Tá an craoltóir Gaeltachta Cormac Ó hEadhra, an t-imreoir rugbaí de chuid na hÉireann Sene Naoupu agus Séaghan Ó Súilleabháin, nó @KerryCowboy, feirmeoir, múinteoir agus pearsa ar líne, ainmnithe mar ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge 2022.
Tá 120 bliain ann i mbliana ó eagraíodh an chéad Seachtain na Gaeilge.
Beidh an fhéile ar siúl ar feadh breis is coicís i mbliana, ón 1 Márta go dtí an 17 Márta. Tá sé i gceist imeachtaí a reáchtáil ar fud an domhain agus iad á n-eagrú ag grúpaí pobail, scoileanna, grúpaí cultúrtha agus spóirt in Éirinn agus thar sáile.
Breandán
Maith sibh beidh an-seachtainn againn is cuirfidh an triúr Ambasadóir Sene, Cormac is Séaghan go mór leis an spraoi😄🎼
Cordelia Nic Fhearraigh
Ádh mór oraibh! Is maith go mbeidh pobail Gaeilge ar fud an domhain ag glacadh páirt – rud nach raibh ann nuair a chaith mé féin seal thar lear tá 30 bliain ó shoin.
I bhfad thar am ag na ‘Irish Clubs’ agus ‘Irish Pubs’ agus ‘Irish Societies’ ar fud an domhain aitheantas cheart a thabhairt d’ár dteanga dúchais. Cá mhéad ‘Irish Pub’ thar lear a bhfuil an Ghaeilg mar theanga oibre agus a bhfuil labhairt na Gaeilge ag achan ball foirne? Leoga, an bhfuil tábhairne mar sin ar fáil in Éirinn??!! Ní bheinn ró-dhóchasach…