FÍSEÁN: Airí nua na Gaeltachta á gceistiú den chéad uair sa Dáil

Deir Aire Stáit na Gaeltachta, Dara Calleary, gur féidir ‘glacadh leis’ go ndéanfaidh sé féin agus an tAire Catherine Martin a ndícheall ‘tuilleadh acmhainní a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’

FÍSEÁN: Airí nua na Gaeltachta á gceistiú den chéad uair sa Dáil

Pléadh cás na teanga sa Dáil inniu den chéad uair ón olltoghchán nuair a ceistíodh den chéad uair aire sinsearach agus aire stáit nua na Gaeltachta, Catherine Martin agus Dara Calleary.

Agus meastacháin na Roinne á bplé, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Dara Calleary, go bhféadfaí “glacadh leis” go ndéanfadh sé féin agus an tAire Catherine Martin a ndícheall “tuilleadh acmhainní a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht”.

Gheall an tAire Stáit go n-achtófaí an Bille Teanga chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla roimh an Nollaig agus thug sé le fios gurb é a thuairim féin ná gur chóir toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Dhearbhaigh an tAire Catherine Martin athuair chomh maith a “grá” don Ghaeilge agus a tiomantas don teanga agus dúirt sí go labhródh sí Gaeilge oiread agus is féidir agus ceisteanna faoi chúraimí eile a roinne á freagairt aici sa Dáil.

Dúirt urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, nach raibh eagraíochtaí Gaeilge ná Gaeltachta tagtha chucu féin fós ó na ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm orthu le linn bhlianta na géarchéime eacnamaíochta deireanaí.

 

Mhaígh sé gur chóir mar thús an maoiniú a bhí ag na heagraíochtaí teanga roimh an ngéarchéim sin  a thabhairt dóibh arís.

Dúirt Calleary gur thuig sé go raibh na heagraíochtaí “tagtha tríd blianta crua” ó bhí an ghéarchéim eacnamaíochta dheireanach ann.

Thagair Aengus Ó Snodaigh chomh maith do chinneadh conspóideach an Bhord Pleanála cead pleanála a thabhairt d’óstán agus scéim tithíochta i Ráth Chairn, agus mhaígh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin go gcuirfeadh a leithéid d’fhorbairt ‘an Ghaeltacht i mbaol’ i gcontae na Mí.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty nach raibh dóthain sna meastacháin don Ghaeltacht ná do na hoileáin.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Carol Nolan gur maoiniú a bhí ag teastáil ón nGaeltacht “seachas focail dheasa”.

Dúirt sí go mothaíonn pobal na Gaeltachta “go bhfuil siad tréigthe” agus go gcaithfí é sin a athrú.

Níorbh údar dóchais don Ghaeilge, dar léi, a oiread cúraimí a bhí leagtha ar an Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta.

Dúirt sí go raibh an baol ann go mbeadh an Ghaeilge ‘caillte’ sa ‘maze’ sa roinn nua.

Bhí sé fíorthábhachtach nach gcuirfeadh an Rialtas nua an teanga “ar leataobh”. Ba é a bhí ag teastáil, dar léi, ná go mbeadh Roinn na Gaeltachta neamhspleách ann agus gan aon chúram eile uirthi in éineacht leis sin.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gurb é an ‘easnamh’ a bhí ar chéad óráidí na n-airí ná nár aithin aon duine den bheirt acu go raibh géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur fíorbheagán dul chun cinn a bhí déanta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge.

“Seachas an Polasaí Oideachais Ghaeltachta ní fhéadfá a rá go ndearnadh mórán chun an polasaí sin [An Straitéis] a chur chun cinn…”

“Go deimhin féin, bunaithe ar an daonáireamh, is siar a bhí rudaí ag dul faoin dá rialtas deiridh,” arsa Ó Cuív.

Dúirt sé gur chóir don Rialtas nua an maoiniú a chur ar fáil leis an Straitéis a chur i bhfeidhm “go huile agus go hiomlán”.

Dúirt Ó Cuív chomh maith gur chóir toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais ach líon níos lú comhaltaí a bheith ar an mBord ná mar a bhíodh cheana. Tá geallta i gClár an Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar an gcinneadh deireadh a chur le toghchán an Údaráis. Dúirt Ó Cuív gurb é an “bunéileamh” a bhí ann nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta go mbeadh muintir na Gaeltachta “i mbun a bhforbartha féin”.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Airí nua na Gaeltachta á gceistiú den chéad uair sa Dáil'

  • Seán Mag Leannáin

    Tréaslaím leis an mbeirt bhan mhisniúla Catherine Connolly agus Carol Nolan as ucht a gcuid tacaíochta don Ghaeilge sa Dáil. Tá cáil ar Catherine Connolly le fada mar throdaire ar son na Gaeilge ach ba chóír aitheantas ar leith a thabhairt freisin don bhean óg Carol Nolan TD, neamhspleách eile, as a dílseacht don teanga. Níl aon Ghaeltacht i gcontae Uíbh Fhailí ach fós féin ghlac sí páirt sa díospóireacht nuair a bhí na hAirí Gaeltachta nua á gceistiú den chéad uair sa Dáil. Dúirt Carol gur maoiniú a bhí ag teastáil ón nGaeltacht “seachas focail dheasa”. Dúirt sí go mothaíonn pobal na Gaeltachta “go bhfuil siad tréigthe” agus go gcaithfí é sin a athrú… Bhí sé fíorthábhachtach nach gcuirfeadh an Rialtas nua an teanga “ar leataobh”. Bímis ag súil go mbeidh an sponc céanna san Aire nua Catherine Martin is atá sa mbeirt bhan eile. Is cinnte go mbeidh sé ag teastáil.

  • rossa Ó Snodaigh

    Lá Gaeilge sa tseachtain ar a laghad ina mbeidh teachtaí ag plé nithe eile seachas cás na teanga atá de dhíth chomh maith.
    Léireoidh seo beocht na teanga agus déanfar agus feicfear gur teanga tábhachtach í ina ndéantar cinní tábhachtacha.
    Is ionann aon fhocal sa dáil is míle focal sa phobal.