FÍSEÁN: Achainí déanta ag déagóirí na Gaeltachta ar cheannairí COP28

Déantar cur síos i litir agus físeán i nGaeilge ó scór déagóirí as Cois Fharraige i nGaeltacht Chonamara ar an dóigh a bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar thránna agus ar phortaigh in iarthar na tíre

FÍSEÁN: Achainí déanta ag déagóirí na Gaeltachta ar cheannairí COP28

Tá achainí déanta ag daoine óga as Gaeltacht Chonamara ar cheannairí an domhain dul i ngleic go práinneach le bagairtí an athraithe aeráide.

Déantar cur síos i litir agus físeán i nGaeilge ó scór déagóirí as Cois Fharraige i nGaeltacht Chonamara ar an dóigh a bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar thránna agus ar phortaigh in iarthar na tíre.

Bronnadh an litir ar ghrúpa taighdeoirí as Ollscoil na Gaillimhe atá ag freastal ar COP28, comhdháil na Náisiún Aontaithe faoin athrú aeráide atá ar siúl in Dubai faoi láthair.

Seo a deirtear sa litir:


A Dhomhain Mhóir,

Ón bpobal beag seo ar imeall na hEorpa, tá bhur gcuid cúnaimh á éileamh againn.

Tá cónaí orainn ar chósta thiar na hÉireann, idir portach agus cladach, áit a raibh meas riamh ann ar an bhfarraige. Nuair a bhíonn sí socair téimid ag snámh agus ag iascaireacht. Ach le teacht an athrú aeráide, tá na rudaí is luachmhaire linn ag éirí ina mbagairt.

Léiríonn an taighde go bhfuil leibhéal agus teocht na farraige ag fás go leanúnach. Feicimid go bhfuil stoirmeacha an Atlantaigh níos cumhachtaí, níos coitianta. Tá líon na báistí ag méadú gan stad. Is cosúil go bhfuil na séasúir féin as a riocht.

Táimid buíoch as an trá, na garrantaí, an portach agus gach a maireann ann. Ach táimid buartha freisin. Fiú le linn ár saoil, feicimid taisce na timpeallachta ag dul i léig.

Ní hé an t-aos óg a dhóigh an ola, a bhain an mhóin, a leag na crainnte. Ach is muid a bheas thíos leis. Tá an ghlúin seo réidh le tabhairt faoin athrú aeráide le fonn agus fuinneamh. Ach an bhfuil sibhse?

Seasaimis le chéile, mar phobal daonna domhanda, is déanaimis beart de réir ár mbriathar.

Is muide le dóchas,

Déagóirí Chois Fharraige.


Mar chuid den tionscadal, a reáchtáil Ollscoil na Gaillimhe i gcomhpháirt le Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga, ghlac daltaí as Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal agus Coláiste Cholmcille in Indreabhán páirt i sraith ceardlann faoin timpeallacht.

Dúirt Dr John Caulfield, as Ollscoil na Gaillimhe, a bhí i mbun an tionscadail, go ndearna an grúpa déagóirí “cur síos cumhachtach” ar an tionchar atá ag an athrú aeráide ar iarthar na hÉireann.

“Murar féidir linn dul i ngleic leis an athrú aeráide, is iad an t-aos óg a bheidh thíos leis. B’in an fáth gur oibrigh muid le daltaí meánscoile i gCois Fharraige chun cuidiú leo a gcuid dóchais agus imní maidir leis an athrú aeráide a roinnt leis an domhan mór.

“Ní hionann an t-athrú aeráide gach áit ar domhan, agus déanann na déagóirí cur síos cumhachtach ar an tionchar atá aige in iarthar na hÉireann ag an bpointe seo.”

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Achainí déanta ag déagóirí na Gaeltachta ar cheannairí COP28'