FÍSEÁN: An ‘scannal’ craoltóireachta ‘ba mheasa’ a bheadh ann dá ndéanfaí socrú nua maoinithe do RTÉ gan ceann a dhéanamh do TG4

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont i dTeach Laighean go raibh sé cruthaithe gur craoltóir ‘de facto Béarla’ é RTÉ agus gur ‘buille tubaisteach’ do phobal na Gaeilge a bheadh ann dá ndéanfaí socrú nua maoinithe le RTÉ gan socrú a dhéanamh le TG4

FÍSEÁN: An ‘scannal’ craoltóireachta ‘ba mheasa’ a bheadh ann dá ndéanfaí socrú nua maoinithe do RTÉ gan ceann a dhéanamh do TG4

An ‘scannal’ craoltóireachta is measa ‘i mbliana’ a bheadh ann dá ndéanfadh an Rialtas socrú nua maoinithe le RTÉ gan socrú dá leithéid a dhéanamh le TG4, a deir Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna, dúirt Esslemont go raibh sé cruthaithe gur craoltóir “de facto Béarla” a bhí in RTÉ agus gur “buille tubaisteach sa straois” do phobal na Gaeilge a bheadh ann dá ndéanfaí socrú nua maoinithe le RTÉ gan socrú a dhéanamh le TG4.

“Léirigh Tuarascáil an Coimisinéara Teanga gur craoltóir, de facto Béarla atá in RTÉ agus tá roinnt scannal eile faoi chraoltóireacht RTÉ á bplé sna tithe Oireachtais seo faoi láthair.

“Ach i mbliana, 2024, má dhéanann an Rialtas seo cinneadh réamhbheartaithe, comhfhiosach faoi quantum

maoinithe RTÉ agus – beag beann ar stádas bunreachtúil na Gaeilge, beag beann ar dhualgais agus ‘cuspóirí’ TG4 faoin Acht Craolacháin, agus beag beann ar mhionsonraí Ráiteas Straitéise TG4 atá

feicthe agus faofa ag an Dáil – má dhéanann an Rialtas seo cinneadh comhfhiosach i mbliana faoi quantum maoinithe RTÉ agus gan cinneadh comhfhiosach a dhéanamh faoi quantum maoinithe TG4, is scannal a bheas ann.”

“Go deimhin, as na scannail go léir a tharla le deireanas maidir le craoltóireacht, ní bheidh aon scannal níos mó ná sin. Is buille tubaisteach sa straois a bheas ann don ghlúin seo de chainteoirí Gaeilge agus, mar a léiríonn eolaíocht teanga dúinn, bainfidh sé an bonn de phobal inmharthana labhairt na Gaeilge in Éirinn.”

Dúirt Esslemont go gcaithfeadh an Rialtas córas maoinithe a bhunú do TG4 a bheadh bunaithe “ar mheicníocht eile seachas incrimintí beaga ar an allúntas suarach a tugadh dúinn i mBuiséad 1996”.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 nach gcuirfeadh sé “iontas” air dá mbeadh RTÉ ag lorg maoiniú poiblí ilbhliantúil €240 milliún faoi aon struchtúr nua.

Ba cheart, dá réir, a dúirt sé, go ndéanfadh an Rialtas cinneadh i mbliana go mbeadh ar a laghad 50% de mhaoiniú poiblí RTÉ ag TG4 – €120 milliún. €57 milliún atá ag TG4 i mbliana.

D’fhéadfaí an sprioc mhaoinithe sin a bhaint amach de réir a chéile idir 2025 agus 2030, a dúirt sé.

Mhaígh go gcaithfí aird a thabhairt i gcúrsaí craoltóireachta ar stádas bunreachtúil na Gaeilge, rud nach raibh ag tarlú, dar leis.

“Deirtear linn go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil rudaí scríofa i mBunreacht agus i reachtaíocht an stáit. Deirtear go gcabhraíonn sé sin leis an Rialtas cinneadh a dhéanamh faoina gcuid acmhainní,

go gcuireann sé oibleagáid bhunreachtúil ar an stát níos mó a dhéanamh.

“Ach maidir leis an nGaeilge, agus maidir le meáin na Gaeilge, níl aon fhianaise ann go bhfuil sé seo fíor.”

Dúirt Esslemont go raibh 50% níos lú infheistíochta poiblí á déanamh in TG4 i gcomparáid le S4C na Breataine Bige, “in ainneoin go bhfuil Éire i bhfad níos saibhre ná an Bhreatain Bheag, go bhfuil daonra i bhfad níos mó anseo agus go bhfuil níos mó cainteoirí Gaeilge ann ná cainteoirí Breatnaise”.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 gurb iad ranna Airgeadais an stáit “a mhúnlaíonn meon an stáit” agus go bhfeictear dósan go mbreathnaíonn na ranna sin ar an nGaeilge “mar ‘a non-essential language’ atá úsáideach don stát mar theanga ornáideach, ach atá neamhriachtanach do ghnáthshaol agus do dhul chun cinn an stáit”.

Dúirt sé gur “athrú meoin” a bhí ag teastáil.

Rinne Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Niamh Ní Churnáin, cosaint ar chur chuige an chraoltóra Gaeilge.

Agus í á ceistiú ag an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, dúirt Ní Churnáin gur ‘léamh’ ar leith ar chúrsaí a bhí sa mhéid a dúirt Alan Esslemont faoi RTÉ a bheith ina stáisiún Béarla de facto agus nach ndúirt an Coimisinéir Teanga a leithéid.

Dúirt Ní Churnáin go raibh athrú meoin in RTÉ i leith na Gaeilge le roinnt blianta anuas agus go raibh “bonn i bhfad níos láidre” faoi chláir Ghaeilge anois ná mar a bhí.

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ gur i nGaeilge a bhíonn 8% den mhéid a chraolann RTÉ ar theilifís anois i gcomparáid le 0.7% in 2017.

De réir staitisticí RTÉ, 123 uair an chloig de chláir as Gaeilge a craoladh in 2017.

Chinn an Coimisinéir Teanga in 2018 go raibh sárú á dhéanamh ag RTÉ ar a gcuid dualgas i leith na Gaeilge faoin Acht Craolacháin. Faoin reachtaíocht sin tá sé de dhualgas ar RTÉ réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil i nGaeilge agus cláir cúrsaí reatha a chur ar fáil i nGaeilge.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: An ‘scannal’ craoltóireachta ‘ba mheasa’ a bheadh ann dá ndéanfaí socrú nua maoinithe do RTÉ gan ceann a dhéanamh do TG4'

  • Eoin Ó Murchú

    Fair play dó. Ta cnámh droma ag an bhfear sin, agus is cóir duinne, lucht na Gailge bheith buíoch do.