faoi leith a bhíonn idir an dá chontae seo. Éalóidh cuid den dath, den phaisean agus den díograis amach trí na scáileáin teilifíse agus trí mhicrafóin an raidió, ach níl sin leath chomh maith le bheith i láthair.
Fós féin, bí cinnte go bhfeicfidh fiú iad siúd ar cuma leo cé a bhuafaidh an t-aicsean, ar bhealach eicínt.
Fág freagra ar 'Fiú mura áil linn é, is iad an dá fhoireann peile is fearr sa tír a bheas ag máirseáil inniu'