Finscéal a bhí sna Ceiltigh dar le húdar leabhair nua ach ní gá dúinn a fhocail a shlogadh

Ní hé gach duine a aontaíonn leis an méid atá le rá ag Simon Jenkins sa leabhar ‘The Celts: A Sceptical History’

Finscéal a bhí sna Ceiltigh dar le húdar leabhair nua ach ní gá dúinn a fhocail a shlogadh

Is mór i gceist againne Éireannaigh na Ceiltigh. Is breá linn a mhaíomh gur Ceiltigh muid féin, muintir na hAlban, muintir na Breataine Bige agus muintir na Briotáine,

Finscéal amach is amach atá ansin más cóir géilleadh do leabhar nua atá díreach foilsithe. The Celts: A Sceptical History an teideal atá ar an leabhar. Simon Jenkins a scríobh í agus is iad Profile Books na foilsitheoirí.

Ní raibh aon phobal, aon chine ná aon treibh faoi leith ann a bhféadfaí Ceiltigh a thabhairt orthu, a deir Jenkins. Ba iad na Gréagaigh a d’úsáid an focal Keltoi i dtosach, ar seisean. Barbaraigh a bhí i gceist acu.

Múineadh dhúinne go minic gur dream iontu féin a bhí sna Ceiltigh a tháinig anoir as lár na hEorpa agus a chuir faoi chois na daoine a fuair siad rompu. Níl aon ghlacadh ag Jenkins leis sin. Ní chítear dó go bhfuil aon chruthú air.

Tá an-bhéim curtha aigesean ar an gcaoi ar tháinig daoine aníos thar farraige as an Spáinn agus as an bPortaingéil. Bhí taisteal ar farraige i bhfad níba sciobtha ná turas ar an talamh. Aistear a thógfadh mí de shiúl cos d’fhéadfaí é dhéanamh in imeacht lae ar farraige.

Níor tháinig na daoine sin aníos in aon sruth leanúnach amháin ar ndóigh. Tá sé ag luí le réasún go rachadh cuid acu i dtír faoi bhealach agus go gcuirfeadh siad fúthu sa réigiún sin láithreach. Leanfadh dreamanna eile orthu ó thuaidh.

Teoiric í seo atá ag fear na scannán Bob Quinn le fada. Is iontach go deo an obair a rinne seisean ag cur feola ar chnámha na teoirice. Cuimhnigh ar na cláracha breátha teilifíse agus an leabhar a chuir sé ar fáil faoin téama Atlantean.

Ar cheart dhúinn aird a thabhairt ar Simon Jenkins? Is críonna an té a déarfadh. Ní bobaide ar bith é, sin cinnte. Tá lán seilp de leabhair scríofa aige. Bhí sé seal ina eagarthóir ar an Times agus tamall eile ina eagarthóir ar an Evening Standard. Bíonn colún aige sa nuachtán ar a dtugtar an Guardian.

Ní shin le rá gur cheart dúinn chuile fhocal atá scríofa aige faoi na Ceiltigh a shlogadh d’aon léim amháin. Tá léirmheas géar á dhéanamh ar a leabhar faoi láthair. Sciúradh na seanchuinneoige a fuair sí ó Simon Rodway atá ina léachtóir le Breatnais agus leis an léann Ceilteach in Ollscoil Aberystwyth.

Rud aisteach amháin faoin leabhar gur mó de stair Shasana, na Breataine Bige, na hAlban agus na hÉireann ná rud ar bith eile atá inti. Níor choinnigh Jenkins leis an téama faoi na Ceiltigh go hiomlán ar chor ar bith.

Más miotas é scéal na gCeilteach céard a chuir tús leis? Bhí baint ag an scoláire mór as an mBreatain Bheag Edward Lhwyd leis, a deir Jenkins. Bhí suim aigesean sna teangacha Ceilteacha, mar a thug sé orthu. De réir a chéile cuireadh leis an méid a bhí le rá aige. Tharla sé sa mBreatain Bheag, in Albain agus in Éirinn.

Ba cheart go mbeadh suim againne anseo i gConamara sa bhfear sin Edward Lhywyd (1660-1709). Bhíodh sé féin agus Ruairí ó Flaithearta as an bPáirc, sa Spidéal, ag scríobh chuig a chéile. Go deimhin thug sé cuairt ar Ruairí freisin.

Fág freagra ar 'Finscéal a bhí sna Ceiltigh dar le húdar leabhair nua ach ní gá dúinn a fhocail a shlogadh'