FÍSEÁN: Fág seo agus tar ar thuras mistéireach draíochtúil siar go Conamara!

Léiríonn ‘Turas Siar’ an físeán taibhsiúil ceolmhar a rinneadh do Thraidphicnic 2020 a áille agus a bheoga is atá cultúr Chonamara

FÍSEÁN: Fág seo agus tar ar thuras mistéireach draíochtúil siar go Conamara!

Bhí ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí óga Chonamara i lár an stáitse ag féile Traidphicnic le gairid. Ní fíorstáitse a bhí ann i mbliana, áfach, ach stáitse fíorúil. De bharr na srianta sláinte, ar líne a reáchtáladh na himeachtaí uilig ag Traidphicnic 2020.

Banna Céilí Loch Lurgan a chuir tús leis an bhféile ar an 3 Iúil agus ba iad Ceoltóirí Óga Cois Fharraige a chuir críoch léi ar an Domhnach.

Thar dhá oíche – ar an Satharn agus ar an Domhnach – taispeánadh ceann de bhuaicphointí na féile – an físeán An Turas Siar ina bhfeictear dream óg as chuile chearn den Ghaeltacht ag ceol, ag gabháil fhoinn agus ag damhsa amuigh faoin spéir ina n-áiteanna dúchais.

Bridge Barker, duine de bhunaitheoirí Traidphicnic in 2012, agus a mac Oisín as Camas, a rinne an taifeadadh agus is cinnte go bhfuil éacht déanta acu leis an tionscadal iontach ealaíonta spreagúil seo.

Ag Céibh Bhearna, a cuirtear tús bríomhar leis an gcamchuairt i dteannta Frankie Mac Aoidh ar an mbainseo agus Aébhfinn Ní Mhurchú ar an bhfidil agus – 80 nóiméad níos deireanaí – is i gCarna a chríochnaíonn muid, ag éisteacht le Máirtín Ciarán Ó Cualáin ag baint ceol binn as an gcairdín.

Tá cosúlacht Thír na nÓg ar Chonamara feadh an turais, é mar áit ina mbíonn “ceol binn na mbeacha a’ baint meala de bharr an fhéir” agus “bradán ag preabadh ‘s an breac geal ag snámh go réidh” mar atá ráite san amhrán breá sin ‘Thíos ag an Tobar’ a chasann Ríona Ní Chonghaile (Ríona P J Sonny Choilm Larry) go gleoite agus í i gCora Bhuí, Leitir Mealláin.

Aimsir na paindéime, de réir mar a bhí na srianta taistil á maolú, a rinneadh an taifeadadh agus, le linn an aistir, níor stop an ghrian ag taitneamh. Ní thiteann braon báistí ná níl puth gaoithe ann, seachas an méid a chorraíonn an eidheann ar Theampall Bharr an Doire agus Sonny Ní Chathasaigh ag rá a hamhrán fíorspéisiúil féin ‘Áit Eicínt ar an nGealach’.  

I mBaile na Cille, cuireann Stiofán Ó Cualáin a chroí agus a anam isteach sa bhfonn ‘Mo Lachóigín Bhán’ agus i Ros an Mhíl Uachtair tugann Colm Seoighe an t-amhrán barrúil a chum sé féin ‘Paidir do Naomh Antaine’, uaidh go paiteanta. Agus is faoi scáth na gcrann i Leitir Móir na Coille a chasann Rónán Ó Conghaile ‘Tógfaidh Mé mo Sheolta’ go haigeanta.

Nár laga Dia na damhsóirí a bhaineann torann as na cláir: muintir Uí Mhainín i Ros Muc; muintir Uí Niadh san Inbhear agus Katie Ní Shúilleabháin i Loch Con Aortha. Agus cá bhfágfá na ceoltóirí aonair agus iad i mbun ceoil cois cladaigh agus an fharraige ina clár sa gcúlra – Diarmuid de Brún ar na píobaí uilleann ag ceann na céibhe sa Spidéal; Pluincéad Ó Tuathail ar an bhfliúit i Leitir Móir agus Micheál Ó Domhnaill ag casadh an chairdín i dTír an Fhia. 

Ní chliseann ar an dream is óige ach an oiread. Seasann na veidhleadóirí Colm agus Micheál Breathnach agus Jim Lennon an fód do na Forbacha agus ar Thrá an Dóilín ar an gCeathrú Rua, tugann muintir óg Uí Choistealdha – Ríona, Peadar agus Tomás – leagan beomhar de ‘Pheigín Leitir Móir’ dúinn.

Níl dearmad déanta ag na daoine óga seo ar a sinsir ná ar na laochra atá imithe uainn.

Ar an gCré Dhubh sa Spidéal, léann Éamonn Ó Ceallacháin roinnt rannta a scríobh a sheanathair, an scríbhneoir ildánach Joe Steve Ó Neachtain, agus casann beirt Chor na Rón – Ríona Howlin agus Damhnait Ní Fhatharta – píosa ceoil i gcuimhne an bhoscadóra ón mbaile sin Johnny Connolly. 

Tá scoth na n-amhránaithe agus na gceoltóirí eile páirteach sa bhfíseán luachmhar seo, ach faraor tá sé dodhéanta chuile dhuine acu a ainmniú. Tá ardmholadh tuillte acu ar fad.

Cuirtear radharcanna an fhíseáin i láthair go cleasach, a bhuíochas sin d’fhear óg an cheamara – Oisín Barker. Glacann grató na Maighdine Muire, mada caorach, cat, capaillín agus corrasal a bpáirt sa bhfíseán chomh maith, gan trácht ar an taobh álainn tíre.

Cuireann sé go mór leis go bhfuil beagnach chuile orlach den bhealach le feiceáil againn, é ag taifeadadh ag úsáid an mhodha ‘hyperlapse’ ar fhón a bhí feistithe ar dhais an chairr. Feileann an ríl a chasann Síofra Barker, deirfiúr Oisín, ar an bhfuaimrian go mór don aistear.

Agus é ag labhairt ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le gairid, dúirt Seán Ó Loinsigh, as Ceantar na nOileán, go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú i gConamara. Ach dúirt sé freisin nach bhfuil an cultúr faoi bhrú. Léiríonn an tionscadal seo gur faoi bhláth atá an cultúr i gConamara.

Níl carr ná ticéad bus ar bith uait le taisteal ar an turas mistéireach draíochtúil siar. Fág seo! Beidh na tithe agus an taobh tíre ag imeacht tharainn ina dtintreach agus lucht na siamsaíochta ag feitheamh linn.

Tá An Turas Siar le feiceáil, ina dhá chuid, ar leathanach Facebook Traidphicnic agus ar YouTube.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Fág seo agus tar ar thuras mistéireach draíochtúil siar go Conamara!'