FÍSEÁN: ‘Níl na comharthaí iontach maith’  – amhras léirithe ag stiúrthóir an Oireachtais faoi fhéile na bliana seo

Deir Liam Ó Maolaodha gur buille mór a bheadh ann don eagraíocht dá gcaithfí féile an Oireachtais chur ar ceal arís i mbliana

FÍSEÁN: ‘Níl na comharthaí iontach maith’  – amhras léirithe ag stiúrthóir an Oireachtais faoi fhéile na bliana seo

Tá amhras léirithe ag lucht Oireachtas na Gaeilge go bhféadfaí féile na Samhna “mar a thuigeann muid” í a reáchtáil i mbliana.

Deir stiúrthóir an Oireachtais nach bhfuil “na comharthaí go maith” faoi láthair i dtaobh na féile a bheith ann níos deireanaí i mbliana, ach go bhfuil obair ar bun chun féile de chineál éigin a chur ar siúl.

Deir sé go bhfógrófar cinneadh maidir le reachtáil na féile mí an Mheithimh. Tá Oireachtas na Samhna le bheith i gCill Airne i mbliana.

“Níl a fhios againn fós an mbeidh Oireachtas ann i mbliana nó nach mbeidh,” a deir Liam Ó Maolaodha le Tuairisc.ie.

“Níl na comharthaí iontach maith i láthair na huaire.”

Is i mí an Mheithimh anuraidh a fógraíodh go raibh Oireachtas na Samhna 2020, a bhí le bheith ar siúl i nGaillimh, curtha ar ceal de bharr na paindéime agus deir Ó Maolaodha go ndéanfar cinneadh maidir le féile na bliana seo thart ar an am céanna.

Deir Ó Maolaodha go bhfuil trí rogha éagsúil ag lucht an Oireachtais maidir le reáchtáil fhéile na bliana seo.

“Uimhir a haon, go mbeadh an tOireachtas mar a thuigeann muid é ar siúl ina iomlán. Uimhir a dó, go mbeadh Oireachtas mar a bhí anuraidh againn, imeachtaí ar líne, ar na meáin chraolta agus ar na meáin shóisialta. Uimhir a trí, is dócha, meascán den dá rud sin,” a deir sé.

Deir Ó Maolaodha go mbraitheann aon phleananna faoin bhféile ar na srianta a bheidh i bhfeidhm ag an am ach go mbeidh cinneadh le déanamh “measartha luath” faoina mbeidh i ndán d’fhéile 2021.

“Tá cásanna ag dul in airde i gcónaí, nó cinnte níl siad ag dul síos ar aon bhealach,” arsa Ó Maolaodha.

“Ar ndóigh, le linn Oireachtas na Samhna, aithnítear go bhfuil réimse leathan aoisghrúpaí i gceist, ón duine is óige go dtí an duine is sine . . . Ní fhéadfadh muid a bheith cinnte fiú go mbeidh daoine sásta dul chuig mórócáidí. 

“Tá muid ag déanamh na meastóireachta, tá muid ag glacadh le comhairle agus mar sin de agus fógrófar cinneadh ag tús mhí an Mheithimh, le cúnamh Dé.”

Tar éis d’Oireachtas na bliana seo caite a bheith curtha ar ceal, chuirfeadh sé as go mór don eagraíocht dá dtarlódh a leithéid arís, a deir sé.

“Ábhar imní é go mbeadh an dara bliain caillte againn, caithfidh mé a rá,” a deir Ó Maolaodha. 

“An bhliain seo caite, rinneamar go leor leor le hainm an Oireachtais agus na féile a choinneáil os comhair an phobail ach dá mbeadh an dara bliain caillte againn, ghoillfeadh sé sin go mór ar an eagraíocht.”

Mar sin féin, murar féidir an fhéile a reáchtáil go sábháilte, deir Ó Maolaodha nach bhfuil an dara rogha ann ach í a chur ar ceal arís.

“Má bhíonn orainn an fhéile a chur ar ceal don dara bhliain, déanfar é ar na cúiseanna cearta agus tiocfaidh muid as. Fásfaidh an tOireachtas arís.”

Idir an dá linn, deir Ó Maolaodha go bhfuil roinnt tionscnamh ar siúl ag an Oireachtas. Tá na Gradam Liteartha á reáchtáil faoi láthair agus deir Ó Maolaodha go mbeidh na Gradaim Foilsitheoireachta á riaradh arís i mbliana.

Tá an tOireachtas i mbun oibre le hAontas na Scríbhneoirí faoi láthair ar ócáid in ómós do Joe Steve Ó Neachtain, a bhásaigh anuraidh, ócáid a bheidh ann an mhí seo chugainn.

Deir Ó Maolaodha freisin go bhfuiltear ag comhoibriú le hÚdarás Craolacháin na hÉireann maidir le tionscnamh raidió atá bunaithe ar thaighde de chuid an Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Fógraíodh an mhí seo caite go mbeadh Liam Ó Maolaodha ag dul ar scor i mbliana tar éis dó 25 bliain a bheith caite aige mar Stiúrthóir ar Oireachtas na Gaeilge.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Níl na comharthaí iontach maith’  – amhras léirithe ag stiúrthóir an Oireachtais faoi fhéile na bliana seo'

  • Fear Oireachtais

    Ní thuigim é sin…bob amadán Aibreáin?! Is cinnte nach bhfuil cúrsaí Covid rómhaith faoi láthair ach ba cheart go mbeadh an vacsaín faighte ag formhór an phobail faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair! Ar ndóigh, d’fhéadfadh srianta áirithe a bheith i gceist fós ach ní hin le rá gur gá an fhéile a chur ar ceal arís. Beidh orainn maireachtáil leis an víreas ar bhealach éigin go ceann tamall fada eile…an bhfuiltear chun an tOireachtas a chur ar ceal go buan?!