Leath an méid airgid bhreise a mheas siad a bhí ag teastáil don Ghaeilge a fuair Roinn na Gaeltachta do 2018

De réir aighneacht réamhbhuiséid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta €5 mhilliún breise a theastaigh chun a spriocanna ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhaint amach i mbliana

Leath an méid airgid bhreise a mheas siad a bhí ag teastáil don Ghaeilge a fuair Roinn na Gaeltachta do 2018

Ní bhfuair Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2018 ach leath an méid airgid bhreise a mheas siad a bhí ag teastáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

De réir na haighneachta réamhbhuiséid a chuir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi bhráid na Roinne Aigeadais i bhfómhar na bliana seo caite, €5 mhilliún breise a theastaigh chun a spriocanna ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhaint amach.

€2.5 milliún breise a ceadaíodh do bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018.

De réir an eolais a fuair Nuacht TG4 faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, €1.75 milliún breise a bhí ag teastáil ón Roinn le caitheamh ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. €1.4 milliún a ceadaíodh dóibh sa bhuiséad le caitheamh i réimse na pleanála teanga.

Níor tugadh sa bhuiséad ach 40% den mhaoiniú breise a mheas Roinn na Gaeltachta a bhí ag teastáil d’Údarás na Gaeltachta dá chlár caipitil agus chun tacú le comharchumainn agus eagraíochtaí forbartha pobail na Gaeltachta. €1 milliún breise a bhí ag teastáil ón Roinn don Údarás le caitheamh sa réimse seo ach €400,000 a tugadh dóibh. €1 milliún breise a theastaigh chomh maith d’Fhoras na Gaeilge ach níor cuireadh maoiniú breise ar fáil don eagraíocht trasteorann.

Deirtear chomh maith sa réamhaighneacht a fuarthas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise go raibh €1 milliún breise ag teastáil don Fhoras chun dul i ngleic le “legacy pay issues”.

díospóireacht ar bun le tamall faoin maoiniú atá á cheadú don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá amhras ann faoin bpróiseas ó dhiúltaigh Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige don €100,000 a bhí á thairiscint chun a bplean teanga a chur i bhfeidhm.

€250,000 in aghaidh na bliana a bhí á lorg agus cead triúr a fhostú leis an bplean a chur i gcrích as seo go ceann seacht mbliana agus bhí sé i gceist ag Coiste stiúrtha Fhóram Chois Fharraige go molfaí an eagraíocht a scor mura bhfaigheadh siad tairiscint ar mhaoiniú breise.

I mí na Nollag, d’fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta go raibh €50,000 breise á thairiscint do lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht in iarracht teacht ar fhuascailt ar an tsáinn ina raibh an córas pleanála teanga.

De réir fhógra na Roinne thabharfaí maoiniú breise do lucht pleanála teanga i gcúig limistéar pleanála teanga – Cois Fharraige, iarthuaisceart Dhún na nGall, Corca Dhuibhne, Oileáin Árann agus lár Chonamara. Sa bhreis air sin, thug an Roinn le fios d’Fhóram Chois Fharraige go bhfógrófaí go luath in 2018 beartais eile chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga.

Is mar gheall nach bhfuil na beartais sin fógartha go fóill a chuir Fóram Chois Fharraige siar a gcinneadh cé acu ar cheart glacadh le tairiscint ar mhaoiniú breise agus plean teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm nó diúltú don mhaoiniú sin agus an Fóram a scor.

Tá ráite ag polaiteoirí agus saineolaithe gur chóir do choistí pleanála teanga teacht le chéile agus diúltú páirt a ghlacadh sa phróiseas nó go gcuirfear maoiniú breise ar fáil.

Dúirt iarcheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta Tomás Mac Con Iomaire, duine de na daoine a d’ullmhaigh plean teanga na Ceathrún Rua, gur cheart do na coistí uilig a bhí ag plé leis an bpleanáil teanga ar fud na Gaeltachta “teacht le chéile agus seasamh a tógáil” faoina “laghad maoinithe” atá le cur ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sna limistéir éagsúla pleanála teanga.

Dúirt an tOllamh Dónall Ó Baoill, a d’oibrigh ar an bplean teanga do Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann, go dteipfeadh ar na pleananna teanga cheal maoinithe agus ceannaireachta.

Fág freagra ar 'Leath an méid airgid bhreise a mheas siad a bhí ag teastáil don Ghaeilge a fuair Roinn na Gaeltachta do 2018'