Nach iontach an dream iad. Nocht díospóireachtaí teilifíse idir Tóraithe níos mó ná mar ba mhaith leis na rannpháirtithe a scaoileadh leis an bpobal. Ba iad na ráitis réamhullmhaithe an chuid ba lú dá dtaispeántais. Bhí an scáthán míthrócaireach. Naimhdeas, nimh agus ceangal na gcúig gcaol ag lucht an Bhreatimeachta chrua ar an bpáirtí. Tá na scoilteanna sa pháirtí follasach, iad á léiriú go laethúil le linn an chomórtais le theacht i gcomharbacht ar Boris Johnson.
Fuaireamar an t-uafás amach le deireanas faoi pháirtí Caomhach Shasana. Gabhaim pardún; le bheith cruinn sin é páirtí caomhach na Ríochta Aontaithe – an Páirtí Caomhach agus Aontachtach, más fíor. I bhfianaise an teidil bheadh sé réasúnta a cheapadh go mbeadh Tuaisceart Éireann faoi chaibidil ag an scuaine d’iarrthóirí a bhí sa tóir ar cheannaireacht na dTóraithe agus ar an bPríomh-Aireacht.
Ina theannta sin, i bhfianaise phrótacal Thuaisceart Éireann a bheith ina uirlis chogaidh ag rialtas Johnson in aghaidh an Aontais Eorpaigh le breis is bliain, bheadh sé loighciúil go mbeadh an Tuaisceart lárnach sa phlé. Sa mhullach air sin cheapfadh éinne go mbeadh imní ar ábhar Príomh-Aire go raibh réigiún díláraithe den Ríocht Aontaithe gan rialtas. Ach má bhí na hiarrthóirí buartha go raibh Stormont gan rialtas ó mhí Feabhra cheil siad go maith é.
An é nach raibh suim ag na hiarrthóirí sa Tuaisceart, gur chinn siad nach raibh suim ag na toghthóirí ann nó gur lú leis an dá dhream é ná an sioc? I dtoghchán an Tionóil ar an 5 Meitheamh fuair iarrthóir na gCaomhach i dTuaisceart Éireann 254 vóta; is léir nach mbeidh tionchar acu ar thoradh an chomórtais. Ba iad an 358 feisire parlaiminte de chuid na gCaomhach na vótóirí go dtí seo. Idir 180,000 agus 200,000 a bheidh i dteideal vótála as seo amach. Sin iad na baill den pháirtí atá cláraithe agus táille bhallraíochta íoctha acu Is ionann iadsan agus 0.3% de thoghthóirí na Ríochta Aontaithe.
De réir taighde a foilsíodh sa nuachtán The Guardian tá breis is ceathrar as deichniúr díobh os cionn 65 bliain d’aois. Tá os cionn leath díobh ina gcónaí i Londain agus i ndeisceart Shasana agus is den chine geal 97%. Is cosúil gur rogha idir fear ó mhionlach eitneach agus bean a bheidh acu. Lena gceart a thabhairt dóibh thogh siad beirt bhan cheana mar cheannairí-Príomh-Airí. Fógrófar an buaiteoir ar an 5 Meán Fómhair.
Sa díospóireacht deiridh ar an teilifís, ar ITV Dé Domhnaigh, sular chinn na Caomhaigh nach ndéanfaí a thuilleadh mar nárbh é a leas é na scoilteanna sa pháirtí a nochtadh don saol mór, bhí an cúigear a bhí fós sa rás tiomanta don Bhreatimeacht. Shílfeá, mar sin, go mbeadh smaointe ag gach duine acu faoi fhuascailt an aighnis i dtaca le prótacal Thuaisceart Éireann. Bheadh dul amú ort agus ní foláir nó go raibh díomá ar an DUP atá fós ag brath ar thionchar a gcairde san ERG, an brúghrúpa ar son an Bhreatimeachta chrua laistigh den pháirtí caomhach.
Cé is moite de Liz Truss a bheith ag déanamh gaisce go seasta as Bille an Phrótacail, an dréachtreachtaíocht a scriosfadh an prótacal agus a sháródh an conradh dlíthiúil leis an AE, ní raibh lá mairge ar éinne faoi Thuaisceart Éireann.
Dúirt Tom Tugendhat, a mheabhraigh do dhaoine gach re abairt a tháinig óna bhéal gurbh iarshaighdiúir é, go gcuirfeadh sé bille an phrótacail ar bhonn reachtúil. Nuair a cuireadh as an áireamh é bhí Truss agus Penny Mordaunt ag cuimilt meala leis le súil go bhfaigheadh siad sciar dá vótaí.
Staon Mordaunt ón vóta ag an dara céim de bhille an phrótacail agus thagair sí sa Pharlaimint an mhí seo caite d’aitheantas do ghrúpaí uile an Tuaiscirt. Thacaigh Kemi Badenoch go láidir le Breatimeacht agus mhaígh ar theilifís go raibh se ‘déanta’ agus gur chóir feasta ‘díriú ar na buntáistí a bhaineann leis’. Maítear go raibh Rishi Sunak i measc an bheagáin i rialtas Johnson a bhí in éadan bhille an phrótacail. Staon sé ón vóta dara céim agus b’fhearr leis comhaontú leis an mBruiséil; teastaíonn uaidh cogadh trádála a sheachaint.
Cuirfear dlús go hoifigiúil tráthnóna inniu leis an iomaíocht idir an bheirt a bheidh fágtha sa rás. Cé nach bhfuil ach líon an-bheag vótaí le fáil abhus is cosúil go dtabharfaidh an bheirt iarrthóirí cuairt ar Thuaisceart Éireann, sciuird thapa, is dócha. Ba chóir go ndíreodh sé sin a n-aird ar na fadhbanna in Stormont a gcaithfidh rialtas meath-nua a dhul i ngleic leo – cuid mhór acu i gcomhar le rialtas na hÉireann.
Athrú suntasach ó réimeas Boris Johnson a bheadh i gcomhoibriú le Baile Átha Cliath – má tharlaíonn sé. D’ainneoin neamhaird na n-iarrthóirí ar Thuaisceart Éireann beidh obair phráinneach le déanamh ar an gcaidreamh Angla-Éireannach chomh maith leis an gcaidreamh leis an móramh in Stormont ar thug rialtas Johnson an chluas bhodhar dóibh. Fíorchosaint ar Chomhaontú Aoine an Chéasta a bheadh ansin, murab ionann agus an cur i gcéill a bhí á spalpadh gur gá dlí idirnáisiúnta a shárú chun tacú leis an gComhaontú.
Fág freagra ar 'Fíorchosaint ar Chomhaontú Aoine an Chéasta a theastaíonn, ach is cuma leis na Tóraithe faoin Tuaisceart '