Fionntán De Brún ceaptha ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad

Deir Fionntán de Brún go bhfuil ‘lúcháir an domhain’ air an deis a fháil ‘cur le traidisiún rafar Ollscoil Mhá Nuad’

Fionntán De Brún ceaptha ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad

Tá Fionntán de Brún, léachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil Uladh, ceaptha ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Tiocfaidh de Brún i gcomharbacht ar an Ollamh Ruairí Ó hUiginn, a a bhí ina léachtóir ag de Brún féin agus é ina mhac léinn fochéime i mBéal Feirste.

Is as Béal Feirste é de Brún agus is i litríocht na hÉireann, stair chultúrtha na tíre, an Athbheochan, an béaloideas agus an scríbhneoireacht chruthaitheach is mó a chuireann sé spéis. Rinne sé dianstaidéar ar stair agus scéal na Gaeilge i mBéal Feirste agus tá toradh an staidéir sin le feiceáil i mbuantaispeántas atá i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich.

Dúirt de Brún le Tuairisc.ie go bhfuil “lúcháir an domhain” air an deis a bheith aige “cur le traidisiún rafar Ollscoil Mhá Nuad”.

“Tá foireann den chéad scoth ag Roinn na Gaeilge agus tá mé ag tnúth go mór le bheith ag obair leo. Thairis sin, is mór an onóir dom bheith ag teacht i gcomharbacht ar an Ollamh Ruairí Ó hUiginn, sárscoláire a bhí ina threoraí fial agam féin agus mé i mo mhac léinn fochéime i mBéal Feirste tráth.

“Is institiúid í Ollscoil Mhá Nuad a bhfuil aird ar leith aici ar na daonnachtaí agus tá Larionad na Gaeilge gairthe as pobal foghlaimeoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta a chothú go teann dícheallach. Ar na siocracha sin uilig, tá mé thar a bheith sásta go mbeidh faill agam cur le traidisiún a raibh meas agus urraim agam air riamh,” a dúirt sé.

Tá leabhar gearrscéalta scríofa ag de Brún agus tá úrscéal idir lámha aige i láthair na huaire. Bhuaigh an cnuasach gearrscéalta sin Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile gradam de chuid Oireachtas na Gaeilge in 2004.

Fág freagra ar 'Fionntán De Brún ceaptha ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad'

  • Réamonn Ó Ciaráin

    Fear léannta lách – Gura fada buan thú a Fhionntáin.

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Comhghairdeachas ó chroí leat, a Fhionntáin. Treaslaím fhéin is a mbaineann liom do ghradam leat.

  • Paddy Dwyer

    An-fear faighte ag Má Nuad. Bulaí fir a Fhionntáin!

  • Tomás Ó Ruairc

    Comhghairdeas leat a Fhionntáin!

  • nuala holloway

    Comhghairdeas a Fhionntáin !!