‘Fíorlaoch é O’Gara’ – réalta óg Chúige Laighean ag foghlaim ó mháistir na Mumhan

Labhair imreoir óg na hÉireann Joey Carbery le Tuairisc.ie faoina chaidreamh le Ronan O’Gara

‘Fíorlaoch é O’Gara’ – réalta óg Chúige Laighean ag foghlaim ó mháistir na Mumhan

Ronan O'Gara le Joey Carbery. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá sé admhaithe ag imreoir óg Chúige Laighean agus fhoireann na hÉireann Joey Carbery gur chuir laoch na Mumhan Ronan O’Gara comhairle a leasa air maidir le conas a bheith ar do shuaimhneas ar pháirc na himeartha.

Bhí O’Gara mar chuid d’fhoireann bainistíochta Joe Schmidt nuair a thug Éire aghaidh ar na Stáit Aontaithe i mí an Mheithimh agus é ina chóitseálaí scileanna. Cé gur blocáladh síos Carbery dhá uair sa chluiche in aghaidh na Stát Aontaithe, ní ar O’Gara a bhí an locht agus tá an fear óg an-mholtach faoi bhuntáistí an chaidrimh a d’fhás idir é féin agus an Corcaíoch le linn an turais.

“D’fhoghlaim mé an-chuid uaidh,” a dúirt Carbery agus geansaí nua fhoireann na hÉireann á sheoladh.

“D’fhoghlaim mé conas (ciceáil) ‘spiral’ a dhéanamh, agus is ag foghlaim ón duine is fearr a bhí mé. Bhí sé iontach fiú suí síos i gcomhair cupán caife agus labhairt leis agus cúpla scéal a fháil uaidh. Fear fíordheas atá ann chomh maith le bheith ag obair leis agus bhí an t-ádh ormsa an deis sin a fháil.”

Agus in ainneoin an dul chun cinn as cuimse atá déanta ag Carbery, luaigh sé go sonrach an chabhair mhór a thug O’Gara dó i dtaobh smacht a choimeád ort féin ar pháirc na himeartha. Bhí 22 bliain slánaithe ag O’Gara sular imir sé d’fhoireann na hÉireann. Bhí Carbery nach mór dhá bhliain níos óige nuair a chaith sé an geansaí glas den chéad uair i gcoinne na Nua-Shéalainne.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

“Chuir sé [O’Gara] an bhéim ar a bheith ar do shuaimhneas le linn an chluiche. Faoi láthair agus mé ag imirt, agus an iomarca rudaí éagsúla ag dul ar aghaidh, is é sin an ghné is tábhachtaí agus tú ag imirt ag uimhir a 10.

“Caithfidh tú smacht a bheith agat ort féin agus an leibhéal suaimhnis céanna a choimeád tríd an gcluiche ar fad. Tá sé tar éis an méid sin a chur abhaile go láidir orm. Fear maith atá ann agus is féidir leat labhairt leis agus tuigim gur féidir liom téacs a sheoladh chuige chun ceist ar bith a chur air.”

“Bhí a fhios ag gach aon duine faoi (O’Gara) agus iad ag fás aníos, sa Nua-Shéalainn féin fiú, agus thug sé spreagadh dom. Tá taithí aige ar gach aon ní. Tá an oiread sin buaite aige agus fíorlaoch atá ann.”

Dúirt Carbery gur fhoghlaim sé ón drochthaispeántas a thug sé uaidh i gcoinne na Stát Aontaithe, agus le cabhair O’Gara, foghlaimeoidh sé a thuilleadh sula mbeidh deis aige seilbh a ghlacadh ar gheansaí uimhir a 10 na hÉireann.

Fág freagra ar '‘Fíorlaoch é O’Gara’ – réalta óg Chúige Laighean ag foghlaim ó mháistir na Mumhan'