c
Chuir ceist i nGaeilge dá buille an tAire Heather Humphreys sa Dáil inné, ‘Lá na Gaeilge’ i dTithe an Oireachtais.
Ba inné ‘Lá na Gaeilge’ i dTithe an Oireachtais agus bhí níos mó Gaeilge ná mar is gnáth le cloisteáil sa Dáil dá réir.
Lena chois sin, ba é babhta an Aire Gaeltachta é inné ceisteanna ó bhéal a fhreagairt sa Dáil.
Le linn na gceisteanna sin, chuir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Peadar Tóibín, ceist ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a bhain le líomhaintí faoi chúrsaí foirne in Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Ba chosúil gur chuir an cheist i nGaeilge an tAire Humphreys dá buille, ach dúirt sí go raibh sí sásta an cheist a fhreagairt toisc gur bhain sé le cúrsaí ealaíon agus oidhreachta seachas le cúrsaí Gaeltachta.
Dúirt sí, áfach, nár thug sí léi cuid mhaith dá raibh le rá ag Peadar Tóibín agus gur thuig an Teachta Dála go “rímhaith” nach raibh tuiscint na Gaeilge rómhaith aici.
Ba i mBéarla a bhí an leagan den cheist a cuireadh faoi bhráid na Roinne agus ar ord gnó na Dála roimh ré.
“I will answer the question put forward to me. Unfortunately, I was not able to pick up all the Deputy said in his introduction, as he well knows,” a dúirt an tAire Humphreys.
Moladh ina dhiaidh sin don Aire Humphreys cluasáin a chur uirthi agus córas aistriúcháin chomhuainigh na Dála a chur ag obair, ach bhí mearbhall ar na Teachtaí Dála a bhí i láthair faoi cé acu an raibh nó nach raibh an córas ag obair.
Chuir an éiginnteacht seo moill ar an bplé ar feadh cúpla nóiméad agus ní mó ná sásta a bhí Peadar Toibín go dtarlódh a leithéid, go háirithe le linn ‘Lá na Gaeilge’.
“Beidh ormsa leanúint ar aghaidh as Béarla mar sin. Is mór an trua é sin. Níl ach lá amháin sa bhliain go bhfuil deis againn ár gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge. Is rud simplí atá ann. Is féidir é a dhéanamh sa Bhruiséil,” a dúirt Tóibín.
Ba ansin a thug an Teachta Dála Joan Burton le fios dá raibh i láthair go raibh an córas aistriúcháin ag obair.
Dáithí Mac Cárthaigh
“[I have not bothered my Barney to acquire any Irish since being made Minister for the Gaeltacht] as he well knows.”
Éamonn Ó Gribín
Thug an Toibíneach le fios nach raibh cead ag TDanna tabhairt faoi gnóthaí na Dála tré mheán na Gaeilge ach uair amháin (lá na Gaeilge) sa bhliain! Caithfidh nach bhfuil seo fíor??
Liam Mac Curtain
Náire go gceapann an TD seo ó Shinn Féin nach bhfuil cead aige Gaeilge a labhairt sa Dáil ach uair sa bhliain.
Náire nach bhfuil a fhios ag an óinseach sin conas an córas aistriúcháin comhuainigh a úsáid.
Náire ó thús go deireadh.
Éire . . . mo náire thú.
Fearn
Lucht an bhéarla ag cur neamhshuim sa Ghaeilge? An nuacht é seo?
Cordelia Nic Fhearraigh
Cá háit eile a bhfaighfeá é? Aire le cúramaí Gaeltachta uirthi ag labhairt i mBéarla ar ‘Lá na Gaeilge’ i nDáil Éireann. Go sábhlaí muid!
Cé atá ag cuir bac ar dhaoine an Ghaeilg a úsáid sa Dáil? An bhfuil rial inteacht ann? Nó an bhfuil státsheirbísigh áirithe ag diúltiú cead do Theachtaí Dála an Ghaeilg a labhairt/úsáid cébith am is mian leo??
Sé mo bharúil go bhfuil sé de nós ag státsheirbhísigh – go háirithe iad siúd atá ag obair ‘don Stát’ ar feadh blianta fada – a gcuid ‘rialacha’ beaga féin a dhéanamh a fhóireann daofasan agus dá gcomhghleacaithe ach a chuireann bac ar aon dul chun cinn, go háirithe ó thaobh ceist na Gaeilge de.
Tomás de Buitléir
“Náire nach bhfuil a fhios ag an óinseach sin conas an córas aistriúcháin comhuainigh a úsáid.” Tá sé níos measa ná sin a Liam. Ní hé nach bhfuil a fhios aici conas an córas a úsáid ach gur cuma léi.
Cloistear go leor faoi díspeagadh ó thuaidh san am i láthair ach is léir nach gá dul níos faide ná Dáil Éireann chun a leithéid a aimsiú. Is léir nach bhfuil meas ag an Aire seo ar an nGaeilge agus chuirfinn an locht ar an té a cheap í sa chéad áit.