FÍSEÁN: ‘Tá tú cosúil le ‘Comical Ali’ na Gaeilge’ – McHugh faoi bhrú sa Dáil mar gheall ar ‘athbheochan ollmhór’ na teanga

Chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín agus an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív brú láidir ar Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil maidin inniu faoi chur chuige agus chaiteachas an Rialtais i leith na Gaeilge

FÍSEÁN: ‘Tá tú cosúil le ‘Comical Ali’ na Gaeilge’ – McHugh faoi bhrú sa Dáil mar gheall ar ‘athbheochan ollmhór’ na teanga

Cuireadh i leith Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh inniu gur cosúil le ‘Comical Ali’ é toisc é a bheith ag caint ar “athbheochan ollmhór” na Gaeilge tráth a bhfuil an teanga “faoi bhrú uafásach” sa Ghaeltacht.

Urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Peadar Tóibín, a chuir an tAire Stáit i gcomparáid le Mohammed Saeed al-Sahhaf, a bhí ina urlabhraí ag rialtas Saddam Hussein le linn chogadh na hIaráice.

Thuill al-Sahhaf an leasainm ‘Comical Ali’ mar gheall ar a bhríomhaire agus a bharrúla is a bhíodh a phreasócáidí le linn an chogaidh agus mar gheall ar a chlaonadh chun na háibhéile agus na bolscaireachta gan bhunús.

Chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín agus an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív brú láidir ar Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil maidin inniu faoi chur chuige agus chaiteachas an Rialtais i leith na Gaeilge.

 

Chuir Ó Cuív i leith an Aire Stáit McHugh go mbíonn sé ag déanamh “gaisce” as an maoiniú caipitil a chuirtear ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ach gurb é fírinne an scéil go raibh an caiteachas sin tite ó €71 milliún in 2008 go dtí €10 milliún in 2018.

Mhaígh Ó Cuív go raibh an scéal amhlaidh in ainneoin go raibh mórán an méid céanna caiteachas caipitil – €62 billiún – á dhéanamh ag an Rialtas i mbliana is a bhí á dhéanamh in 2008.

Dúirt Peadar Tóibín gur mhó an “gearradh siar” a bhí déanta sa chaiteachas ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ná in “aon earnáil eile sa tír”.

Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh go mbeadh maoiniú caipitil €78 milliún breise ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sna deich mbliana amach romhainn faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus gur thug an plean céanna “aitheantas láidir” don chóras pleanála teanga sa Ghaeltacht.

D’aontaigh sé go raibh “laghdú ollmhór” ar chaiteachas na Gaeilge agus na Gaeltachta idir 2008-2014 ach mhaígh sé go raibh an caiteachas sin á ardú “céim ar chéim” anois.

Thagair sé chomh maith don gheallúint sa phlean forbartha go dtógfar lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ionaid Ghaeilge in áiteanna eile ar fud na tíre.

 

Ba nuair a dúirt an tAire Stáit nach leagtar dóthain béime le linn díospóireachtaí  Dála ar an “athbheochan [teanga] ollmhór taobh amuigh den Dáil” a chuir Peadar Tóibín ina leith go raibh sé ar chuma ‘Comical Ali’ agus é dall ar an saol mar atá maidir le cás na teanga.

“Leis an fhírinne a rá is í an Ghaeilge an saghas ‘col ceathrar bocht’ mar gheall ar an Rialtas. Mar gheall ar an Rialtas, tá an Ghaeilge agus an tAire McHugh ag bun an dréimire gach uair agus tá sé dochreidte, tá tú cosúil le ‘Comical Ali’ anseo, a Aire, mar gheall ar an nGaeilge.

“Tá titim 11% tagtha ar an méid daoine atá ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht, sin an tslat tomhais is tábhachtaí mar gheall ar an saghas cleachtas atá ag an Rialtas. Titim 11%, agus tá tusa ag teacht isteach inniu agus ag rá go bhfuil athbheochan ag teacht ar an rud. Tá sí ag dul i laige sna Gaeltachtaí, an áit is tábhachtaí,” a dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Peadar Tóibín.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Joe McHugh gur gá don Teachta Dála de chuid Shinn Féin a bheith “ciallmhar”.

“Ní aontaím leis an ráiteas fadúda an col ceathrar bocht. Níl an teanga ina col ceathrar bocht. Caithfidh an Teachta bheith ciallmhar maidir leis sin. Níor thug an Teachta aitheantas don ról atá ag an cheangal agus an nasc idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. I mí Mheán Fómhair i mbliana, beidh tacaíocht breise ag dul chuig achan bhunscoil sna ceantair Gaeltachta. Seo an áit a bheidh an teanga ag fás sa tír – istigh sna bunscoileanna,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Cheistigh Tóibín an tAire Stáit chomh maith faoin scéala nach bhfuair Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2018 ach leath an mhéid airgid bhreise a mheas siad a bhí ag teastáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus d’fhiafraigh an Teachta Dála de McHugh cén fáth gur chuir sé fáilte roimh an maoiniú a ceadaíodh mar “aitheantas” don Ghaeilge agus don Ghaeltacht nuair nach raibh i gceist ach “leathaitheantas”.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur léir nach raibh aon phlean ag an Rialtas chun cosaint a thabhairt don Ghaeltacht sa chóras pleanála tithíochta agus gan aon “tagairt ar chor ar bith” don Ghaeltacht agus an “phleanáil fhisiciúil” sa Chreat Náisiúnta Pleanála.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Tá tú cosúil le ‘Comical Ali’ na Gaeilge’ – McHugh faoi bhrú sa Dáil mar gheall ar ‘athbheochan ollmhór’ na teanga'

  • Concubhar

    Tá muinéal phráis ag Éamon Ó Cuív bheith ag cáineadh Joe McHugh as bhuiséid caiptil na Gaeilge is na Gaeltachta bheith gearrtha. Níl aon amhras go bhfuil siad gearrtha ach nuair a bhí Éamon ina Aire Gaeltachta trath an rachmais, ghearr sé go leanúnach buiséad an Fhorais agus buiséad an Údaráis…..

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.