Fíneáil €1.2 billiún gearrtha ar Facebook as rialacha príobháideachais a shárú

Tá an fíneáil a ghearr An Coimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar an gceann is mó a gearradh riamh ar aon dream as sárú a dhéanamh ar reachtaíocht cosaint sonraí an AE

Fíneáil €1.2 billiún gearrtha ar Facebook as rialacha príobháideachais a shárú

Tá fíneáil €1.2 billiún gearrtha ar Facebook as mí-láimhseáil a dhéanamh ar shonraí daoine, sonraí a bhí á n-aistriú ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá an fíneáil a ghearr An Coimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar an gceann is mó a gearradh riamh ar aon dream as sárú a dhéanamh ar reachtaíocht cosanta sonraí an AE.

Ordaíodh chomh maith do Meta, an comhlacht ar leo Facebook, stop a chur le haistriú sonraí idir an tAE agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar feadh tréimhse cúig mhí. Sé mhí a tugadh don chomhlacht deireadh a chur le próiseáil agus stóráil a dhéanamh i Meiriceá ar shonraí daoine san Eoraip.

Baineann an sárú ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) le Facebook amháin agus ní le hardáin eile Meta amhail WhatsApp agus Instagram.

Faoi na rialacha GDPR ní mór do chomhlachtaí cead daoine a fháil sula ndéantar a gcuid sonraí a aistriú.

Seo an séú huair gur ghearr An Coimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn fíneáil ar Meta agus €2.5 milliún ar fad atá gearrtha anois ag an gcoimisiún ar an gcomhlacht.

Meastar go ndéanfaidh Meta achomharc sna cúirteanna in aghaidh na fíneála is déanaí mar a dheineadar sna cásanna eile.

Fuarthas in iniúchadh an Choimisiúin gur sháraigh Meta Ireland an GDPR nuair a lean siad orthu ag aistriú sonraí daoine ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá in ainneoin gur rialaíodh sa chúirt is airde san AE nach raibh  a leithéid cuí.

Dúirt Meta gur cinneadh “lochtach” nach raibh “aon údar” leis a bhí i gcinneadh an Choimisinéara Cosanta Sonraí, Helen Dixon.

Fág freagra ar 'Fíneáil €1.2 billiún gearrtha ar Facebook as rialacha príobháideachais a shárú'