FÍSEÁN: Achainí ar an Rialtas agus an Dáil a aithint go bhfuil ‘géarchéim teanga’ sa Ghaeltacht

Dúradh sa Dáil an tseachtain seo gur chóir an ghéarchéim teanga a aithint toisc ‘nach féidir dul i ngleic le fadhb gan an fhadhb a aithint i dtús báire’

FÍSEÁN: Achainí ar an Rialtas agus an Dáil a aithint go bhfuil ‘géarchéim teanga’ sa Ghaeltacht

Tá iarrtha ar an Rialtas sa Dáil a aithint go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

An Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly a d’iarr ar an Rialtas an tseachtain seo, go n-aithneofaí go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt Catherine Connolly atá ina cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go gcaithfeadh an Rialtas agus an Dáil an ghéarchéim sa Ghaeltacht a aithint.

“…Má tá muid i ndáiríre faoi earnáil na Gaeilge, ní mór don Rialtas an ghéarchéim a aithint. Tá géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge in ainneoin an dul chun cinn atá déanta. Tá géarchéim sna Gaeltachtaí. Tá a fhios againn é sin.

“Tá laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí Gaeilge. Tá sé sin soiléir ón taighde atá déanta ag lucht acadúla ar easpa Gaeilge ar na meáin chumarsáide agus ar dhul siar na Gaeilge. Ní mór dúinn é sin a aithint. Ní féidir dul i ngleic le fadhb gan an fhadhb a aithint i dtús báire agus ansin plean a réiteach agus acmhainní cuí a chur ar fáil.

“Tá ardmholadh tuillte ag cosmhuintir na Gaeltachta agus ag na daoine ar an talamh ar fud na tíre atá i mbun oibre go leanúnach ó thaobh na Gaeilge de, ach tá gá le plean cuimsitheach ón Rialtas. Tá an Straitéis 20 bliain agus an Plean Gníomhaíochta againn, ach in ainneoin sin, tá géarchéim fós againn.”

Tá diúltaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne géilleadh go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

 

 

Níos túisce i mbliana, dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin go bhfuil an baol ann go mbeidh an Ghaeilge ina ‘zombie-language’ má leantar ar aghaidh ag seachaint na fírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta

Dúirt sé nach mbeadh aon bhiseach i ndán don Ghaeilge nó go ngéillfí ar dtús go bhfuil géarchéim ann, rud nach bhfuil déanta ag aon aire go fóill.

Bunaithe ar áiteamh Uí Chuirreáin, chuir Tuairisc.ie ceist ar an Aire Stáit ar ghlac sé leis go bhfuil  ‘géarchéim teanga’ sa Ghaeltacht agus gur chóir an méid sin ‘a admháil’ ar dtús má táthar chun dul i ngleic le cás na teanga.

Ní raibh an tAire Stáit sásta a rá go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht. Ina áit sin, thug sé le fios gur údar iontais é go bhfuil oiread dul chun cinn á dhéanamh i dtaobh na pleanála teanga is atá.

“Cuireadh feidhm le hAcht na Gaeltachta in 2012. Dá mbeadh sé ráite ag aon duine ag an am go mbeadh os cionn dhá scór duine sa bhreis ag obair i measc an phobail sa Ghaeltacht agus sna bailte a fhreastalaíonn uirthi go heisiach ar fhorbairt teanga faoi 2020/21, ba bheag duine a chreidfeadh é nó í,” a dúirt Seán Kyne.

Níos túisce i mbliana mhaígh Catherine Martin, leascheannaire Chomhaontas Glas, go bhfuil an cur chuige lochtach céanna ag an Rialtas i leith ghéarchéim na Gaeltachta is atá acu i leith athrú aeráide agus géarchéim na timpeallachta.

Is amhlaidh an scéal, a dúirt sí, toisc nach bhfuil “polasaí cuí” acu le déileáil le ceachtar géarchéim agus toisc go bhfuiltear ag brath an iomarca sa dá chás ar “iarrachtaí pearsanta aonaracha”.

Dúirt Martin go raibh ardmholadh tuillte ag Leo Varadkar as iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a fhoghlaim ach gur “cuma cé mhéad pop-up Gaeltachtaí a fhreastalaíonn an Taoiseach orthu” mura ndéantar “beart de réir briathair” i dtaobh polasaí teanga.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Achainí ar an Rialtas agus an Dáil a aithint go bhfuil ‘géarchéim teanga’ sa Ghaeltacht'