FISEÁN: Johnny Sexton le cloisteáil ag caint as Gaeilge ar TG4, ach ceacht Breatnaise faighte aige ar S4C

Agus é faoi agallamh ag an gcraoltóir Breatnaise S4C maidir le tús an PRO 14, cuireadh ceist ar Johnny Sexton an raibh aon chur amach aige ar an mBreatnais…

FISEÁN: Johnny Sexton le cloisteáil ag caint as Gaeilge ar TG4, ach ceacht Breatnaise faighte aige ar S4C

Beidh ar Johnny Sexton ceacht Breatnaise eile a dhéanamh tar éis dó a fháil amach nach ann don téarma is fearr riamh leis in aon teanga.

Agus é faoi agallamh ag an gcraoltóir Breatnaise S4C maidir le tús an PRO 14, cuireadh ceist ar Sexton an raibh aon chur amach aige ar an mBreatnais. Dúirt Sexton go n-úsáideann a bhean, Laura, an focal ‘cwtch’ nuair is barróg nó póg a bhíonn i gceist aici.

Chuaigh Sexton amú áfach nuair a luaigh sé gurb é ‘popty ping’ an téarma is ansa leis in aon teanga. Cheap fear Laighean gurb é sin a thugtar sa Bhreatnais ar oigheann micreathonnach ach bhí ar an té a bhí ag cur agallaimh ar Sexton a insint dó nach amhlaidh an cás.

Ba léir go raibh díomá ar Sexton a fháil amach nach ann le fírinne don ‘popty ping’ mar is cinnte nach bhfuil ‘meicrodon’, an t-aistriúchán ceart ar oigheann micreathonnach, chomh binn céanna.

‘Popty’ a thugtar ar oigheann sa Bhreatnais agus cé go bhfuil cáil bainte amach ag ‘popty ping’ mar théarma aisteach Breatnaise, ní ann dó dáiríre.

Ar a laghad tá ag éirí níos fearr le Sexton ó thaobh na Gaeilge agus cúpla focal á rá aige féin agus ag Bernard Jackman, Michael Bradley agus Justin Tipuric mar chuid d’fhógraí TG4 don séasúr nua rugbaí.

Fág freagra ar 'FISEÁN: Johnny Sexton le cloisteáil ag caint as Gaeilge ar TG4, ach ceacht Breatnaise faighte aige ar S4C'