FÍSEÁN: Diúltaíonn an Teachta Dála Seán Kyne a thacaíocht a thabhairt do Kenny

Is é an Teachta Dála Seán Kyne an chéad duine de Theachtaí Dála Fhine Gael a bhfuil diúltaithe aige a rá cé acu an bhfuil nó nach bhfuil muinín aige as ceannaire a pháirtí

Is é an Teachta Dála Seán Kyne an chéad duine de Theachtaí Dála Fhine Gael a bhfuil diúltaithe aige a rá cé acu an bhfuil nó nach bhfuil muinín aige as ceannaire a pháirtí Enda Kenny.

Nuair a fiafraíodh de Kyne ar an gclár Seacht Lá ar TG4 aréir an raibh muinín aige as an Taoiseach, dúirt sé go mbeadh sé “deacair é sin a rá”.

Trí huaire a thug láithreoir an chláir Páidí Ó Lionáird deis do Kyne a fhógairt go raibh muinín aige as Enda Kenny agus trí huaire a dhiúltaigh an Teachta Dála glacadh leis an gcuireadh.

Dúirt an Teachta Dála, ar éirigh leis an tríú suíochán a bhuachan dá pháirtí i nGaillimh Thiar, go raibh an feachtas toghchánaíochta ag Fine Gael “an-dona” ar fad. Dúirt sé gur deineadh “go leor botún” le linn an fheachtais chéanna agus gur Enda Kenny ba chúis le cuid de na botúin sin.

Dúirt Kyne ag an deireadh seachtaine chomh maith go raibh botúin déanta ag Kenny féin agus thagair sé go sonrach an uair sin do ráiteas an Taoisigh faoi dhaoine i Maigh Eo a bheith ag ‘cnáimhseáil’ an iomarca.

Le linn an 31ú Dáil bhí an Teachta Dála as Maigh Cuilinn luaite le ‘five-a-side club’ Fhine Gael, grúpa beag de Theachtaí Dála óga nach raibh róshásta le lucht ceannais a bpáirtí.

Mheas go leor daoine go raibh ardú céime i ndán do Kyne in 2014 nuair a bhí Airí agus Airí Stáit nua á gceapadh ag an Taoiseach. Bhí tuairimíocht láidir ann go gceapfaí Kyne ina Aire Stáit don Ghaeltacht ach ar deireadh thiar ceapadh Joe McHugh sa phost sin in ainneoin nach raibh aon Ghaeilge aige.

Ar maidin, dhiúltaigh an t-iar-Aire Dlí Alan Shatter, a chaill a shuíochán san olltoghchán, a rá  cé acu an bhfuil nó nach bhfuil muinín aige as Enda Kenny.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Diúltaíonn an Teachta Dála Seán Kyne a thacaíocht a thabhairt do Kenny'