FÍSEÁN: Éiginnteacht sa Seanad faoi rún Gaeilge ach glactha sa deireadh ag an Rialtas le moltaí uaillmhianacha Uí Chéidigh

Glacadh sa Seanad aréir gan aon chur ina choinne ón Rialtas le rún uileghabhálachach faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta

FÍSEÁN: Éiginnteacht sa Seanad faoi rún Gaeilge ach glactha sa deireadh ag an Rialtas le moltaí uaillmhianacha Uí Chéidigh

Ghlac an Rialtas aréir gan aon chur ina choinne le cuid de na moltaí is uaillmhianaí faoin nGaeilge dár ghlac aon Rialtas leo i dTithe an Oireachtais le fada fada an lá.

Cé go raibh roinnt éiginnteachta ann sa Seanad aréir ag deireadh na díospóireachta a bhí ar siúl ann faoi rún uileghabhálach an tSeanadóra Pádraig Ó Céidigh, ba é críoch agus deireadh na mbeart gur ghlac an Rialtas agus an tAire Stáit Joe McHugh leis.

Cé nach raibh mórán Seanadóirí i láthair sa Seanad faoin am ar tháinig deireadh leis an díospóireacht déanach aréir agus cé go raibh ráite roimhe sin ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh nach raibh sé i gceist aige féin ná ag an Rialtas tacú le rún Uí Chéidigh, glacadh sa deireadh leis gan aon chur ina choinne agus tarraingíodh siar an rún malartach a bhí molta ag an Rialtas.

Fágann cinneadh an tSeanaid aréir gur ghlac an Rialtas le sraith moltaí faoi chás na Gaeilge atá i bhfad níos uaillmhianaí ná go leor de na polasaithe atá acu féin i dtaobh na teanga.  I measc go leor rudaí eile, moladh sa rún go n-aithneodh an Rialtas “an ghéarchéim atá sa Ghaeltacht, ó thaobh mheath na Gaeilge agus bánú pobail”.

Dúradh sa rún ar glacadh sa Seanad leis gan aon chur ina choinne ón Rialtas go mbeadh “soláthar na seirbhísí stáit inár dteanga dhúchais ag teacht leis an stádas a bhronntar uirthi i mBunreacht na hÉireann”, go mbeadh an soláthar sin bunaithe ar chaighdeáin agus go mbunófaí córas nua earcaíochta don tseirbhís phoiblí lena chinntiú go bhféadfaí na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm.

Thagair an rún chomh maith do chúrsaí oideachais agus moladh ann “beartas Stáit” a thabhairt isteach “a aithníonn ceart tuismitheoirí go bhfaigheadh a gcuid páistí oideachas trí Ghaeilge nuair is é sin a mian”. Mar chuid den rún, glacadh le moladh eile go gcinnteofaí go mbeadh dóthain múinteoirí Gaeilge ann agus go mbunófaí cúrsa oiliúna lánaimseartha nua chun oiliúint a chur ar dhaoine maidir le teagasc trí Ghaeilge.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, moladh sa rún go mbeadh an maoiniú a fhaigheann na heagraíochtaí sin ar comhchéim leis an maoiniú a fhaigheann na hinstitiúidí stáit eile atá ag plé leis na réimsí céanna forbartha.

Luaitear an IDA i gcás an Údaráis agus An Chomhairle Ealaíon i gcás Fhoras na Gaeilge.

Moladh chomh maith sa rún ar ghlac an Rialtas aréir leis sa Seanad, go gcuirfí struchtúr nua faoin bhForas. Caithfear é seo a dhéanamh, a dúradh sa rún, mar gheall ar “na deacrachtaí leis an bhFeidhmeannas ó thuaidh” agus “an bac atá sé seo a chur ar fhorbairt an Fhorais agus na Gaeilge”. Deirtear go bhfuil gá leis an struchtúr nua don Fhoras chun nach mbeadh an Ghaeilge thíos leis “na laincisí” atá ar an eagraíocht faoi láthair.

Ghlac an Seanad leis freisin mar chuid den rún go bhfuil sé “riachtanach” go dtabharfaí faoi “fheachtas tarrthála” a bheadh bunaithe “ar an obair atá ar siúl” ag pobal na Gaeltachta agus go mbeadh “tacaíocht iomlán” ar fáil aige ó “gach roinn stáit”.

Is é an Seanadóir neamhspleách as Gaeltacht Chonamara Pádraig Ó Céidigh a chuir an rún chun tosaigh ar léirigh seanadóirí éagsúla a dtacaíocht dó, ina measc seanadóirí neamhspleácha, seanadóirí de chuid Fhianna Fáil agus de chuid Shinn Féin, seanadóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre agus Seanadóir amháin de chuid Fhine Gael, an Seanadóir Joe O’Reilley.

Ag labhairt do le Tuairisc.ie i ndiaidh chinneadh an tSeanaid aréir, dúirt an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh go raibh “fíoráthas” air faoin scéal.

“Is iontach an scéal é gur ghlac an Rialtas agus an tAire McHugh leis na moltaí seo mar is bunpholasaithe iad atá bunaithe ar na rudaí atá á n-éileamh ag an bpobal agus ag na heagraíochtaí Gaeilge.

“B’fhiú go mór an brú a chuir mé orthu glacadh leis an rún mar is rudaí iad seo a d’fhéadfadh athrú ó bhonn a dhéanamh ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá glactha anois leo agus tá an méid sin anois ar thaifead oifigiúl an tSeanaid. Leanfaidh mise ag cur brú ar an Rialtas ach tá bunús anois ag na heagraíochtaí leis na rudaí seo a éileamh agus ceangal ar an Rialtas agus ar an Aire iad a chur ar fáil,” a dúirt an Seanadóir Ó Céidigh.

Chuir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn fáilte aréir roimh chinneadh an tSeanaid glacadh gan aon chur ina gcoinne ón Rialtas leis na moltaí “fíorthábhachtacha” i rún Uí Chéidigh.

Mhol an Rialtas mar rún malartach sa Seanad aréir go dtabharfadh Seanad Éireann dá aire tacaíocht an Taoisigh agus an Rialtais do Bhliain na Gaeilge 2018 ach go n-aithneofaí chomh maith “go bhfuil go leor oibre fós le déanamh” chun cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta “a chinntiú”. Tarraingíodh an leasú sin siar agus glacadh ina áit le rún Uí Chéidigh gan aon vóta a bheith ann.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Éiginnteacht sa Seanad faoi rún Gaeilge ach glactha sa deireadh ag an Rialtas le moltaí uaillmhianacha Uí Chéidigh'

  • Éiginnte

    Tháinig an scéal seo aniar aduaidh orm. An bhfágann sé sin anois go bhfuil Gaeilge bhinn ag gach státseirbhíseach agus nach gá dom an cúpla focal Béarla atá agam a sheansáil a thuilleadh agus mé ag déileail leis an Roinn a lig amú m’iarratas ar dhealbh dím féin a chur in airde ag an gcrosbhóthar thiar?

  • Seán Mac Gearailt

    Tá comhairle (agus geallúntaí ) saor ach tá airgead at thobac. Neosfaidh an aimsir.

  • Carraig

    ‘Go leor oibre fós le déanamh’ ……..arbeit mein frie, arsa na untermenschen agus dóchas ina gcroí.