Tá an méid a bhí le rá i nGaeilge ag Catherine Martin sa Dáil inné foilsithe ag an Irish Times i ndiaidh don chlár Cormac ag a Cúig ceist a chur ar lucht an nuachtáin faoin gcúis nár foilsíodh ar a suíomh idirlín an chuid Ghaeilge den óráid chéanna.
Tá an chuid Ghaeilge den óráid, atá le feiceáil thuas, fós ar lár san fhíseán a ghabhann le téacs na hóráide ar shuíomh an Irish Times.
Bhí an chéad óráid a thug Martin, Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, go mór i mbéal an phobail le lá anuas toisc a phaiseanta is a bhí sí.
Thug urlabhraí ón Irish Times le fios gur foilsíodh sliocht den óráid fad is a bhíothas ag fanacht ar leagan iomlán di agus gurbh é sin ba chúis leis an sliocht Gaeilge a bheith fágtha ar lár sa chéad leagan a foilsíodh.
Tá an méid a bhí le rá i nGaeilge ag Martin fós ar lár san fhíseán dá hóráid atá foilsithe ag an Irish Times.
Ba i nGaeilge a chuir Martin tús lena céad óráid sa Dáil:
“Toisc gurb í seo an chéad uair dom labhairt sa Dáil, ba mhaith liom i dtús báire mo bhuíochas a ghabháil le muintir Bhaile Átha Cliath – Ráth an Dúin as an onóir seo a thabhairt dom agus as a gcuid muiníne ionam a léiriú chun ionadaíocht a dhéanamh ar a son sa Dara Dáil is Tríocha,” a dúirt Catherine Martin.
Labhair an Teachta Dála i nGaeilge arís i dtreo dheireadh na hóráide.
Fiosrach
Agus cá bhfuil an chuid Béarla den óráid foilsithe ar an suíomh seo?
Eoghan ONeill
Maith an bhean thú Catherine Martin go mba fada buan thú!
Musclóidh dúchas an phobail le fada i suan
Nuair bhéas adhmad inniu is an choill go buan,
as grága seana-choillte tiocfaidh athfás beoga
beidh na daoine ag damhsadh is a gcroithe cróga!
Breathnóir
Nuair a labhraíonn duine éigin i nGaeilge ar RTÉ is gnách go ndeir na fotheidil: ‘speaks in Irish’, .i. ní fiú bacaint leis an chuid sin den chomhrá, dar leo. Sin nó nach bhfuil focal Gaeilge ag an fhotheidealóir…