FÍSEÁN: Amhrán Gaeilge ag cailín beag de bhunadh na Siria imithe i bhfeidhm go mór ar dhaoine

Le teann mórtais as a neacht a scaip Razan Ibraheem físeán de Serene Fadel ag rá ‘Lámh, lámh eile’, físeán a bhfuil scaipeadh mear á dhéanamh ar líne air

FÍSEÁN: Amhrán Gaeilge ag cailín beag de bhunadh na Siria imithe i bhfeidhm go mór ar dhaoine

Tá scaipeadh mear á dhéanamh ar líne ar fhíseán de chailín óg de bhunadh na Siria agus í ag ceol i nGaeilge dhá mhí ó thosaigh sí ar scoil.

Razan Ibraheem, a rinne an físeán dá neacht Serene Fadel, atá ceithre bliana go leith d’aois, agus í ag amhrán ‘Lámh, lámh eile’. 

Le teann mórtais as a neacht a scaip Razan Ibraheem an físeán a roinneadh nach mór 20,000 uair ó scaip sí ar na meáin shóisialta é Dé Sathairn.

Bhog Serene Fadel go hÉirinn lena muintir in 2015 agus ba i Meán Fómhair na bliana seo a thosaigh sí ar scoil, i Scoil Náisiúnta Naomh Muire i mBaile Átha Cliath.

Is iriseoir aitheanta í Razan Ibraheem a tháinig go dtí Baile Átha Cliath ón tSiria in 2011 chun máistreacht a dhéanamh ach a raibh uirthi fanacht sa tír de réir mar a chuaigh an cogadh ina tír dhúchais in olcas.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Razan Ibraheem nach raibh súil ar bith aici go mbeadh an oiread tóir ar an bhfíseán.

“Tá muid an-tógtha ar fad leis an aiseolas dearfach atá faighte againn mar gheall ó mhuintir na hÉireann.”

Dúirt Ibraheem go raibh sé “tábhachtach” go bhfoghlaimeodh páistí a thagann go hÉirinn ó thíortha eile an Ghaeilge.

“Is cuid d’fhéiniúlacht na hÉireann í agus, cibé ar bith, is teanga álainn í. Tá amhráin Ghaeilge á bhfoghlaim agam anois ó Serene,” a dúirt an t-iriseoir Razan Ibraheem.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Amhrán Gaeilge ag cailín beag de bhunadh na Siria imithe i bhfeidhm go mór ar dhaoine'

  • Pádraig Ó Baoill

    Bualadh bos Serene!
    Beir Bua is Beannacht