Réabhlóid i gcúrsaí póilíneachta ab ea bunú an PSNI. Tháinig Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann i gcomharbacht ar an RUC, an fórsa conspóideach a chonacthas mar chosantóir ar chumhacht na n-aontachtach.
Tá claochlú iomlán déanta ar phóilíneacht an Tuaiscirt sna fiche bliain sin, go leor le moladh faoin PSNI i gcomparáid lena réamhtheachtaí ach níl sí gan locht ná easnamh.
Is minic ceisteanna faoi chumas na seirbhíse i dtaca le coireanna ar leith, amhras faoi chultúr na hinstitiúide, fadhbanna faoi chomhdhéanamh na ballraíochta ar bhonn inscne, cine, cúlra sóisialta agus polaitíochta. Ina dteannta sin ar fad is laincis ar an PSNI í oidhreacht na dtrioblóidí agus na fiosruithe ar ‘choireanna stairiúla’. Is mithid athbhreithniú a ordú chun barr feabhais a chur ar na gnéithe atá inmholta agus na laigí a chur ina gceart.
Nuair a sheol ceannasaíocht na bPóilíní feachtas earcaíochta an tseachtain seo le haghaidh a lá breithe bhí orthu díriú ar laige shonrach a bhfuil sé ag cliseadh orthu í a chur ina ceart – easpa Caitliceach ar an bhfoireann. Leag gach feachtas earcaíochta le cúig bliana béim ar mhian na bpóilíní a thuilleadh iarratas a fháil ón bpobal Caitliceach. Is cosúil gur saothar in aisce a bhí ann.
Leag Coimisiún Patten síos múnla do phóilíneacht ar bhonn cearta daonna a bheadh ionadaíoch ar an dá thraidisiún i dTuaisceart Éireann agus a thuillfeadh muinín is tacaíocht ó gach aicme. Ó bhí líon na ndaoine ó chúlra náisiúnach nó Caitliceach san RUC an-íseal (8%), shocraigh Coimisiún Patten gur ghá idirdhealú dearfach chun líon na gCaitliceach sna póilíní a mhéadú le bheith i gcomhréir leis an sciar den daonra. Faoin gcóras sin dheinfí earcaíocht 50:50 mar a tugadh air, an líon céanna Caitliceach agus Protastúnach.
Bhí aontachtaithe dubh dóite in éadan an chleachtais, iad ag maíomh gur éagóir ab ea an t-idirdhealú dearfach. D’éirigh lena bhfeachtas ina choinne agus tar éis deich mbliana chuir an Státrúnaí Owen Patterson stop leis in 2011 nuair ba Chaitlicigh iad 32% den fhórsa.
Tá an líon sin níos ísle ná an sciar den daonra. Thairis sin deir an PSNI go bhfuil ag teip orthu an céatadán sin a bhuanú. Bíonn ceannairí na bpóilíní go seasta ag tathant ar pholaiteoirí agus ceannairí eaglasta Caitlicigh óga a ghríosú le dhul san PSNI ach seans nach é sin freagra na ceiste.
Rinneadh dianfheachtas chun Caitlicigh a earcú an uair dheiridh ach bhí líon na gCaitliceach a ceapadh an-íseal. As 193 a glacadh isteach anuraidh ba Phrotastúnaigh iad 144 (75%) díobh agus Caitlicigh 46 (24%). I measc na n-iarrthóirí ba Phrotastúnaigh iad 66% agus Caitlicigh 31%. Léiríonn an difríocht idir na figiúirí d’iarrthóirí agus daoine a nglactar leo go dtarlaíonn rud éigin idir an dá chéim a chuireann daoine ó dhoras.
Ar ndóigh nílim ag rá go mbeadh gach duine a chuireann isteach ar phost/cúrsa oiliúna i dteideal ceapacháin ach deir na póilíní go dtarraingíonn daoine amach as an bpróiseas ag an nóiméad deiridh. Deir roinnt comhaltaí gur drochphá is cúis leis agus ní féidir é sin a chur as an áireamh ós cosúil go bhfuil daoine imithe sna póilíní in Albain agus i Sasana mar a bhfuil an pá níos airde.
Tá a fhios go mbíonn drogall ar dhaoine a dhul san PSNI mar gheall ar an gcontúirt d’oifigigh Chaitliceacha ó easaontóirí poblachtánacha. Ní léir ach an oiread go bhfaigheann Caitlicigh na postanna sinsearacha.
Sin ceann de na ceisteanna faoi chultúr an PSNI. É sin agus conas a chaitear le mná ar an bhfoireann, ní áirím easpa iolrachais – ganntanas daoine ó chúlra eitneach mionlaigh. Seirbhís an-gheal is ea an PSNI, cáilíocht a bhí soiléir anuraidh nuair a chuaigh siad thar fóir ag gearradh fíneálacha ar dhaoine a bhí ar agóidí Black Lives Matter. B’éigean na fíneálacha a chealú agus leithscéal a ghabháil.
Ó bunaíodh an tSeirbhís tá oifigigh shinsearacha ag rá nár cheart freagracht a bheith ar an PSNI as fiosruithe ar choireanna stairiúla. Ní thugtar buiséad sásúil dóibh don ngnó sin ach thairis sin is cupán nimhe é. Deir dream amháin go bhfuil na fiosruithe claonta ina n-aghaidh siúd agus dream eile go bhfuil fórsaí stáit, an RUC go háirithe, á gcosaint ag an PSNI.
Is minic a chothaíonn cur chuige an PSNI amhras, iad ag diúltú comhaid a chur ar fáil le haghaidh cásanna cúirte nó ag cur moille orthu. Chothaigh a leagan amach i leith shléacht Loch an Oileáin míshuaimhneas agus droch-cháil nuair a chuaigh siad sa tóir ar lucht déanta an scannáin No Stone Unturned in ionad a n-aird a dhíriú ar na hamhrastaigh.
Ba mhór ab fhiú scrúdú neamhspleách a dhéanamh ar na laigí sin agus go leor eile a bhaineann le trealamh, nósanna oibre, tosaíochtaí agus a bheith i láthair ar na sráideanna, go háirithe sna ceantair is mó ina mbíonn mionchoiriúlacht. Níor mhiste freisin a chinntiú go gcuirfí comhairle ar an bPríomh-Chonstábla ionas nach gcuirfeadh sé a chos ann mar atá déanta rómhinic ag Simon Byrne. Ar an láimh eile tugaimis creidiúint dóibh as a sár-obair ar fheachtais in éadan an fhoréigin ag baile agus as muinín sa phóilíneacht a bheith méadaithe acu ar dhá thaobh na deighilte – an chuid is mó den am.
Mar a dúirt an té a dúirt, go leor déanta, a thuilleadh le déanamh.
Fág freagra ar 'Fiche bliain tar éis a bunaithe cé mar atá ag éirí leis an PSNI?'