Fág freagra ar 'FÍSEÁN/AGALLAMH: ‘An ar mhaithe lena phróifíl féin a thug Íosa ar ais ón mbás Lazarus?’'

  • padraig

    Scríbhneoir sárchumasach é an fear ‘réchúiseach’ seo Mícheál Ó Conghaile agus go leor foilsithe aige cheana féin. Léigh mé ‘Sna Fir’ agus ‘An Fear a Phléasc’ agus tá codanna díobh thar a bheith greannmhar, ainspianta agus uafásach agus an scríbhneoireacht an-inniúil iontu. Ná bí ag súil le haon mheonaíocht ón bhfear seo ina chuid leabhar bíodh go labhrann sé go deas réidh tomhaiste réasúnta sa bhfíseán, léigh a chuid leabhar chun a fheiceáil cad é atá ar chúl copóige aige! Súil agam go mbeidh gealadh faoi arís amach anseo.