Cinneadh faoi thodhchaí na pleanála teanga i gCois Fharraige curtha siar

Tá cruinniú faoina bhfuil i ndán don phróiseas pleanála teanga i gCois Fharraige curtha siar. Idir an dá linn, tá sraith moltaí déanta ag lucht pleanála teanga na Gaeltachta

Cinneadh faoi thodhchaí na pleanála teanga i gCois Fharraige curtha siar

An mhí seo chugainn  a dhéanfaidh Fóram Um Pleanáil Teanga Chois Fharraige cinneadh cé acu ar cheart glacadh le tairiscint ar mhaoiniú breise agus plean teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm nó diúltú don mhaoiniú sin agus an Fóram a scor.

Bhí cruinniú le bheith ag lucht na pleanála teanga i gCois Fharraige Dé Luain seo chugainn mar gheall ar a bhfuil i ndán do phlean teanga an cheantair, ach tá an cruinniú sin curtha siar anois go dtí an mhí seo chugainn.

I ráiteas a d’eisigh Coiste Stiúrtha an Fhóraim pleanála teanga inniu dúradh gur socraíodh gan dul ar aghaidh leis an gcruinniú a bhí beartaithe don Luan seo chugainn, toisc nach raibh eolas curtha ar fáil go fóill ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi na beartais tacaíochta bhreise don phleanáil teanga atá geallta acu.  

Tá amhras mór ann faoina bhfuil i ndán do phróiseas pleanála teanga na Gaeltachta ó dhiúltaigh Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige don €100,000 a bhí á thairiscint chun a bplean teanga a chur i bhfeidhm, agus an baol ann go ndéanfaí an eagraíocht pleanála teanga, atá i gceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, a scor mar gheall ar an aighneas faoi chúrsaí maoinithe.

€250,000 in aghaidh na bliana agus cead triúr a fhostú leis an bplean a chur i gcrích as seo go ceann seacht mbliana a bhí á lorg ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga agus bhí sé i gceist ag Coiste stiúrtha Fhóram Chois Fharraige go molfaí an eagraíocht a scor mura bhfaigheadh siad tairiscint ar mhaoiniú breise.

Roimh an Nollaig, d’fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta go raibh €50,000 breise á thairiscint do lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht in iarracht teacht ar fhuascailt ar an tsáinn ina bhfuil an córas pleanála teanga faoi láthair.

De réir fhógra na Roinne thabharfaí maoiniú breise do lucht pleanála teanga i gcúig limistéar pleanála teanga – Cois Fharraige, iarthuaisceart Dhún na nGall, Corca Dhuibhne, Oileáin Árann agus lár Chonamara. Chomh maith leis sin, thug an Roinn le fios d’Fhóram Chois Fharraige go bhfógrófaí go luath in 2018 beartais eile chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga.

Is mar gheall nach bhfuil na beartais sin fógartha go fóill a chuir Fóram Chois Fharraige siar cruinniú na seachtaine seo chugainn.

Dúirt lucht Choiste Stiúrtha an Fhóraim gur tugadh le fios dóibh nach mbeidh eolas á thabhairt faoi scéimeanna tacaíochta nua na Roinne  “go ceann tamaill eile”.

“Gan an an t-eolas sin a bheith ar fáil, tá sé socraithe an cruinniú den Fhóram, a bhí le bheith ann ar an Luan seo chugainn, a chur siar, ar an mbonn nach bhféadfaí cinneadh a dhéanamh cheal eolas faoi na beartais tacaíochta bhreise atá le cur ar fáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta, agus Gaeltachta don phróiseas pleanála teanga.   

Níl aon dáta cinnte socraithe don chruinniú fós ach tá súil ag Coiste Stiúrtha an Fhóraim an cruinniú a a bheith acu an mhí seo chugainn ach an t-eolas breise a bheith faighte ón Roinn acu. 

Idir an dá linn, tá sraith moltaí maidir leis an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht le cur faoi bhráid Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta bunaithe ar an méid a bhí le rá ag céad Chomhdháil na gCoistí Pleanála Teanga, a bhí ar siúl i Ráth Chairn an tseachtain seo caite.

I measc na moltaí sin, dúradh gur gá maoiniú ceart a chur ar fáil do na pleananna teanga agus go mbeadh an maoiniú sin bunaithe ar an gcostasú atá déanta ag na coistí pleanála teanga “ar iarr an maoinitheoir orthu sin a dhéanamh”. Sa chás go mbeadh ceist faoin gcostasú sin, moltar go bpléifí an scéal leis an gcoiste pleanála teanga “seachas neamhaird a dhéanamh den chostasú agus diúltú dó gan phlé”.

Moladh chomh maith go mbeadh “smacht” ag na coistí pleanála teanga an maoiniú a cheadaítear dóibh “a chaitheamh de réir riachtanais a bpleananna féin”.

Sa chás gur gá plé a dhéanamh le comhlachtaí poiblí nó le ranna stáit eile mar gheall ar phlean teanga atá ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta a chur i gcrích, moladh go ndéanfadh Roinn na Gaeltachta féin an plé sin leis na comhlachtaí poiblí nó na ranna stáit eile thar ceann an choiste pleanála teanga.

Tá ráite ag polaiteoirí agus saineolaithe gur chóir do choistí pleanála teanga teacht le chéile agus diúltú páirt a ghlacadh sa phróiseas nó go gcuirfear maoiniú breise ar fáil.

Dúirt iarcheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta Tomás Mac Con Iomaire, duine de na daoine a d’ullmhaigh plean teanga na Ceathrún Rua, gur cheart do na coistí uilig a bhí ag plé leis an bpleanáil teanga ar fud na Gaeltachta “teacht le chéile agus seasamh a tógáil” faoina “laghad maoinithe” atá le cur ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sna limistéir éagsúla pleanála teanga.

Dúirt an tOllamh Dónall Ó Baoill, a d’oibrigh ar an bplean teanga do Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann, go dteipfeadh ar na pleananna teanga cheal maoinithe agus ceannaireachta.

Fág freagra ar 'Cinneadh faoi thodhchaí na pleanála teanga i gCois Fharraige curtha siar'