Fiosrúchán ar bun ag Coiste Oireachtais le dul i ngleic le ceist na Gaeilge i gcóras earcaíochta na státseirbhíse

Deir Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go bhfuiltear ‘tiomanta’ d’fhaisnéis a bhailiú faoi chomhlíonadh dualgas i dtaca leis an nGaeilge

Fiosrúchán ar bun ag Coiste Oireachtais le dul i ngleic le ceist na Gaeilge i gcóras earcaíochta na státseirbhíse

Tá tús curtha ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le fiosrúchán faoi líon na bhfostaithe sa státseirbhís a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu.

Tá sraith ceisteanna seolta ag an gCoiste Oireachtais chuig 31 roinn agus oifig, idir ranna stáit agus oifigí rialtais eile, agus an coiste ag iarraidh dul i ngleic le ceist na Gaeilge i gcóras earcaíochta na státseirbhíse.

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie i mí Dheireadh Fómhair, as an 18,775 post státseirbhíse a bhí ag 15 roinn Rialtais, ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a raibh líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh.

Sa litir a ghabhann leis an tsraith ceisteanna, deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, go bhfuiltear “tiomanta” d’fhaisnéis a bhailiú faoi cheist na Gaeilge i gcóras earcaíochta na státseirbhíse chun “léiriú níos fearr” a fháil ar “cé chomh heagraithe” is atá na ranna agus na hoifigí rialtais i dtaobh “a ndualgas i dtaca leis an nGaeilge, chéad teanga an náisiúin, a chomhlíonadh”.

Deirtear sa litir a seoladh chuig an 31 roinn agus oifig rialtais go nglaofar os comhair an Choiste Oireachtais oifigigh na ranna agus na n-oifigí le ceisteanna a fhreagairt bunaithe ar an eolas a chuirtear ar fáil sa cheistneoir a cuireadh chucu.

I measc na gceisteanna atá curtha ag an gCoiste ar na ranna agus oifigí rialtais mar chuid dá bhfiosrúchán cuirtear ceist faoin réimse seirbhísí i nGaeilge a sholáthraíonn siad agus faoi chaighdeán na seirbhísí sin i gcomparáid le caighdeán na seirbhísí a sholáthraíonn siad trí Bhéarla.

Ceistítear na ranna agus na hoifigí chomh maith faoi stádas na scéimeanna teanga atá acu, má tá a leithéid ann, agus faoi conas mar a dhéanann siad monatóireacht ar chaighdeán na seirbhísí Gaeilge acu.

Cuirtear ceist shonrach faoi na seirbhísí a sholáthraítear do phobal na Gaeltachta, agus faoi na seirbhísí a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht trí Bhéarla amháin.

Iarrtar ar na ranna agus na hoifigí eolas beacht a chur ar fáil faoi líon na státseirbhíseach atá acu a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge agus atá toilteanach seirbhís a sholáthar don phobal trí Ghaeilge.

Cuirtear ceist chomh maith ar na ranna agus na hoifigí cé acu an n-iarrann siad nó nach n-iarrann siad ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí fostaithe a chur chucu a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Fiosrúchán ar bun ag Coiste Oireachtais le dul i ngleic le ceist na Gaeilge i gcóras earcaíochta na státseirbhíse'

  • Moladh

    Is mór agam a ndíograis.